An tAire O’Donovan ar cuairt i mBeanntraí chun na chéad chéimeanna eile i Scéim Faoisimh Tuilte an bhaile a phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., cuairt ar Bheanntraí inniu, áit ar bhuail sé le cónaitheoirí agus úinéirí gnó ar an mbaile agus chuala sé féin faoin méid damáiste a rinne tuilte le linn Stoirm Barra an tseachtain seo caite. Phléigh an tAire freisin pleananna an Rialtais maidir le Scéim Faoisimh Tuilte Bheanntraí le hArdmhéara Chontae Chorcaí, Gillian Coughlan, an Teachta Micheál Ó Coileáin agus an Teachta Christopher O’Sullivan, Seanadóirí agus comhairleoirí áitiúla, oifigigh ó Chomhairle Chontae Chorcaí agus ionadaithe an OOP.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tar éis dom an damáiste a rinne tuilte i mBeanntraí i mí Lúnasa na bliana seo caite a fheiceáil, tuigim cé chomh tubaisteach is atá an damáiste a rinne Stoirm Barra le déanaí d’úinéirí gnó agus cónaitheoirí áitiúla ar an gcé, timpeall Chearnóg Wolfe Tone agus ar an tSráid Nua. Ba mhaith liom arís moladh a thabhairt dóibh siúd a chabhraigh le linn na dtuilte seo. Ba mhaith liom, ach go háirithe, mo bhuíochas a chur in iúl do Sheirbhísí Dóiteáin Chontae Chorcaí agus d’fhoireann uile Oifig an Cheantair Áitiúil de chuid na Comhairle a d’oibrigh go dian dícheallach agus a raibh ról ríthábhachtach acu i mbainistiú na dtuilte seo de thoradh na bhfoláireamh aimsire agus taoide a d’eisigh Met. Éireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí.”
Dúirt an tAire freisin:
“I mí Mheán Fómhair, d’fhógair mé go raibh maoiniú iomlán de €140,000 ceadaithe do Chomhairle Chontae Chorcaí faoi Scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte agus Cosaint an Chósta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí chun oibreacha eatramhacha a chur chun cinn a mhaolóidh tuilte amach anseo go dtí go gcuirfear oibreacha ar an lintéar agus Scéim Faoisimh Tuilte Bheanntraí i gcrích.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair go dlúth le Comhairle Chontae Chorcaí, ag cur comhairle theicniúil agus maoinithe ar fáil chun dearadh agus tógáil Scéim Faoisimh Tuilte Bheanntraí a chur chun cinn chun timpeall 198 réadmhaoin a chosaint. Beidh cosaintí abhann agus taoide i gceist sa scéim. Creidim go bhfuiltear ag súil go gceapfar Comhairleoirí Innealtóireachta agus Timpeallachta sna seachtainí atá romhainn ionas gur féidir tús a chur le dearadh na scéime i gcomhairle le comhlachtaí reachtúla agus neamhreachtúla agus leis an bpobal.”
Thug an tAire O’Donovan le fios a thábhachtaí is atá sé go dtapódh páirtithe leasmhara an deis ionchur a bheith acu i bhforbairt na scéime. Tá Scéim Faoisimh Tuilte Bheanntraí ar cheann de thart ar 150 scéim inmharthana a bhfuil sé geallta ag an Rialtas go dtabharfar maoiniú dóibh trí infheistíocht €1.3 billiún i mbainistíocht riosca tuilte thar thréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta go dtí 2030.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works