Molann an tAire Heydon go mbeadh sábháilteacht mar thosaíocht an Nollaig seo agus san Athbhliain
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Martin Heydon T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, tar éis moladh go láidir do dhaoine a bhfuil baint acu leis an talmhaíocht leanúint le tosaíocht a thabhairt don tsábháilteacht agus iad ag obair thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.
Dúirt an tAire Heydon:
“Agus an bhliain ag teacht chun críche, is é anois an t-am do gach duine machnamh a dhéanamh ar 2023 agus measúnú a dhéanamh ar a n-ualach oibre agus a gcleachtais maidir le sábháilteacht, sláinte agus folláine iad féin agus daoine eile. Go dtí seo i mbliana, tá cúig theagmhas déag mharfacha deimhnithe ar fheirmeacha, ceann amháin san fhoraoiseacht agus dhá cheann san earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe. Cé gur laghdú é seo ar an meán de 22 teagmhas marfach in aghaidh na bliana san earnáil le deich mbliana anuas, is bás de bharraíocht é bás amháin.”
Mhol an tAire Heydon do gach feirmeoir smaoinigh ar na céimeanna is gá a ghlacadh chun a chinntiú gur áiteanna oibre sábháilte agus sláintiúil iad a gcuid feirmeacha.
Dúirt sé freisin:
“Mar fheirmeoirí, tá an-eolas againn ar an bhféilire feirmeoireachta, ach is minic nach smaoinímid ar an bhféilire riosca. Cuirfear tús leis an séasúr breithe lao agus uain agus go luath, agus ina dhiaidh sin beidh séasúr sadhlais sa samhradh agus ansin príomhthréimhse an fhómhair san fhómhar. Baineann sraith rioscaí ar leith leo ar fad. Deis atá ann anois smaoineamh chun cinn le bealaí a aimsiú chun an riosca sin a laghdú. Tá sé tábhachtach go gcuirfí socruithe i bhfeidhm i bhfad sula dtosaíonn na tréimhsí gnóthacha.”
Agus é ag cur an tábhacht a bhaineann leis an tsábháilteacht i gcuimhne d’fheirmeoirí breacaosta agus do dhaoine óga dúirt an tAire:
“Agus muid ag dul in aois, ní mór dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar ár n-oibríocht feirmeoireachta chun a chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh le feirmeoireacht a dhéanamh go sábháilte. Tá mé ag iarraidh ar fheirmeoirí breacaosta a chinntiú nach gcuirfidh a bhfiontraíocht feirmeoireachta agus a gcleachtais oibre iad i mbaol díobhála. Ní mór dúinn freisin sábháilteacht leanaí ar fheirmeacha a chur san áireamh, go háirithe le linn laethanta saoire na Nollag nuair a d’fhéadfadh níos mó daoine a bheith thar timpeall na feirme ná mar is gnách.”
D’iarr an tAire ar gach feirmeoir rún na hathbhliana a dhéanamh feirmeoireacht a dhéanamh go sábháilte agus gan dul sa seans riamh le rud ar bith a bhaineann le sábháilteacht. Ní bhaineann costas mór le bearta sábháilteachta seachas am agus diongbháilteacht.
Mhol an tAire do gach duine a bhfuil baint aige/aici leis na hearnálacha foraoiseachta, iascaireachta agus dobharshaothraithe athbhreithniú a dhéanamh ar a ráitis sábháilteachta agus a réamhchúraimí i bhfianaise na dtrí bhás a tharla sna hearnálacha seo i mbliana. Dúirt an tAire Heydon:
“Cé gur earnálacha ardriosca iad seo, ní gá dóibh a bheith baolach. Má dhéantar trealamh a choinneáil i ndea-bhail agus má dhéantar cinnte go bhfuil oiliúint leordhóthanach ar gach duine chomh maith le trealamh cosanta pearsanta cuí acu, is féidir an baol go dtarlóidh teagmhas a íoslaghdú. Ní mór smaoineamh ar an aimsir i gcónaí sula dtabharfar faoi obair mar d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag an aimsir ar an mbaol teagmhais.”
Guíonn an tAire Heydon Nollaig shona, shábháilte agus shíochánta agus gach rath don Athbhliain ar gach duine a oibríonn in earnáil na talmhaíochta agus ar a dteaghlaigh.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí maidir lenár líne chabhrach, tabhair cuairt ar www.gov.ie/farmsafety