Seolann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an GCC gnáthchleachtadh éigeandála chun an fhreagairt náisiúnta d’éigeandáil núicléach thar lear a thástáil
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh cleachtadh oiliúna inné (Déardaoin an 29 Meán Fómhair) chun an fhreagairt náisiúnta d’éigeandáil núicléach a thástáil. Le linn an chleachtaidh, a cuireadh ar siúl san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí, cleachtadh na córais agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche chun a chinntiú go mbeidh an Rialtas agus gníomhaireachtaí Stáit ullmhaithe do bhainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an bhfreagairt do raon cásanna féideartha. Tá ríthábhacht ag baint leis na cleachtaí sin maidir lena chinntiú go mbeadh freagairt chomhordaithe ann d’éigeandálaí sa chás thar a bheith neamhdhóchúil go dtiocfadh siad chun cinn.
Sa Phlean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche, tugtar mionsonraí faoi phleanáil agus ullmhacht na hÉireann do fhreagairt náisiúnta do mhóréigeandáil núicléach. Leagtar amach ann na nithe a spreagfaidh cur chun feidhme an phlean, ar ina leith a bheadh sé riachtanach an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (GNCÉ) a thionól, agus é faoi chathaoirleacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Áirítear leo sin fógraí d’údaráis na hÉireann faoi éigeandálaí núicléacha nó raideolaíocha thar lear.
Cé go bhfuil sé thar a bheith neamhdhóchúil go dtiocfaidh teagmhas den chineál sin chun cinn, is eol don Rialtas an tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar theaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann, agus tá sé tiomanta dá chinntiú go n-íoslaghdófar aon rioscaí den sórt sin agus go dtabharfar aghaidh ar phleananna teagmhais.
Is ceanglas reachtúil é go n-eagraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) cleachtaí éigeandála núicléiche náisiúnta. Cuireadh an cleachtadh deireanach ar siúl sa bhliain 2017. Cuireadh tús le pleanáil le haghaidh an teagmhais sin anuraidh.
Tá na cleachtaí sin mar chuid de phleanáil thráthrialta stuama an Rialtais le haghaidh éigeandálaí náisiúnta, agus tagann siad sna sála ar chleachtaí a seoladh ní ba luaithe i mí Mheán Fómhair chun tástáil a dhéanamh ar an bhfreagairt do chur isteach hipitéiseach ar sholáthar fuinnimh na hÉireann.
CRÍOCH
Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) freagrach as an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar shócmhainn luachmhar do mhuintir na hÉireann. Cosnaíonn an ghníomhaireacht daoine agus an comhshaol ar éifeachtaí dochracha na radaíochta agus an truaillithe, agus comhlíonann sí príomhróil i rialáil comhshaoil a dhéanamh, in eolas a sholáthar agus i dtathant a dhéanamh ar son an chomhshaoil.
Ullmhaíodh an Plean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche ar aon dul le forálacha ullmhachta agus freagartha éigeandála Threoir 2013/59/Euratom ón gComhairle – Treoir Euratom maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta – agus tógann sé ar an bplean roimhe, ar thaithí ar an réimse sin agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Tá bonn reachtúil ag an bplean sin sna Rialacháin fán Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991 (Radaíocht Ianúcháin), 2019 – I.R. Uimh. 30 de 2019 – Rialachán 55. Is ceanglas reachtúil é (faoi I.R. Uimh 30 de 2019) go n-eagraíonn an GCC na cleachtaí sin.
Leagtar amach sa phlean na bearta le haghaidh freagairt náisiúnta do staid nochta éigeandála agus le haghaidh an aistrithe ina dhiaidh sin chuig staid bhainistithe nochta reatha. Foráiltear leis an bplean d’úsáid a bhaint as struchtúir bhunaithe an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (GNCÉ) mar fhreagairt d’aon teagmhas den sórt sin, agus leagtar amach ann na bearta cuí, na freagrachtaí cuí agus na nósanna imeachta cuí. Aithnítear sa phlean an ról a bheidh ag an GCC mar phríomhúdarás inniúil le haghaidh na freagartha do staid nochta éigeandála núicléiche nó raideolaíche.
Tá an plean ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.