Foilsíonn an tAire Catherine Martin tuarascáil ar dhul chun cinn mholtaí Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
2020 ina raibh deich moladh chun cabhrú le téarnamh iar-phaindéimeach earnáil na n-ealaíon agus agus an chultúir.
Inniu (4ú Eanáir 2022), d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, roimh fhoilsiú tuarascála ón gCoiste Maoirseachta a bunaíodh chun breithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na moltaí a rinneadh i dTuarascáil “Saol is Fiú a Chaitheamh” ó Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir.
Aithnítear go forleathan go raibh tionchar COVID-19 ar earnáil na nEalaíon agus an Chultúir níos díobhálaí don earnáil, agus go mairfidh sé níos faide inti, ná i mbeagnach aon earnáil eile. Bhunaigh an tAire Martin Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir in 2020 mar fhreagra ar an bpaindéim, agus chun ardán a sholáthar do mholtaí dírithe ar réitigh chun an earnáil Ealaíon agus Cultúir a théarnamh.
Chuir an Grúpa Maoirseachta, a raibh sé de chúram air leibhéal chur i bhfeidhm mholtaí an Tascfhórsa a mheas, tuarascáil ar dhul chun cinn le chéile a leag amach torthaí na hoibre le 12 mhí anuas.
Dúirt an tAire Martin :
Nuair a bhuail mé leis an Tascfhórsa in 2020, chuaigh tiomantas na mball i bhfeidhm orm agus thuigeamar go léir cé chomh holc is atá cúrsaí in earnáil na nEalaíon agus an Chultúir. Tuigim cé chomh mór is atá an dúshlán agus níl aon dul amú orm faoin iliomad tosaíochtaí iomaíocha atá os comhair an Rialtais. Tugann an tiomantas agus an diongbháilteacht a léirigh an Grúpa Maoirseachta maidir le moltaí Thuarascáil an Tascfhórsa a chur chun cinn agus muid i lár paindéime domhanda muinín dom gur féidir le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir bláthú tar éis na paindéime.
Tá lúcháir orm gur éirigh linn freagra a thabhairt ar go leor de na moltaí a rinne an Tascfhórsa, agus breis agus 75% de na moltaí curtha i bhfeidhm cheana féin.
Go ginearálta, roinntear na moltaí faoi thrí théama:
Cuireadh 75% de na deich moladh a rinneadh i bhfeidhm, tá 21% ar siúl agus dúnadh 4%. Ba é an príomh-mholadh a bhí ag an tascfhórsa ná bunioncam a thabhairt isteach don scéim phíolótach ealaíon. Leithdháileadh €25m chun an scéim phíolótach seo, a dtugann an tAire Martin tús áit di, a bhunú in 2022. Tá obair shuntasach déanta chun é seo a bhaint amach mar thacaíocht phraiticiúil agus shuntasach d’Earnáil na nEalaíon agus an Chultúir agus reáchtáladh fóram na bpáirtithe leasmhara ar an 15 Nollaig chun eolas a dhéanamh do phríomhréimsí beartais na Scéime. Seolfar an Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona go luath sa bhliain 2022.
Dúirt Clare Duignan , atá ina cathaoirleach ar Thascfhórsa an Chultúir agus na nEalaíon:
Tá marthanacht, téarnamh agus inbhuanaitheacht na hearnála seo ag brath ar bheartas eacnamaíoch agus ar chinnteoireacht sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. D’aontaigh baill an tascfhórsa d’aon toil gur cheart dúinn tús áite a thabhairt do bhunú scéim phíolótach bunioncaim in earnáil na n-ealaíon, an chultúir, taibhithe closamhairc, taibhithe beo agus imeachtaí. Tá an cumas ag an scéim seo athruithe a thioscnamh maidir le hinbhuanaitheacht na hearnála.
Maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona, dúirt an tAire Martin :
Tá rún daingean agam a chinntiú nach ndéanann an phaindéim dochar buan d’earnáil na n-ealaíon agus go bhfuil an scéim phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh mar chuid den fhreagra lena chinntiú go dtiocfaidh na healaíona ar ais in Éirinn níos láidre ná riamh.
Is féidir an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn a íoslódáil anseo: