Ráiteas comhpháirteach ón Aire Eamon Ryan agus ó Bhord Iascach Intíre Éireann (IFI) faoi fhoilsiú na Tuarascála faoi alt 18 den Acht um Iascach Intíre, 2010
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu an tuarascáil ar an athbhreithniú ar Bhord Iascach Intíre Éireann), ar sheol an tUas. Conleth Bradley SC é faoi alt 18 den Acht um Iascach Intíre, 2010.
Tháinig an foilsiú sna sála ar chruinniú idir comhaltaí Bhord IFI agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun na moltaí a rinneadh san athbhreithniú a phlé. Comhaontaíodh ag an gcruinniú go gcuirfeadh IFI na moltaí uile sa tuarascáil chun feidhme. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an tAire in ann muinín a bheith aige as an mBord as seo amach.
Cé gur chéim shuntasach a bhí i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 18, thug an tAire dá aire gurbh ábhair imní iad na nithe ba chúis leis an athbhreithniú, go bhfuil an tuarascáil í féin soiléir agus go raibh an t-athbhreithniú de dhíth.
Rinne an tOll. Frances Lucy, Cathaoirleach IFI, a dheimhniú thar ceann an Bhoird go n-aithníonn an Bord go bhfuil sa tuarascáil roinnt moltaí tábhachtacha atá bunaithe ar an athbhreithniú ón Uas. Bradley, arb é an toradh a bheidh ar é a chur chun feidhme ná go mbeidh athruithe dearfacha ann ar nósanna imeachta agus próisis an Bhoird chun feidhmiú éifeachtach feidhmeanna a neartú sa todhchaí.
D’fhormhuinigh an tAire agus an Bord cineál réamhbhreathnaitheach na moltaí go comhpháirteach, agus d’fháiltigh siad roimh an deis d’Iascach Intíre Éireann iad a chur chun feidhme agus dul ar aghaidh, agus eolas acu go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn.
Tá an Bord meáite ar dhul ar aghaidh go comhchoiteann, ag obair dó i gcomhar le Foireann Feidhmiúcháin agus foireann Iascach Intíre Éireann agus le tacaíocht ón Aire agus ón roinn, agus díriú comhtháite á leagan ar an acmhainn iascaigh intíre ina hiomláine a chaomhnú, a chosaint agus a fhorbairt.
Fáiltíonn Foireann Feidhmiúcháin Iascach Intíre Éireann roimh mholtaí na tuarascála agus glacann sí go hiomlán leo. Phléigh an Fhoireann Feidhmiúcháin na fionnachtana agus tá sí cíocrach le cabhrú leis an mbord na moltaí atá istigh inti a chur chun feidhme agus le tacú leis an mBord nua na próisis agus na nósanna imeachta a sainaithníodh sa tuarascáil a ghníomhachtú.