Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar liosta na Stát ainmnithe - 27 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, go mbeartaíonn sé Stáit amháin eile a chur leis an liosta stát ainmnithe agus 23 a bhaint as an liosta.
Ní mór do dhaoine nach bhfuil cruthúnas bailí acu ar vacsaíniú * nó ar aisghabháil * a tháinig go hÉirinn tar éis a bheith istigh nó aistrithe trí Stáit ainmnithe sna 14 lá roimhe sin dul isteach i gCoraintín Éigeantach in Óstán.
Is í Eacuadór an tír bhreise atá le cur leis an liosta.
Beidh Eacuadór san áireamh go luath ar an gcóras áirithinte le haghaidh Coraintín Éigeantach in Óstán, le paisinéirí neamh-dhíolmhaithe ón Stát seo ag dul isteach i gcoraintín óstáin ag tosú ó 04.00 Dé Máirt, 31 Lúnasa. Tá tuilleadh faisnéise ar Coraintín Eigeantach in Óstáin ar fáil ag www.gov.ie/quarantine .
Chuir an tAire deireadh leis an mBanglaidéis, an Bhotsuáin, Cúba, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Eswatini, Fidsí, an tSeoirsia, an India, an Chasacstáin, an Mhalaeisia, Mósaimbíc, Maenmar, an Namaib, an Phacastáin, Paragua, an Rúis, an Afraic Theas, Suranam, Oileán na Tríonóide agus Tobága, An Túinéis, Uganda, Uragua, agus an tSiombáib ó liosta na Stát ainmnithe do Choraintín Éigeantach Óstán le héifeacht ón lá inniu i leith. Má tá tú ag taisteal go hÉirinn, ní mór duit Foirm Aimsithe Paisinéirí leictreonacha a chomhlánú sula n-imíonn tú.
Ní mór duit cruthúnas bailí iomchuí ar vacsaíniú nó aisghabháil a bheith agat, nó fianaise a chur i láthair ar thoradh diúltach RT-PCR ó thástáil a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig sula dtagann tú isteach sa tír. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.gov.ie/travel .
CRÍOCH
Tá liosta iomlán de na stáit Ainmnithe ar fáil anseo .
Má tá cruthúnas bailí vacsaínithe agat, beidh ort:
Le bheith vacsaínithe go hiomlán caithfidh tú fanacht an fhaid cheart tar éis an dáileog dheiridh den vacsaín atá formheasta ag EMA.
Sa tábla thíos leagtar amach cad is brí le vacsaíniú iomlán.
Cúrsa iomlán d'aon cheann de na vacsaíní seo a leanas: | Meastar go bhfuil sé vacsaínithe go hiomlán tar éis: |
2 dháileog de Vacsaín Pfizer-BioNtech: BNT162b2 (Comirnaty®) | 7 lá |
2 dháileog de Vacsaín Moderna:CX-024414 (Moderna®) | 14 lá |
2 dháileog de Vacsaín Oxford-AstraZeneca:ChAdOx1-SARS-COV-2 (Vaxzevria® or Covishield) | 15 lá |
1 dáileog de Vacsaín Johnson & Johnson /Janssen:Ad26.COV2-S [athchuingreach] (Janssen®) | 14 lá |
Má tá cruthúnas bailí agat gur ghnóthaigh tú ó COVID-19 mar shampla deimhniú aisghabhála nó toradh dearfach tástála PCR PCR a glacadh 11 lá ar a laghad agus nach mó ná 180 lá roimh theacht isteach sa Stát, beidh ort:
Mura bhfuil cruthúnas bailí agat ar vacsaíniú nó aisghabháil, beidh ort:
Ba cheart na rialacha eile go léir a bhaineann le taisteal a leanúint freisin, mar shampla an Fhoirm Aimsitheoir Paisinéirí ar líne a chomhlánú roimh ré, féin-coraintín / coraintín sa bhaile in imthosca áirithe srl. Ní ghlactar le tástálacha antaiginí chun dul isteach in Éirinn.