Fáilte curtha ag an Aire Ryan roimh bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí inniu maidir leis an bPlean Náisiúnta Maolaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an tAire um Ghníomhú ar son na hAeráide, Líonraí Cumarsáide agus Iompar, Éamon Ryan T.D., roimh bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí inniu maidir le comhlíontacht Phlean Náisiúnta Maolaithe 2017 leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015.
Dúirt an tAire Ryan:
“Fáiltím roimh bhreithiúnas na Cúirte agus déanaim comhghairdeas le Cairde Chomhshaol na hÉireann as an gcás tábhachtach seo a ghlacadh ar láimh. Tá sé suntasach go raibh gach duine de sheachtar breitheamh na Cúirte Uachtaraí ar aon intinn faoin mbreithiúnas. Léiríonn sé an tábhacht a bhaineann leis an athrú ar an aeráid mar dhúshlán eiseach don chine daonna.
“Rialaigh an Chúirt nach bhfuil an Plean Náisiúnta Maolaithe i gcomhlíontacht leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 mar ní leagtar amach sa Phlean conas a bhainfear amach an cuspóir náisiúnta aistrithe sochaí na hÉireann a dhícharbónú.
“Tá comhdhearcadh an-soiléir eolaíochta ann – ní mór dúinn astaíochtaí CO2 a laghdú ar a leath faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí carbóin de faoi 2050 chun a chinntiú go gcosnóimid ár bpláinéad agus ár dtír ar na héifeachtaí is déine a bhaineann leis an téamh domhanda.
“Leis an aistriú seo, tá deis ar leith ag muintir na hÉireann. Is féidir na mílte post glas dea-íoctha a chruthú, an comhshaol a fheabhsú ar son gach saoránaigh, agus a bheith ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí gaoithe, i gcúrsaí aigéin agus sa gheilleagar digiteach. Leis an bplean seo atá againn, beidh ár n-áiteanna cónaithe níos teo agus níos sláintiúla agus beidh ár sráideanna níos sábháilte agus níos deise. Beidh ár gcóras fuinnimh glan, slán, dúchasach.
“Ní mór dúinn buntáiste a bhreith ar an mbreithiúnas seo chun ár n-uaillmhianta a ardú, chun borradh a chur faoin ghníomhú againn, agus chun a chinntiú go mbíonn saol de cháilíocht níos fearr ar fáil do chách sa todhchaí chomhroinnte againn.”
Beidh ar an Roinn an breithiúnas a imscrúdú go cúramach agus machnamh a dhéanamh ar an himpleachtaí atá leis.
Ó foilsíodh Plean Náisiúnta Maolaithe 2017, d’fhoilsigh an Rialtas deireanach Plean 2019 um Ghníomhú ar son na hAeráide, atá ceaptha chun sprioc na hÉireann astaíochtaí carbóin a laghdú ar 30% faoi 2030 a bhaint amach.
Tá an Rialtas nua tiomanta do laghdú meánach 7% in aghaidh na bliana i dtaca le hastaíochtaí de gháis cheaptha teasa idir 2021 agus 2030, figiúr arb ionann é agus laghdú 51% sa deich mbliana atá amach romhainn. Tá an Rialtas tiomanta freisin chun a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí carbóin de faoi 2050.
Ceann de na príomhghnéithe a bhaineann leis an ngealltanas seo a chomhlíonadh ná sprioc 2050 a scríobh isteach sa dlí tríd an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide, a chuirfear faoi bhráid na Dála taobh istigh de 100 lá ó bunaíodh an rialtas seo.
Sainmhíneofar sa Bhille conas a shocrófar buiséid charbóin cúig bliana, agus ní mór do gach earnáil cur leis na hiarrachtaí an sprioc a bhaint amach trí athruithe beartais a chur i bhfeidhm. Aithnítear sa Chlár don Rialtas freisin go mbeidh comhairliúchán ceart, pleanáil shonraithe, meicníochtaí leordhóthanacha maidir le maoiniú agus dreasachtaí de dhíth sna straitéisí chun na laghduithe seo ar astaíochtaí a bhaint amach, agus chuige sin go bhfuil slí ann chun an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide a uasdátú ar bhonn bliantúil.
CRÍOCH