Dearbhaíonn an tAire Donohoe go bhfanfaidh SFPF i bhfeidhm agus nach mbeidh aon athrú air do mhí Dheireadh Fómhair 2021
Ó An Roinn Airgeadais; Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Airgeadais; Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis chruinniú an Rialtais inniu (Dé Máirt), d’fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, T.D., nach mbeidh aon athrú ag teacht ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) do mhí Dheireadh Fómhair 2021.
Ciallaíonn sé seo go leanfaidh an SFPF ag feidhmiú ina chineál reatha i mí Dheireadh Fómhair 2021, ionas gur laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméirí é an príomhriachtanas incháilitheachta sa bhliain iomlán 2021 i gcomparáid leis an mbliain iomlán 2019. Beidh feidhm i gcónaí ag na rátaí feabhsaithe tacaíochta agus an ráta laghdaithe ÁSPC fostóirí do mhí Dheireadh Fómhair 2021.
Ní dhearnadh aon chinneadh fós maidir leis na paraiméadair oibríochtúla iomchuí do SFPF don chuid eile de Ráithe 4 2021 (Samhain agus Nollaig) agus maidir le síneadh ama thar dheireadh na bliana 2021 a chur leis. Tá an tAire ag smaoineamh ar réimse roghanna féideartha do thodhchaí SFPF agus leagfar amach socruithe dá leithéid ar Lá an Bhuiséid, an 12 Deireadh Fómhair 2021.
Cé gurb é beartas an Rialtais cur chuige tubaisteach i leith na scéimeanna tacaíochta a sheachaint, de réir mar a théann an téarnamh chun cinn, beidh sé riachtanach breithniú a dhéanamh ar an athchalabrú agus deireadh a chur de réir a chéile leis na scéimeanna tacaíochta sealadacha. Mar sin, agus mar a léiríodh roimhe seo, tá an tAire ag smaoineamh ar chalabrú cuí a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den SFPF.
Ag labhairt tar éis chruinniú Rialtais an lae inniu, dúirt an tAire
“Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas agus agam féin go minic nach gcuirfear deireadh go tobann le tacaíochtaí do ghnólachtaí. Tá roghanna éagsúla á mbreithniú agam faoi láthair maidir le todhchaí SFPF agus tá sé i gceist agam na socruithe iomlána a leagan amach ar Lá an Bhuiséid. Go dtí go ndéanfar na cinntí sin, tá áthas orm a fhógairt gur aontaigh an Rialtas inniu go leanfar leis an SFPF ina fhoirm reatha do mhí Dheireadh Fómhair, rud a thugann soiléireacht agus cinnteacht do ghnólachtaí”.
Nótaí