‘Wells and Wellbeing’ – leabhar nua lena ndéantar nasc idir eolaíocht agus traidisiún na dToibreacha Beannaithe in Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá toibreacha beannaithe ina ngné thábhachtach in Éirinn leis na céadta blianta anuas (agus leis na mílte blianta anuas, is dócha), agus tá siad ina láithreáin oilithreachta áitiúla agus béaloidis áitiúil a bhfuil tóir orthu fós. Mar sin féin, tá siad ina léiriú ar an screamhuisce a shreabhann faoi bhun an tírdhreacha freisin. I leabhar nua lándaite ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, mínítear an hidrigeolaíocht atá taobh thiar de na toibreacha naofa ar fud na tíre agus déantar nasc idir an traidisiún agus an eolaíocht ar bhealach atá éasca le tuiscint.
Scríobh Bruce Misstear, hidrigeolaí, 'Wells and Wellbeing – The Hydrogeology of Irish Holy Wells' chun tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar na foinsí uisce a fhreastalaíonn ar an líon mór toibreacha beannaithe in Éirinn, lena n-áirítear comhshuíomh ceimiceach na n-uiscí difriúla tobair.
Ag labhairt dó roimh an seoladh leabhair, dúirt Eamon Ryan, an tAire ar a bhfuil freagracht as Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Fáiltím roimh fhoilsiú an leabhair álainn seo ina mínítear an tuiscint eolaíoch reatha ar láithreáin atá ina n-áiteanna speisialta agus ina n-áiteanna ómóis do dhaoine leis na cianta anuas. De réir mar a théimid i ngleic le dúshláin ár n-aeráide agus ár gcomhshaoil a bhíonn ag athrú, is fiú go mór athmhuintearas a dhéanamh leis an talamh, leis na foinsí uisce agus lenár meas ar an Domhan."
Tá an leabhar roinnte ina cheithre chuid. I gcuid a haon, tugtar an cúlra le tús eolais ar thoibreacha beannaithe agus ar fhoinsí beannaithe uisce ar fud an domhain, sula dtugtar tús eolais don léitheoir i gcuid a dó ar thoibreacha beannaithe in Éirinn agus ar a suíomhanna geolaíocha agus hidrigeolaíocha. I gcuid a trí, imscrúdaítear comhdhéanamh ceimiceach na n-uiscí tobair bheannaithe agus breithnítear na naisc fhéideartha idir ceimic an uisce agus sláinte an duine, lena n-áirítear an líon mór leigheasanna a deirtear a bheith bainteach le toibreacha beannaithe. I gcuid a ceathair, breithnítear toibreacha beannaithe Éireannacha ón taobh reiligiúnach, cultúrtha agus pobail de agus breithnítear caomhnú na dtoibreacha sin le haghaidh na nglúnta atá le teacht.
Beidh an-tóir ar an leabhar ag an léitheoir ginearálta ag a bhfuil spéis san eolaíocht atá taobh thiar de thoibreacha beannaithe, agus táthar dóchasach go spreagfaidh sé sin spéis an léitheora i dtopaicí screamhuisce go ginearálta, lena n-áirítear nádúr agus tábhacht an screamhuisce don tsochaí. Tá 21 bhosca téacs ag gabháil leis an bpríomhthéacs. Tugtar mínithe i roinnt mhaith díobh ar thopaicí teicniúla amhail an sreabhadh screamhuisce nó conas tobar a shampláil.
Beidh spéis ag eolaithe agus ag innealtóirí freisin sa leabhar de bharr na sonraí atá istigh ann faoin hidrigeolaíocht Éireannach agus faoi na hanailísí agus na tátail a dhéantar. D’fhéadfadh freisin go ngnóthódh siad tuiscint níos fearr ar an líon toibreacha beannaithe atá ann ar fud na hÉireann, ar a bpátrúin agus ar a dtoibreacha.
Tá níos mó ná 200 grianghraf ann sa leabhar, mar aon lena lán léarscáileanna agus íomhánna eile.
Tá an leabhar foilsithe ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Tá €20.00 air agus tá sé ar fáil tríd an siopa leabhar ar líne a reáchtálann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
CRÍOCH
Tá an Dr Bruce Misstear ina Chomhalta Emeritus de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag teagasc na hidrigeolaíochta agus na hinnealtóireachta comhshaoil le breis agus 25 bliana anuas. Tá obair déanta aige ar thionscadail screamhuisce san Afraic, sa Mheánoirthear, san Áise, in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus tá sé ina údar nó ina chomhúdar ar 200 foilseachán, lena n-áirítear an téacsleabhar idirnáisiúnta dar teideal ‘Water Wells and Boreholes’. Ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2020, d’fhóin Bruce mar Ard-Rúnaí ar Chumann Idirnáisiúnta na Hidrigeolaithe.
Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. D’oibrigh baill foirne ón gClár Screamhuisce agus ón Aonad Cartagrafaíochta le Bruce Misstear chun an leabhar seo a chur le chéile.
Tá an leabhar foilsithe ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (2023). Is féidir an leabhar a cheannach trí Shiopa Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus is féidir é a cheannach thar an bhfón freisin le cárta creidmheasa nó le cárta dochair. Is féidir fiosruithe teileafóin a dhéanamh idir 9.30am agus 4pm ó Luan go hAoine ar +353 (01) 678 2896. D’fhéadfadh freisin go gcuirfí an leabhar ar fáil trí asraonta eile sa bhliain nua.
Is é 189970270-9 uimhir ISBN an leabhair.