Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 10 Feabhra 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 5,649 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR.
Ina theannta sin, ar an gCéadaoin 9 Feabhra, chláraigh 5,387* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 595 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 63 acusan in Aonad Dianchúraim.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.