€2.2 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Hackett do Thionscadail Phortaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh maoiniú á chur ar fáil do dhá thionscadal a dhíreoidh ar bhealaí níos fearr a bhaint amach chun ithir phortaigh dhraenáilte ar thailte feirme i Lártíre a bhainistiú. Roghnaíodh an dá thionscadal, a fuair €2.2 milliún eatarthu, in ndiaidh Glao Oscailte faoi Thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) agus maoineofar iad faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2021 na hÉireann.
Is éard a dúirt an tAire maidir leis na tionscadail a d'éirigh leo,
"Táim ag súil go mór leis an méid a gheobhaidh an dá ghrúpa a roghnaíodh, Wetland Surveys Ireland agus Green Restoration Ireland, amach faoi mar is féidir linn ithir phortaigh dhraenáilte a bhainistiú níos fearr ar mhaithe le feirmeoireacht nach ndéanann dochar i dtaobh carbóin de. D'fhéadfadh tairbhí ollmhóra aeráide a bheith ag baint le hithreacha na tíre a bhainistiú ar bhealach a ghabhann agus a stórálann carbón, agus cuirfidh tionscadail mar iad seo, lenar bhain obair i gcomhair dhlúth idir eolaithe, éiceolaithe agus feirmeoirí, na tairbhí sin ar fáil. Trí bheith ag obair go dlúth leis na feirmeoirí, tá a fhios agam go ndéanfaidh na EIPanna seo bearta a fhorbairt i gcomhar chun scéim ar scála mór i dtaobh na n-ithreacha seo a bhainistiú a threorú.
Roghnaíodh na tionscadail a d'éirigh leo i ndiaidh Glao Oscailte do thograí faoi Thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP). Leagadh amach na cuspóirí chun an stoc carbóin a chosaint agus chun ceapadh carbóin a chur ar ais, an leas is fearr a bhaint as tairbhí eile éiceachórais agus teacht aniar a neartú i gcoinne thionchair an athraithe aeráide ag leibhéal dobharcheantair/tírdhreacha. Beifear ag súil go mbeidh na hiarratasóirí a d'éirigh leo i mbun rannpháirtíochta le feirmeoirí chun scéim phíolótach chuimsitheach a fhorbairt i gcomhar, trína n-aithneofar gníomhaíochtaí agus bearta cuí agus trína gcuirfear i bhfeidhm iad.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
"Tagann na tionscadail seo i ndiaidh ár infheistíocht le gairid i bhFaireachlann Carbóin um Ithir Náisiúnta agus cuirfidh siad lenár n-eolas maidir le luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a dhéanann carbón a ghabháil. Tagann siad i ndiaidh an méid ollmhór atá déanta ag mo Roinnse maidir le Lá Domhanda na mBogach an tseachtain seo mar chuid d'ionchur an Rialtais seo i dtaobh ár spriocanna uaillmhianacha timpeallachta a bhaint amach."
Tá sonraí ar na tograí atá ceadaithe faoi Ghlao 3 a bheidh le cur i bhfeidhm ina n-iomláine leagtha amach sa tábla seo thíos.
Ainm Foirne | Contae | Luach Iarratais |
Wetland Surveys Ireland Limited | Lártíre | €1,113,800 |
Féachfaidh Wetland Surveys Ireland Limited le clár feirme beartaithe a fhorbairt a bheidh mar aidhm leis feidhmiú éiceolaíochta agus hidreolaíochta limistéir aistrithe a fheabhsú trí shamhail íocaíochta bunaithe ar thorthaí hibride trína bhfaighidh feirmeoirí íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí agus a bheidh bunaithe ar chaighdeán a gcuid gnáthóige, agus beidh an deis acu chomh maith maoiniú breise a éileamh chun tabhairt faoi bhearta feirme.
Green Restoration Ireland | Lártíre | €1,050,646 |
Beidh Green Restoration Ireland ag obair le húinéirí talún a bheidh páirteach agus a bhíonn i mbun feirmeoireachta ar thalamh portaigh. Cuirfidh siad tacaíochtaí ar fáil trí fhoghlaim rannpháirtíochta chomh maith le comhairle inrochtana maidir leis an gcaoi a n-úsáideann said a dtalamh a aistriú go deonach ó ghnáthchleachtaí feirmeoireachta chuig modhanna feirmeoireachta carbóin atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Bainfear leas as an méid a fhoghlaimeofar agus as na sonraí a bhaileofar chun samhail phraiticiúil a bhunú chun síneadh a chur leis na modhanna sin ar thalamh phortaigh a bhfuil feirmeoireacht déanta air amach anseo.
Nóta d'Eagarthóirí:
Is cuid de Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP) na hÉireann é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP). Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibriúcháin a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm trí bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil. Cuirtear 100% de mhaoiniú ar fáil faoin tionscnamh seo.
Leag an Glao Oscailte do Thograí, a fógraíodh i mí Lúnasa 2020, cuspóirí amach chun an stoc carbóin a chosaint agus chun ceapadh carbóin a chur ar ais, an leas is fearr a bhaint as tairbhí eile éiceachórais agus teacht aniar a neartú i gcoinne thionchair an athraithe aeráide ag leibhéal dobharcheantair/tírdhreacha. Táthar ag súil, trí bheith i mbun rannpháirtíochta le feirmeoirí go mbeifear ábalta scéim phíolótach chuimsitheach a fhorbairt i gcomhar, trína n-aithneofar gníomhaíochtaí agus bearta cuí agus trína gcuirfear i bhfeidhm iad.
Bhí 3 Ghlao Oscailte do Thograí ann go dtí seo. Roghnaíodh 12 tionscadal faoin gcéad Ghlao Oscailte, roghnaíodh 9 dtionscadal faoin dara Glao Oscailte agus 2 faoin tríú Glao Oscailte. Tá 25 tionscadal faoi Thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) anois ann lena n-áirítear Clár Chromán na gCearc agus Clár na nDiúilicíní Péarla Fionnuisce.
Is féidir eolas faoi thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar láithreán gréasán na Roinne DAFM - European Innovation Partnership nó trí theagmháil a dhéanamh ar eip@agriculture.gov.ie
CRÍOCH