Iarratais ar dheontais foraoiseachta agus íocaíochtaí préimhe le dul go hiomlán ar líne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Andrew Doyle TD, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht go bhfuil a Roinn chun athrú chuig córas deontas foraoiseachta agus íocaíochtaí préimhe a bheidh go hiomlán ar líne ón 1 Eanáir 2020. Beidh an córas ar fáil lena úsáid ó mhí na Samhna i leith iarratais ar íocaíochtaí préimhe foraoise don bhliain 2020 a bheidh dlite le híoc i dtús mhí Eanáir. Cuireadh an togra faoi bhráid na bpáirtithe leasmhara agus comhaontaíodh an togra leo ag cruinniú de chuid an Ghrúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta, faoi chathaoirleacht an Aire, a bhí ar siúl níos luaithe an tseachtain seo.
Dúirt an tAire Doyle:
"Tá ár gcóras íocaíochtaí préimhe agus iarratais ar líne i bhfeidhm ó 2012 agus tá buntáistí móra bainte aige dár gcustaiméirí trí dheis a thabhairt dóibh a gcuid íocaíochtaí a dhéanamh i mbealach níos fusa agus níos tapúla. Cuireann sé ar chumas mo Roinne freisin aga slánúcháin níos giorra maidir le híocaíochtaí a bhaint amach. Nuair a bheidh na custaiméirí atá fanta bogtha ar líne, beidh deis againn seirbhís níos tapúla, níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí a thairiscint mar chuid den chuspóir ginearálta atá ag mo Roinnse chun an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil."
Tá an tionscnamh seo ina chuid de threallús na Roinne maidir leis na seirbhísí ar líne a chuireann an Roinn ar fáil dá custaiméirí a fheabhsú agus tá sé ag teacht le cuspóir na Straitéise r-Rialtais 2017-2020 chun glacadh le cur chuige níos digití maidir le seirbhísí a chur ar fáil. Tá saoráid ar líne na Roinne chun iarratais ar íocaíocht a bhaineann leis an Deontas Foraoisithe agus leis an Scéim Préimhe a dhéanamh i bhfeidhm ó mhí na Samhna 2012, agus tá líon na ndaoine a úsáideann an rogha sin ar líne ag méadú gach bliain.
Eisíonn an Roinn íocaíochtaí préimhe foraoise de luach €68 milliún gach bliain d'úinéirí foraoise. I láthair na huaire, féadann iarratasóirí iarratas ar íocaíocht a chur ar aghaidh ar líne le haghaidh bliana áirithe ó mhí na Samhna na bliana roimhe sin.
Ar deireadh dúirt an tAire:
"Tá straitéis chuimsitheach cumarsáide pleanáilte chun gach cliant a chur ar an eolas faoin athrú agus beimid ag dul i dteagmháil le gach iarratasóir roimh ré. Beidh oifigigh ó mo Roinnse i láthair ag na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta chun comhairle agus cúnamh a thabhairt maidir leis an tsaoráid agus tá sé i gceist againn sraith clinicí a reáchtáil timpeall na tíre inar féidir taispeáint d'úinéirí mar a dhéantar iarratas ar líne más rud é nach bhfuil sin déanta acu roimhe seo. Beidh deasc chabhrach i bhfeidhm freisin, a thabharfaidh treoir céim ar chéim do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar an gcóras."
CRÍOCH