Deimhníonn an Taoiseach agus an tAire Sláinte go dtabharfar clár próifiolacsais réamhnochta isteach sa bhliain 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Taoiseach Leo Varadkar TD agus Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh fhoilsiú na dréacht-tuarascála ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) maidir le clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach ar mhaithe le víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID) a chosc.
Deimhnítear sa tuarascáil go bhfuil próifiolacsas réamhnochta ina bhealach sábháilte chun VEID a chosc i measc daoine atá i mbaol suntasach an galar a tholgadh agus faightear amach inti go bhféadfaí coigiltí costais a bhaint amach as clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach. Cuirfidh HIQA tús le comhairliúchán poiblí cúig seachtaine anois sula gcuirfidh sé an tuarascáil deiridh uaidh faoi bhráid an Aire.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt an Taoiseach:
“Ba mhaith linn laghdú a dhéanamh ar an líon cásanna nua VEID a thagann chun cinn in Éirinn. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea an fháil ar phróifiolacsas réamhnochta a mhéadú.
“Ní hé amháin go ndeimhnítear sa tuarascáil seo gur féidir le próifiolacsas réamhnochta cabhrú le VEID a chosc i measc daoine atá in ardbhaol an galar a tholgadh, ach léirítear inti freisin an dóigh a bhféadfaí coigiltí a bhaint amach as clár próifiolacsais réamhnochta a reáchtáil.
“Trí chlár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach, trí thástáil a mhéadú agus trí fheasacht a mhúscailt, cabhrófar linn an líon daoine a bhíonn ag tolgadh VEID a laghdú.”
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:
“Tá foilsiú na dréacht-tuarascála seo ina chéim thábhachtach i dtreo clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach in Éirinn sa bhliain 2019.
“Ceann de na príomhaidhmeanna atá agam mar Aire Sláinte is ea laghdú a dhéanamh ar an líon cásanna nua VEID a thagann chun cinn in Éirinn. Rannchuideoidh an clár próifiolacsais réamhnochta go mór leis an aidhm sin a bhaint amach.”
Is é atá i gceist le clár próifiolacsais réamhnochta ná úsáid réamhghabhálach a bhaint as cógas frith-aisvíreasach chun ionfhabhtuithe VEID a chosc. Déantar amhlaidh laistigh de sheirbhís iomlánaíoch ina ndéantar faireachán agus tástáil rialta agus ina dtugtar comhairle agus comhairleoireacht maidir le cleachtais ghnéis níos sábháilte. Tugadh cláir den chineál céanna isteach i roinnt tíortha eile le déanaí.
Dúirt an tAire freisin:
“Faoi mar a thugtar faoi deara sa tuarascáil, is ó ghrúpaí soghonta laistigh den tsochaí nó ó ghrúpaí a bhfuil an tsochaí anuas orthu a thagann cuid mhór de na daoine a bhainfeadh tairbhe as clár próifiolacsais réamhnochta. Mar sin, tá sé tábhachtach go leanfaimid le dul i dteagmháil leis na daoine sin agus spreagadh a thabhairt do thuilleadh daoine dul faoi thástáil agus leas a bhaint as na cóireálacha agus na tacaí atá ar fáil.
“Tá cuid mhór oibre ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cheana féin ar chlár próifiolacsais réamhnochta lena gcomhlíontar na caighdeáin chuí a thabhairt isteach. Mholfainn do pháirtithe leasmhara agus do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí ar an dréacht-tuarascáil a chur in iúl le linn an phróisis chomhairliúcháin a bheidh ar siúl go dtí an 28 Bealtaine, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le HIQA agus leis na saineolaithe agus na geallsealbhóirí éagsúla as a gcuid oibre go dtí seo. Táim ag tnúth le comhairle fhoirmiúil HIQA a fháil a luaithe a thabharfar an tuarascáil chun críche tar éis an phróisis chomhairliúcháin.”
CRÍOCH