Tuarascáil Sainghrúpa ar an gCreat Pleanála Náisiúnta Foilsithe
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, roimh fhoilsiú Thuarascáil an tSainghrúpa i ndáil leis an gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta (CNP).
Bunaíodh an Grúpa Saineolaithe, ar a bhfuil triúr saineolaithe neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar phleanáil spásúlachta, ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus ar chosaint an chomhshaoil, i mí an Mhárta 2023. D’iarr an tAire ar an nGrúpa Saineolaithe forbhreathnú ardleibhéil a sholáthar ar an CNP, a foilsíodh i 2018, agus nithe a aithint atá le breithniú sa chéad athbhreithniú reachtúil ar an CNP.
Chuir an Rialtas tús foirmiúil leis an bpróiseas chun tabhairt faoin gCéad Athbhreithniú ar an CNP i mí an Mheithimh 2023, agus tá an próiseas le bheith críochnaithe i mí Aibreáin 2024.
Thug Tuarascáil an tSainghrúpa achoimre gur cheart d’Athbhreithniú an CNP cur le straitéis reatha an CNP agus í a neartú ar thrí bhealach leathan:
• ba cheart go mbeadh spriocanna fáis dlútha níos uaillmhianaí agus sainithe níos soiléire
• ba cheart róil na gcomhlachtaí a bhfuil baint acu lena chur chun feidhme a shoiléiriú agus a neartú (go háirithe maidir le Pleananna Straitéiseacha an Limistéir Uirbigh) agus meicníochtaí a chur i bhfeidhm chun a dhul chun cinn a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh ar bhealach níos mionsonraithe; agus
• ba cheart go mbeadh comhordú níos fearr ag leibhéal an rialtais iomláin ar fud na dtionscadal bonneagair go léir (lena n-áirítear an Plean Forbartha Náisiúnta) agus go ndéanfaí iarrachtaí nua chun tacaíocht níos leithne a ghiniúint don phleanáil spásúlachta náisiúnta ar fud na sochaí ar fad.
Tá trí mholadh déag curtha chun suntais sa Tuarascáil, atá catagóirithe go ginearálta faoi na ceannteidil seo a leanas:
• Straitéis Lonnaíochta agus Fás Dlúth
• Infheistíocht agus Beartú Tosaíochta
• Cur i bhFeidhm agus Faireachán
• Bearta Tacaíochta do Phleanáil Spásúlachta Náisiúnta; agus
• Moltaí Ilghnéitheacha
Agus é ag fáiltiú roimh an tuarascáil dúirt an tAire O’Brien an méid seo a leanas:
“Is comhartha tábhachtach í an Tuarascáil seo sa Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta agus tugann sé soiléireacht ar cad ba cheart a bheith mar príomhchúram don athbhreithniú seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an tSainghrúpa as a rannchuidiú luachmhar, a saineolas agus a dtiomantas leis an gcorpas oibre seo.
“Tá moltaí an tSainghrúpa á mbreithniú agam go cúramach, mar go dtugann an próiseas athbhreithnithe deis chun an clár oibre náisiúnta um bheartas pleanála a fhorbairt chun fás agus forbairt na hÉireann a mhúnlú sna blianta amach romhainn.”
Leag an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Kieran O’Donnell, béim ar luach na tuarascála don phróiseas athbhreithnithe:
“Agus an Tuarascáil seo á cur i gcrích, tá athbhreithniú cuimsitheach déanta ag comhaltaí an tSainghrúpa a bheidh lárnach chun eolas a chur ar fáil don díospóireacht agus don phlé le príomhghrúpaí páirtithe leasmhara a bunaíodh go sonrach don phróiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear an Fóram Comhairleach Pleanála athghairmthe. Táim ag tnúth le dul i mbun caidrimh le comhaltaí an Fhóraim ar thuarascáil an tSainghrúpa agus dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas athbhreithnithe sna seachtainí atá romhainn.”
Chuir an Sainghrúpa a dTuarascáil faoi bhráid an Aire O’Brien ar an 16 Lúnasa 2023 agus beidh sé mar bhonn eolais anois le hullmhú ‘Páipéar Saincheisteanna’ atá á fhorbairt faoi láthair le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.
Beidh an próiseas seo mar bhonn eolais freisin le hullmhú an dréacht-Athbhreithnithe CNP, a bheidh faoi réir rannpháirtíocht an Oireachtais agus iniúchadh ag Comhchoiste an Oireachtais. Foilseofar an dréacht-athbhreithniú le haghaidh comhairliúcháin i mí na Nollag 2023.
Beidh gach faisnéis ábhartha a bhaineann leis an athbhreithniú ar fáil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe, inrochtana ag www.npf.ie.