Réamhíocaíocht €15m faoi Bhliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., inniu go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoi bhliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach. Dheimhnigh an tAire gur ag 85% arís a bheidh an ráta don réamhíocaíocht. Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann, 2014-2020.
Dúirt an tAire Creed, “Táim sásta a dheimhniú go bhfuil €15 milliún ar an iomlán á eisiúint inniu chuig thart ar 18,500 feirmeoir, rud a thabharfaidh cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair, agus don earnáil caorach trí chéile.”
Dúirt an tAire freisin “Tugadh an scéim isteach chun tacú tuilleadh le hinbhuanaitheacht san earnáil caorach agus faoin scéim, baintear amach an gealltanas i ndáil leis sin sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta.
D'iarr an tAire ar fheirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a chur chuig an Roinn ar an bpointe chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh. Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Cuirfear tús leis an gceathrú bliain den Scéim sa bhliain nua agus beidh mo Roinn i dteagmháil le feirmeoirí go luath chun iad a chur ar an eolas faoi sin. Beidh deis ag iontrálaithe nua san earnáil iarratas a dhéanamh ar an scéim ag an am sin chomh maith.
CRÍOCH