Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 16 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 54 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn:
Tá dhá bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn.
Tá 223 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu, Dé Luain an 16 Márta, agus rinne sí na cinntí seo a leanas:
D’iarr an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar gach tír inniu gach cás amhrasta de COVID-19 a thástáil. Tá tástáil á déanamh i gcúig láithreán ospidéil ar fud na tíre anois (in éineacht leis an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris). Méadófar an líon sin arís eile thar an tseachtain atá romhainn. Déanfar acmhainn bhreise saotharlainne a rochtain de réir mar is gá.
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Táimid ag obair go dlúth le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann chun bainistiú a dhéanamh ar an méadú tapa sa líon iarrataí ar thástáil. Má cheapann tú go bhfuil siomptóim COVID-19 ort, féinleithlisigh agus cuir glao ar do lia-chleachtóir ginearálta, a dhéanfaidh measúnú ansin ar an riachtanas atá agat le tástáil. Táimid ag iarraidh ar dhaoine bheith foighneach de réir mar a mhéadaímid an líon ball foirne agus ionad tástála atá againn ionas gur féidir linn freastal ar an riachtanas méadaithe le tástáil."
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Na hiompraíochtaí a ghlacfaimid thar an gcéad seacht lá eile, úsáidfear iad mar theimpléad don dóigh a gcuirfimid isteach ar leathadh an víris thar na míonna atá romhainn. Is gá dúinn scaradh sóisialta, dea-shláinteachas riospráide agus ár mbealaí nua iompraíochta a chothú má táimid chun an bhagairt a ghabhann le COVID-19 a íoslaghdú."
Léirítear i dtaighde a d’fhoilsigh Amárach inniu go bhfuil 84% den daonra ar an eolas faoi shiomptóim COVID-19, go mbíonn níos mó ná trí cheathrú (78%) den daonra ag fanacht sa bhaile níos minice anois ná roimhe seo agus gur thosaigh 45% de na fostaithe uile ag obair ón mbaile.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is fionnachtana an-dearfach iad seo agus is fianaise iad ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cuid mhór daoine ar fud na sochaí ar mhaithe lenár bpobail a chosaint. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná cur leis an móiminteam sin agus é a chothú thar na seachtainí atá le teacht."
CRÍOCH