Cuireadh socrúcháin do mhic léinn altranais agus chnáimhseachas ar fionraí chun altraí agus cnáimhseacha cáilithe a ath-imlonnú chun tacú leis an bhfreagairt do COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá altraí agus cnáimhseacha cáilithe le scaoileadh ó mhaoirseacht agus tacaíocht oideachais ábhair altraí agus chnáimhseach chun cabhrú leis an bhfreagairt do COVID-19.
Mar fhreagairt don bhorradh atá tagtha ar COVID-19 faoi láthair, agus ar an tionchar a imríonn sé ar sholáthar foirne i measc na seirbhíse sláinte, go háirithe i limistéir chúraim chriticiúil, táthar ag gníomhú i leith na roghanna go léir chun an lucht saothair a uasmhéadú.
D’iarr FSS go scaoiltear foireann thaithíoch agus cháilithe a thacaíonn faoi láthair le hoiliúint fochéime do mhic léinn i mBlianta 1-3 lena n-ath-imlonnú mar chuid den fhreagairt do COVID-19.
I gcomhthéacs na forbartha seo, cuirfear gach socrúchán cliniciúil d’ábhair altraí agus chnáimhseach i mBlianta 1-3 ar fionraí ar feadh tréimhse dhá sheachtain ar a laghad ón 18 Eanáir 2021, mar gheall nach mbeidh aon bhonneagar oideachais agus tacaíochta an dóibh fad a bhíonn siad sa timpeallacht foghlama chliniciúil.
Cás é seo atá ag teacht chun cinn agus tá athbhreithniú seasmhach á dhéanamh air i gcomhthéacs threo éilimh COVID-19 faoi láthair.
Faoi láthair, tá ábhair altraí agus chnáimhseach i mBliana 1-3 de bhreis ar an gcuóta agus soláthraítear a n-oideachas cliniciúil dóibh anuas ar an ngnáthlíon nó an líon riachtanach altraí nó cnáimhseacha cáilithe.
Déanfaidh na socrúcháin mhic léinn seo a chur ar fionraí go sealadach comhordaitheoirí socrúcháin chliniciúil agus comhordaitheoirí cleachtais breise a chur ar fáil, chomh maith le haltraí agus cnáimhseacha a oibríonn i róil eile oideachais agus forbartha beartais chun gur féidir leo tacú le FSS ag an tráth dúshlánach seo.
Déantar mic léinn i mBliain 4, an bhliain deiridh sula mbaineann siad cáilíocht amach, a chomhaireamh ar mhaithe le cuspóirí uainchláir mar choibhéis 0.5 d’altra/chnáimhseach lánaimseartha. Leanfar ar aghaidh le socrúcháin altra agus chnáimhsí d’intéirnigh, atá sa cheathrú bliain, agus beidh an bonneagar cuí oideachais agus tacaíochta i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D.:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hábhair altraí agus chnáimhseach go léir as a dtiomantas leanúnach do thodhchaí ár seirbhísí sláinte. Tráth éiginnte é seo dóibh agus is eol dom gurb ábhar díomá a bheidh sa nuacht seo i measc go leor díobh. Ba mhaith liom dearbhú a thabhairt dóibh go ndéanfar breithniú ar na roghanna go léir chun na socrúcháin seo a atosú a luaithe agus is féidir.”
Dúirt Rachel Kenna, an Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte:
“Aithním an tiomantas ollmhór a léirigh mic léinn i bheith rannpháirteach sna timpeallachtaí foghlama cliniciúla ag tráth an-dúshlánach. Tugann gach duine dínn tús áite d’oideachas a chur ar ábhair altraí agus chnáimhseach, ach caithfear é seo a dhéanamh go sábháilte, agus na tacaíochtaí cuí agus na struchtúir mhaoirseachta chuí i bhfeidhm.”
Agus an cinneadh seo á dhéanamh, tá idirchaidreamh á dhéanamh ag an bPríomhoifigeach Altranais le FSS, na hInstitiúidí Ardoideachais agus an rialálaí, lena chinntiú go ndéantar an tionchar a imríonn an cinneadh seo a íoslaghdú i measc gach ábhair altranais agus chnáimhseachais.
