Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar An Linn Dubh agus ar Chora Bhaile an Chollaigh, Corcaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), cuairt ar An Linn Dubh, Corcaigh, áit ar bhuail sé le hinnealtóirí OPW agus le daoine áitiúla ar láthair na Scéime um Fhaoiseamh Tuile ar Abhainn na Bríde.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Ón uair a ceapadh mé mar Aire um Oifig na nOibreacha Poiblí agus um Fhaoiseamh Tuile, tá sé mar thosaíocht agam gníomhú ar son daoine a chuaigh tuilú i bhfeidhm orthu. Táim fíorbhuartha maidir le Cathair Chorcaí. Is cathair í seo atá réidh um infheistíocht; tá mórchuid deiseanna agus dóchais don chathair seo agus sinn ag téarnamh as Covid. Ach tá fadhb mhór amháin ag bagairt ar an gcathair seo, go bhfuil sí faoi mhórphriacal tuile. Is cúram domsa an fhírinne lom a léiriú do mhuintir Chorcaí maidir leis an mórphriacal tuile sa chathair agus níl sé i gceist agam dalamullóg a chur ar dhaoine. Is aidhm dúinn faoiseamh a sholáthar dóibh siúd atá i mbaol tuile.”
Thosaigh Scéim um Fhaoiseamh Tuile na Linne Duibhe in 2013 – bliain tar éis do thuilte troma sa bhaile cur as do thart faoi 200 réadmhaoin. Cheap OPW, i dteannta le Comhairle Chathair Chorcaí, foireann ildisciplíneach tionscadail chun moltaí a réiteach um bainistiú an phriacail tuile i gCathair Chorcaí. Ba é an scéim a dréachtadh in 2018 is fearr a fhreagair don réimse iomlán critéar agus cuspóirí maidir le cosaint ar An Linn Dubh agus ar na háiteanna a bhí faoi phriacal, na ceantair ar fad a bhí faoi thuile in 2012 san áireamh.
Mhair an próiseas cúig bliana. Chuimsigh sé anailís leathan innealtóireachta agus comhshaoil; comhairliúchán poiblí; comhairliú le príomhpháirtithe leasmhara mar Iascaigh Intíre Éireann, Séadchomharthaí Náisiúnta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mar chuid den Measúnú Tionchair Comhshaoil; agus Taispeántas Poiblí. Ghníomhaigh an Fhoireann Tionscadail go forleathan le linn don scéim a bheith á forbairt, agus ach go háirithe leis an bpobal áitiúil, um a chinntiú go raibh riachtanais an phobail mar bhonn eolais le leagan amach na scéime. Scrúdaíodh iliomad réiteach éagsúla; mar shampla, ballaí a úsáid seachas lintéar boscach sa chainéal ag Cúirt an Úllghoirt. Ach bhí Coiste um Ghníomhú Tuile an Linne Duibhe ina choinne seo, maraon le mórán den phobal áitiúil agus cuid de na hionadaithe poiblí.
Tá mórán bearta suntasacha um maolú agus neartú comhshaoil sa scéim mar fhreagra ar cheisteanna comhshaoil. Deineadh mionscrúdú ar thionchair chomhshaoil nuair a bhí Tuarascáil um Measúnú Tionchair Chomhshaoil (EIAR) agus Ráiteas um Thionchar Natura (NIS) dá n-ullmhú faoin Treoir um Ghnáthóga. Dá éis sin, dhein an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Measúnú neamhspleách um Thionchar Comhshaoil ar an scéim roimh a faomhadh i mí Mhárta 2021.
Is cúis bróin go bhfuil ceadú an Aire do Scéim um Fhaoiseamh Tuile na Linne Duibhe anois faoi dhúshlán dlíthiúil. Tá OPW sásta i gcónaí gur tháinig an togra scéime atá ceadaithe anois trí phróiseas dian roghnaithe, chun a chinntiú gurb é an réiteach atá tugtha chun cinn an réiteach is fearr don Linn Dubh, agus aird cuí cothrom tugtha ar na srianta, tuairimí agus dearcaidh ar fad.
Is iad na húinéirí tí agus gnóthais sa phobal atá faoi phriacal tuile is mó a bheidh thíos leis mar gheall ar an dúshlán dlíthiúil seo. Cuirfidh an dúshlán seo moill ar réiteach ar phriacal tuile a bhfuil géarghá leis le blianta fada. Fiú mura n-éiríonn leis, féadfadh sé moill bliana a chur ar fheidhmiú na scéime. Rachadh an scéim atá beartaithe chun sochair nach mór 300 réadmhaoin agus gnóthas a bhfuil a mbeatha i mbaol; ní féidir le cuid mhór diobh árachas a fháil inniu mar gheall ar thuilte roimhe seo sa cheantar.
Tar éis dó An Linn Dubh a fhágáil, thug an tAire O’Donovan cuairt ar Bhaile an Chollaig, chun an cora scriosta ar Abhainn na Laoi a fheiceáil, in aice Pháirc Réigiúin Bhaile an Chollaig. Bhuail sé ansin leis an Ard-Mhéara nuathofa do Chathair Chorcaí, Colm Kelleher. Tá iarratais chuig OPW um chuidiú anseo, mar chuid de Scéim um Fhaoiseamh Tuile na Laoi Íochtaraigh. Cé nach bhfuil aon sochair hiodrálacha ón chora don scéim, déanfaidh OPW measúnú maidir le hoibreacha atá le déanamh ar an gcora a chuimsiú sa chonradh tógála don Scéim sin. Beidh na hoibreacha sin le measúnú maidir le ceisteanna pleanála, struchtúrtha, iascaigh agus oidhreachta cultúrtha; tá iarrtha ag Grúpa Stiúrtha na Laoi Íochtaraigh ar chomhairleoirí OPW na ceisteanna seo a athbhreithniú.
-CRÍOCH-