Foclóir Mháirtín Uí Chadhain á fhoilsiú ar líne don chéad uair
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Os cionn 500,000 focal bailithe ag an scríbhneoir aitheanta
Idir 1937 agus 1946, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid An Gúm ag bailiú focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig An Gúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1,000 ceannfhocal.
Anuas ar sin, chuir sé samplaí ar fáil, bunaithe ar chaint bheo muintir na háite, mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid focal. Tugann na blúiríní beaga seo léargas dúinn ar ghnáthshaol na Gaeltachta trí shúile an mhórúdair, ar a bhfuil cáil ar a chuid úrscéalta agus gearrscéalta faoin saol i nGaeltacht Chonamara.
Tá foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, ag obair ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne le roinnt blianta anuas. Beidh an foclóir ar fáil ag focloiruichadhain.ria.ie ar an 18 Meitheamh 2021. Beidh sé ar fáil saor in aisce, agus is acmhainn thábhachtach é do seanchaithe, múinteoirí, scoláirí, taighdeoirí agus pobal na Gaeilge i gcoitinne.
Ag ócáid speisialta ar líne inniu, seolfaidh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers TD, Foclóir Mháirtín Uí Chadhain.
Ag labhairt dhó inniu, dúirt an tAire Stáit: “Tá saothar Mhairtín Uí Chadhain aitheanta mar chuid den litríocht Gaeilge is fearr sa 20ú aois. Tá a leabhar Cré na Cille ar cheann de na leabhair is tábhachtaí a scríobhadh sa teanga agus tá cáil air ar fud an domhain de bharr caighdeáin na scríbhneoireachta. Beidh an foclóir nua seo mar áis úsáideach do mhúinteoirí, scoláirí, scríbhneoirí agus do phobal na Gaeilge. Tugann an foclóir léargas dúinn ar Ghaeilge shaibhir na Gaillimhe agus ar shaol na Gaeltachta mar a bhí ag an am. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtarbharfaí tacaíocht don tionscnamh seo le go mbeidh an t-ábhar seo ar fáil do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Is tráthúil chomh maith é go bhfuil an chuid seo d’oidhreacht liteartha Uí Chadhain á foilsiú i mbliana agus muid ag comóradh a bháis caoga bliain ó shin.”
Tá an foclóir á fhoilsiú mar chuid den tionscadal taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge. Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil don Acadamh Ríoga na hÉireann, chun foclóir stairiúil a chruthú, a thabharfaidh léargas cuimsitheach ar bhrí agus úsáid na Gaeilge le linn na tréimhse c.1600-2000. Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscadal ar fáil ag https://www.ria.ie/research-projects/focloir-stairiuil-na-gaeilge .