Anuas air sin, beidh idirchaidreamh á dhéanamh ag an Roinn Sláinte um thráthnóna leis na heagraíochtaí ionadaíocha d’ábhair altraí agus chnáimhseach chun iad a chur ar an eolas ar an bhforbairt seo, agus coimeádfar ar an eolas go rialta iad ar an gceist seo.
Tacaíonn Oifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais (ONMSD), Altraí agus Cnáimhseacha Sinsearacha ó sheirbhísí cliniciúla, an Phríomhoifig Altranais (CNO) sa Roinn Sláinte agus i mBord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI) leis an seasamh seo.
CRÍOCH
Cad is socrúchán cliniciúil ann, agus cén fáth an gá d’ábhair altraí agus chnáimhseach tabhairt fúthu?
Is éard atá i gceist le socrúchán cliniciúil ná taithí chleachtais chlár fochéime mic léinn ina bhforbróidh sé/sí an t-eolas praiticiúil, na scileanna cliniciúla agus na luachanna gairmiúla a theastaíonn chun na caighdeáin a bhaint amach chun cáiliú don chlár gairmiúil agus chun go gcuirtear leis an gclár iad.
Cén fáth go mbaineann an oiread sin tábhachta le socrúcháin sa bhreis ar an gcuóta?
Caithfidh ábhair altraí agus chnáimhseach a dtaithí chleachtais a fháil faoi mhaoirseacht altra chláraithe. Tugtar teagascóirí ar na haltraí agus na cnáimhseacha a sholáthraíonn an mhaoirseacht agus tá oiliúint bhreise déanta acu chun freastal ar riachtanais oideachais socrúcháin chliniciúil a mac léinn. Ciallaíonn stádas sa bhreis ar an gcuóta nach gcuirtear an mac léinn san áireamh i líonta lucht saothair an limistéir chliniciúil agus nach ndéileálann siad le riar cásanna cliniciúla. Cinntíonn seo foghlaim chosanta, atá bunriachtanach chun tacú le mic léinn na scileanna agus an taithí a bhaint amach a theastaíonn chun cáiliú.
Cad é an difríocht idir socrúchán sa bhreis ar an gcuóta agus socrúchán intéirneachta?
Tugtar deis d’ábhair altranais agus chnáimhseachais roinnt den mhéid a d’fhoghlaim siad a chur i bhfeidhm nuair a dhéanann siad a socrúchán deiridh, a dtugtar a n-intéirneacht air. Socrúchán cliniciúil buan 36 seachtain é an intéirneacht a chuirtear ar uainchlár. Ag brath ar an gclár, tabharfar deiseanna do mhic léinn chun foghlaim i gcleachtas i suíomhanna éagsúla cúraim sláinte. Socrúchán íoctha is ea socrúchán an intéirnigh mar gheall gur féidir leis na hábhair altraí agus chnáimhseach glacadh le riar cásanna laghdaithe. Leantar le maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn socrúcháin i rith na hintéirneachta agus meastar gurb ionann agus coibhéis lánaimseartha 0.5 den lucht saothair iad. Is amhlaidh é seo le riar cásanna othar níos éadroime a chinntiú, a uasmhéadaíonn sábháilteacht othar agus mac léinn agus foghlaim faoi thacaíocht á cur ar fáil ó thús deireadh na hintéirneachta. I rith shocrúchán na hintéirneachta, caithfidh teagascóir a bheith ag na mic léinn chun monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn cliniciúil agus maoirseacht a dhéanamh ar a riar cásanna othar.
An féidir ábhair altraí a úsáid chun teacht in ionad altraí cláraithe?
Ní féidir. Ní cleachtóirí cáilithe cláraithe iad mic léinn agus ní féidir leo a bheith freagrach as riar cásanna othar. Ní féidir le mic léinn teacht in ionad altraí nó cnáimhseacha cláraithe