D’fhoilsigh an tAire O’Gorman tuarascáil Staid atá ar Pháistí an Náisiúin 2023
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an tuarascáil bhliantúil léargas cuimsitheach ar shaol leanaí in Éirinn agus is acmhainn í do lucht déanta beartas, do thaighdeoirí agus don tsochaí shibhialta
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman eagrán 2023 den tuarascáil ar Staid Leanaí an Náisiúin (SONC) inniu.
Soláthraíonn an tuarascáil pictiúr cuimsitheach de shaol ár bpáistí trí phríomheolas a chur i láthair ar thorthaí sláinte, iompraíochta agus oideachais leanaí chomh maith lena gcaidreamh lena dtuismitheoirí agus lena gcairde. Cuireann sí sonraí i láthair freisin ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí atá ar fáil do leanaí.
Soláthraíonn SONC na sonraí is cothroime le dáta ar Thacar Náisiúnta táscairí um Fholláine Leanaí, agus:
• cláraíonn sé folláine leanaí in Éirinn
• déanann sé rianú ar athruithe le himeacht ama
• déanann sé tagarmharcáil ar dhul chun cinn in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile
Úsáideann lucht déanta beartas, an pobal taighde agus an tsochaí shibhialta go forleathan SONC mar acmhainn, agus tá sé mar aidhm aige eolas a thabhairt do bheartas an Rialtais ar leanaí, daoine óga agus teaghlaigh. Tá tuarascálacha SONC úsáideach chun treochtaí maidir le folláine leanaí a rianú, cuireann siad sonraí ar fáil a thaispeánann dúinn cá bhfuil níos mó oibre le déanamh agus cuireann siad fianaise ar fáil dúinn faoin cá bhfuil dul chun cinn atá á dhéanamh.
I measc cuid de phríomhthorthaí na tuarascála tá:
• In 2023, meastar go raibh 1,255,738 leanbh ina gcónaí in Éirinn. B’ionann é seo agus 23.2% den daonra iomlán. Ina measc seo, bhí 55,716 faoi bhun bliana d’aois, laghdú ó 61,027 in 2022.
• Don bhliain réamhscoile 2022/23 bhí 108,616 leanbh cláraithe don ghlao cláir Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (COLÓ) is déanaí a tugadh chun críche faoi Chroímhaoiniú. Bhí 3,970 seirbhís ar conradh chun COLÓ a thairiscint in 2022/23.
• In 2021, tugadh cothú cíche do 61.7% de naíonáin nuair a scaoileadh saor ón ospidéal iad, méadú beag ó 61.3% in 2020.
• In 2022, scaoileadh 135,033 leanbh amach ón ospidéal, méadú ó 119,642 in 2021.
• In 2022, bhain leanaí 15 bliana d’aois in Éirinn meánscór de 516.0 amach ar scála litearthachta léitheoireachta an ECFE-PISA, rud a d’fhág gurbh iad na mic léinn Éireannacha is fearr a d’fheidhmigh sa litearthacht léitheoireachta i measc na 37 dtír san ECFE agus 26 tír an AE.
• In 2022, bhain leanaí 15 bliana d’aois in Éirinn meánscór 504 amach ar scála litearthachta eolaíochta an ECFE-PISA, méadú ó 496 in 2018.
• Sa scoilbhliain 2021/2022, bhí 40.3% de leanaí sa bhunscoil as láthair ar feadh níos mó ná 20 lá, méadú suntasach ó 11.1% in 2020/2021. Mar an gcéanna, bhí 26.8% de dhaltaí iar-bhunscoile as láthair ar feadh níos mó ná 20 lá, méadú ó 12.0% in 2020/2021.
• In 2022 R4, rinneadh 21,473 atreoraithe leasa agus cosanta leanaí chuig Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, méadú ó 19,580 in 2021.
• In 2021, rugadh 141 leanbh do mháithreacha a bhí idir 15-17 mbliana d’aois, laghdú ó 181 in 2020.
• In 2021, bhí 9 bhféinmharú i measc leanaí idir 10-17 mbliana d’aois, laghdú ó 13 in 2020.
• In 2022, measadh go raibh 15.2% de leanaí i mbaol bochtaineachta, méadú ó 13.6% in 2021, agus bhí bochtaineacht chomhsheasmhach i measc 7.5% de leanaí, suas ó 5.2% in 2021.
• In 2022, bhí 5,626 leanbh faoi chúram Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, síos ó 5,777 in 2021.
Nóta d’Eagarthóirí:
Foilsíodh an tuarascáil seo go débhliantúil ó 2006 agus go bliantúil ó 2020 i leith, agus ullmhaíonn an tAonad Sonraí agus Anailísíochta sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige í.
Ó 2020, tá athrú agus nuachóiriú déanta ag RLCMLÓ ar sheachadadh na tuarascála trí aistriú chuig leagan gréasáin, ina bhfuil naisc curtha ar fáil do na táblaí sonraí bunúsacha, i PxStat na Príomh-Oifige Staidrimh. Tá go leor buntáistí ag baint leis an bhformáid nua seo d’úsáideoirí, lena n-áirítear go mbíonn rochtain ag úsáideoirí i gcónaí ar an leagan is déanaí de na sonraí agus rochtain a bheith acu ar shonraí roimhe seo agus anailís bhreise ar na sonraí nach bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil. De réir Tionscnamh Sonraí Oscailte an Rialtais tá na sonraí ar fáil i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.