Cuireann O’Brien fáilte roimh fhigiúirí nua a léiríonn go bhfuil méadú ar Thógáil Tithe
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn na staitisticí is déanaí gur tosaíodh ar 3,203 aonad cónaithe a thógáil i Meán Fómhair
D’fháiltigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darrgh O’Brien, roimh na sonraí is deireanaí maidir le Fógraí Tosaithe. Is léir ó fhigiúirí a eisíodh le déanaí go bhfuair Údaráis RialaitheTógála Fógraí Tógála do 3,203 aonad cónaithe i Meán Fómhair. Is méadú 48% é seo ar an líon a fuarthas i Lúnasa. Léiríonn na sonraí gur cuireadh tús le thart ar 21,000 aonad cónaithe idir Aibreán (nuair a athosclaíodh earnáil na tógála go hiomlán) agus Meán Fómhair. Fuarthas Fógraí Tosaithe do 24,225 aonad cónaithe ar an iomlán i mbliana.
Ina theannta sin, maidir le gníomhaíocht tógála, léiríonn na staitisticí is déanaí a foilsíodh ar gov.ie an méid seo a leanas:
• Is léir ó na sonraí is déanaí a bhaineann le Fógraí Tosaithe i mbliana go dtí Meán Fómhair na bliana 2021, gur cuireadh tús le 30,519 aonad cónaithe, méadú 40% bliain ar bhliain, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020.
• Fuarthas 581 Fógra Tosaithe d’fhorbairtí cónaithe i Meán Fómhair. Is méadú é seo ar an líon a fuarthas i Lúnasa, nuair a fuarthas 559 Fógra Tosaithe. Taispeánann na sonraí gur cuireadh tús le 6,324 aonad i mbliana go dtí Meán Fómhair 2021, méadú 23% bliain ar bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna go dtí Meán Fómhair 2020. Baineann Fógraí Tosaithe le haonaid aonuaire, aonaid atá i scéim, nó má dhéantar athrú úsáide ábharach ar áit chónaithe.
• Cuireadh in iúl go mbeadh tús á chur ar 3,203 aonad cónaithe i Meán Fómhair agus astu siúd, cuireadh tús le 485 aonad cónaithe aonair (aonuaire). Is méadú é seo ar an bhfigiúr 466, an méid iomlán a bhí ann do Lúnasa. Taispeánann na sonraí gur cuireadh tús le 5,243 aonad sa bhliain go dtí Meán Fómhair 2021, méadú 22% bliain ar bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna go dtí Meán Fómhair 2020.
• I Meán Fómhair ba é 2,484 líon na dtithe a cláraíodh leis an Scéim Banna Tí, méadú ar an 1,235 a bhí ann i Lúnasa. Is méadú 101% é seo ar líon na dtithe a cláraíodh i Lúnasa. Léiríonn na sonraí gur cláraíodh 15,316 teach sa bhliain 2021 go dtí Meán Fómhair, méadú 49% bliain ar bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020. Soláthraíonn an Scéim Banna Tí barántaí ar thithe nua. Is gnách go gclúdaíonn barántaí aon mhórlocht struchtúrach thar thréimhse deich mbliana. De ghnáth, eisítear clárúcháin mí amháin sula gcuirtear tús le hoibreacha ar an láithreán.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí is déanaí, dúirt an tAire O’Brien:
“Is léiriú iad na figiúirí seo ar mhéadú ar ghníomhaíocht tógála agus ba chóir go mbeidh méadú ar sholáthar tithe ann dá bharr. Tá sé seo ríthábhachtach ó thaobh freastal ar ár riachtanais tithíochta agus ó thaobh tithíocht inacmhainne – an aidhm atá le Tithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030. Tagann na sonraí seo i ndiaidh figiúirí a léirigh méadú i líon na dtithe nua a cuireadh i gcrích i Ráithe 2 i mbliana, suas 4.6% ar an bhfigiúr is déanaí ar féidir comparáid a dhéanamh leis in 2019. I Ráithe 2 chonacthas go raibh méadú ann maidir le gach cineál áite cónaithe a chur i gcrích. Chonacthas freisin go raibh méadú suntasach ann i líon na n-iarratas pleanála a deonaíodh, is é sin le rá os cionn 11,000.
“Tá sé mar aidhm ag Tithíocht do Chách, plean tithíochta nua an Rialtais, soláthar tithe a mhéadú ionas go dtógfar, ar an meán, 33,000 teach gach bliain go dtí 2030. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh méadú ar an soláthar tithe atá le ceannach nó atá ar cíos agus chun inacmhainneacht a fheabhsú. Tríd an gclár Tithíocht do Chách, déanfaidh an Rialtas an infheistíocht is mó atá déanta aige riamh i dtéarmaí tithíochta shóisialta agus tithíocht inacmhainne. Cuirfidh sé i bhfeidhm freisin réimse gníomhartha chun costais tógála a leaghdú, caighdeáin tógála a fheabhsú agus tacú leis an nuálaíocht agus an táirgiúlacht san earnáil tógála. Is eol dúinn go bhfuil dúshláin ann anois díreach maidir le tithe a thógáil, ar nós costais atá ag dul in airde agus deacrachtaí leis an slabhra soláthair, ach leanfaimid orainn ag díriú ar na bearta cearta chun an soláthar tithe a fhíorú.”
Deireadh