Conradh 1921 – Taifid ón gCartlann ar taispeáint i dTiobraid Árann tar éis trí mhí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921
Osclófar Conradh 1921: Taifid ón gCartlann in Source Arts Centre, Bóthar na hArdeaglaise, Durlas ar an 3 Bealtaine, áit a mbeidh sé ar taispeáint go dtí an 31 Bealtaine. Tagann sé seo i ndiaidh taispeántais trí mhí ar éirigh thar barr leis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath áit ar cuireadh an Conradh Angla-Éireannach 1921 ar taispeáint go poiblí den chéad uair. Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921
Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí, le taifid ó bhailiúcháin na Cartlainne Míleata agus Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ta turas fíorúil ar fáil chomh maith ar www.nationalarchives.ie
Tá an Conradh Angla-Éireannach ar cheann de na doiciméid stairiúla is suntasaí atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta. Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta taispeántas i láthair a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. Léiríonn Taifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna Éireannacha agus Briotanacha den Chonradh.
Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saol a chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith shamhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.
Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh ag druidim le síniú an Chonartha díreach tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Mar Aire le freagracht as Clár Comórtha an Stáit, táim tiomanta go ndéanfar an tréimhse chasta seo dár gcuid staire a chomóradh ar bhealach cuí agus fiúntach. Tá lúcháir orm mar sin go bhfuil an taispeántas tábhachtach seo a dhéanann comóradh ar idirbheartaíocht an Chonartha agus síniú deiridh an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1921, ag dul ar camchuairt réigiúnach ag tabhairt deis do dhaoine ar fud na tíre a dtuiscint ar an tréimhse seo inár gcuid staire a fhorbairt trí thaifid bhunaidh a choinnítear i mbailiúcháin an Chartlann Náisiúnta. Tugann an taispeántas seans do gach duine a thugann cuairt air machnamh níos fearr a dhéanamh ar na cinntí deacra a rinneadh ag an am sin.”
Dúirt Joe MacGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Thiobraid Árann:
“Tá lúcháir ar Chomhairle Chontae Thiobraid Árann go bhfuil de phlibhléid againn ‘An Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann’ curtha i láthair ag an gCartlann Náisiúnta mar chuid dá camchuairt náisiúnta, a óstáil. Mar chontae a raibh ról lárnach aige i gCogadh na Saoirse, tá an-áthas ar Thiobraid Árann fáilte a chur roimh an taispeántas seo a dhéanann comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh a chuir deireadh leis an gcogadh sin, agus a chuir tús le bunú dúshlánach Shaorstát Éireann. Cuirfidh Cartlann, Leabharlanna agus Seirbhísí Oidhreachta na Comhairle leis an taispeántas trí chartlanna agus déantáin áitiúla a bhaineann leis an tréimhse a thaispeáint agus cuirfidh siad rannpháirtíocht an phobail chun cinn i measc daltaí scoile, an phobail taighde, agus mhuintir Thiobraid Árann. Tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh i gcur ar fáil an taispeántas thábhachtaigh seo do chách.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Tá an-áthas orainn an taispeántas seo a thabhairt ar camchuairt go Tiobraid Árann. Tugtar léargas níos fearr ná riamh ar dhaonnacht idirbheartaíocht an Chonartha sa taispeántas seo trína raon leathan doiciméad, grianghraf agus nuachtscannán agus déantar é sin ar bhealach a thaispeánann na scéalta pearsanta, na pearsantachtaí, an teannas, an dóchas agus an t-easaontas go léir a bhí ann. Cuireann sé go mór lenár dtuiscint ar cheann de na seachtainí is tábhachtaí i stair na tíre.”
Tá sé saor in aisce dul isteach chuig an taispeántas.
Murar féidir leat freastal ar an taispeántas, tá turas fíorúil ar fáil ar líne freisin ar www.nationalarchives.ie
Cuirfear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Eolas faoin taispeántas:
Dátaí: 3-31 Bealtaine 2022
Uaireanta Oscailte: 10-4 i.n. Luan go hAoine
Áit: Source Arts Centre, Bóthar na hArdeaglaise, Durlas, Tiobraid Árann
Cead isteach saor in aisce