Seolann an tAire Donohoe Comhairliúchán Poiblí ar Chóras Críche Cánachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Donohoe comhairliúchán poiblí inniu (Dé Céadaoin) ag lorg tuairimí páirtithe leasmhara maidir le hathrú go Córas Críche Cánachais.
Sa Nuashonrú ar Threochlár Cánach Corparáide na hÉireann, a foilsíodh i mí Eanáir 2021, leagadh amach sraith gealltanas atá deartha chun rialacha cánach corparáide na hÉireann a nuashonrú agus a fheabhsú. Comhlíonann an comhairliúchán poiblí seo an gealltanas a leanas;
Cuireann an comhairliúchán le hobair Athbhreithniú 2017 ar Chód Cánach Corparáide na hÉireann le Seamus Coffey, ‘Tuarascáil Coffey’ agus an comhairliúchán poiblí ina dhiaidh sin ar mholtaí na tuarascála, a tionóladh in 2018.
Ina theannta sin, le Creat-chomhaontú Cuimsitheach OECD le déanaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair, déanfar athruithe suntasacha ar an gcreat cánach idirnáisiúnta, rud a fhágfaidh gur am cuí é seo chun an córas cánach níos leithne in Éirinn a mheas.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo treoir leathan a lorg ó pháirtithe leasmhara a bheidh mar bhonn eolais do chomhairliúchán breise féideartha ar an ábhar seo amach anseo. Cleachtadh scóipe atá ann go príomha a fhéachann ar na buntáistí, na costais, na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann lena leithéid d’athrú a aithint.
Agus an Comhairliúchán á sheoladh aige, dúirt an tAire Donohoe;
“Tá mo ghealltanas á chomhlíonadh agam inniu maidir le comhairliúchán poiblí ar Chóras Críche Cánachais a sheoladh, a cuireadh san áireamh i Nuashonrú Eanáir 2021 ar Threochlár Cánach Corparáide na hÉireann. Leis an gComhaontú stairiúil a rinneadh le déanaí ag OECD maidir le hathruithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chánach a eascraíonn as an digitiú, is am cuí é seo chun treo straitéiseach bheartas cánach na hÉireann a mheas trí bhreithniú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann le hathrú chuig córas críche cánachais. Mholfainn do gach páirtí leasmhar dul i ngleic leis an deis seo chun cur le beartas cánach na hÉireann, lena chinntiú go leanann sé le cruthú post agus infheistíocht a spreagadh agus tacú leo”.
Iarrtar anois ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar na saincheisteanna a shonraítear sa doiciméad comhairliúcháin phoiblí. Táthar ag súil le go mbeidh léargas luachmhar na bpáirtithe leasmhara mar bhonn eolais d’fhorbairt taighde bhreise agus comhairliúcháin phoiblí amach anseo.
Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ón lá inniu, an 22 Nollaig 2021 go dtí an 7 Márta 2022. Ní fhéadfar aon aighneachtaí a fhaightear tar éis an dáta sin a bhreithniú.