Seolann an tAire Sláinte an tSeirbhís neamhspleách nua Tathanta Othar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris, an tAire Sláinte, seoladh inniu (Dé Céadaoin) ar an tSeirbhís nua Tathanta Othar, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’othair ar mian leo gearán a dhéanamh faoin gcúram a tugadh dóibh in ospidéal poiblí.
Tairgeann an tseirbhís nua líne chabhrach rúnda mar a bhfuil tathantóirí a bhfuil taithí acu ar fáil chun faisnéis agus tacaíocht a thabhairt d’othair ar mian leo gearán foirmiúil a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoin gcúram a tugadh dóibh in ospidéal poiblí.
Ag seoladh na seirbhíse dó ag an gComhdháil Náisiúnta um Shábháilteacht Othar, dúirt an tAire Harris:
"An bhonnchloch dár gcóras cúram sláinte is ea sábháilteacht othar.
“Bhuail mé le daoine ar fud na tíre a tháinig ar dheacrachtaí i seirbhís sláinte na hÉireann agus a bhí den tuairim nach raibh siad ábalta cabhair a fháil.
“Tabharfaidh an tseirbhís seo cabhair d’othair nuair nach bhfuil siad sásta faoin gcúram a tugadh dóibh. Tá sí saor in aisce, neamhspleách agus á reáchtáil ag tathantóirí othar ar cuireadh sainoiliúint orthu. Táim muiníneach go dtairgfidh sí seirbhís atá freagrúil, atruach agus tacúil do dhaoine nuair nach bhfuil siad sásta faoin gcúram a tugadh dóibh.”
Seirbhís atá saor in aisce agus rúnda is ea an tSeirbhís Tathanta Othar, a fhaigheann cistiú ón Roinn Sláinte agus atá neamhspleách ar FSS. Sa bhliain 2018, bronnadh an tairiscint chun an tseirbhís a sholáthar ar an tSeirbhís Náisiúnta Tathanta, a bhfuil taithí lear blianta aici ar thathant a sholáthar san earnáil phoiblí.
Dúirt Louise Loughlin, Bainisteoir Náisiúnta na Seirbhíse Tathanta Othar:
“Tá ríméad orainn bheith in ann seirbhís neamhspleách nua tathanta othar a sholáthar chun tacú le hothair trí phróiseas gearáin FSS.
“Tacóidh ár dtathantóirí othar le daoine córas gearáin FSS a thuiscint agus a mbealach a dhéanamh tríd.
“Tá an tSeirbhís Náisiúnta Tathanta ag soláthar seirbhísí tathanta ó bhí an bhliain 2011 ann. Táimid muiníneach go bhfáilteoidh an pobal agus an mhórearnáil sláinte roimh an tseirbhís nua seo.
“Táimid ag súil leis an tSeirbhís Tathanta Othar seo, ar seirbhís ríthábhachtach nua í, a sholáthar sna míonna atá le teacht.”
Is é 0818 293 003 an uimhir do líne chabhrach rúnda na Seirbhíse Tathanta Othar. Bíonn sí ar fáil idir 10am agus 4pm ó Luan go hAoine. Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun ceist ar líne a chur isteach, téigh chuig www.patientadvocacyservice.ie
Labhair an tAire ag an gcomhdháil, a raibh ‘Foghlaim ó Imscrúduithe agus Athbhreithnithe’ mar théama di.
Ag labhairt dó le lucht féachana a chuimsigh gairmithe cúram sláinte, rialálaithe, déantóirí beartas, teagascóirí, taighdeoirí, bainisteoirí seirbhíse sláinte agus ionadaithe othar, dúirt an tAire:
“Cuireann téama na comhdhála i mbliana ar ár gcumas ár machnamh a dhéanamh ar a dteastaíonn ó sheirbhís shábháilte sláinte, is é sin, cumas an chórais sláinte agus na ndaoine uile a bhfuil an córas sin comhdhéanta díobh chun foghlaim ó cheachtanna an ama atá thart.
“Ní mór dúinn cultúr nochta oscailte a fhorbairt. Níor cheart dúinn teacht ar chinntí faoi dheifir. Ina ionad sin, ba cheart dúinn cur chuige meáite sistéamach tráthúil a ghlacadh i leith an ní a thuiscint. Ba cheart dúinn ár bhfionnachtana a chomhroinnt agus an méid atá foghlamtha againn a úsáid i gcúinsí comhchosúla chun nach ndéanfar dochar d’othair eile agus chun go mbeidh muinín ag gairmithe sláinte as sábháilteacht na seirbhísí a sholáthraíonn siad.”
Labhair an tAire freisin faoin mBille um Shábháilteacht Othar, rud atá le foilsiú sna seachtainí atá le teacht:
“A luaithe atá an reachtaíocht sin achtaithe, beidh céim eile ar aghaidh tógtha ag Éirinn ó thaobh sábháilteacht othar de. Táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar le gach duine díbh ar an gclár reachtaíochta chun tacú le sábháilteacht othar ar fud na seirbhísí sláinte.”
Mar fhocal scoir, chuir an tAire béim ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do gach ball foirne sa tseirbhís sláinte.
“Teastaíonn an tacaíocht sin nuair atá ag éirí le cúrsaí agus nuair atá othair sona. Mar sin féin, teastaíonn an tacaíocht freisin nuair atá díomá ar othair agus nuair a thagann teagmhais chun cinn. Is féidir go dtiocfaidh teagmhais chun cinn de bharr earráid sa chóras nach raibh ar eolas ag aon duine nó de bharr meancóg a rinne gairmí cúram sláinte. Mar sin féin, ní mór dúinn tacú lenár gcomhghleacaithe i ngach cás fós.”
CRÍOCH
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le: press_office@health.gov.ie
Má bhíonn ceisteanna agat faoin tSeirbhís Tathanta Othar, déan teagmháil le Gareth Walsh, an tSeirbhís Tathanta Othar, ag 087 349 4259 / gareth.walsh@advocacy.ie
Cén fáth ar bunaíodh an tSeirbhís Tathanta Othar?
Bhunaigh an Roinn Sláinte seirbhís tathanta othar mar fhreagairt do na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ar Ospidéal Phort Laoise a d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) sa bhliain 2015 agus do na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ón Ombudsman dar teideal “Foghlaim ar son Feabhais” (2015). Gealltanas a tugadh sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta is ea an tseirbhís a bhunú.
Conas a oibreoidh an tSeirbhís Tathanta Othar?
Tá an tSeirbhís Tathanta Othar comhdhéanta d’oifigigh tathanta othar, de chinn foirne tathanta agus de bhainisteoir seirbhíse. Tugann na daoine sin faisnéis agus tacaíocht d’othair ar fud na hÉireann ar an teileafón, trí ríomhphost, trí fhaisnéis ar líne agus ar bhonn duine le duine. Oibreofar an tacaíocht ar leibhéal náisiúnta as Mol Tathanta Othar i mBaile Átha Cliath ar dtús.
Cad is Tathantóir Othar ann?
Cabhraíonn tathantóir othar le hothair cumarsáid a dhéanamh lena n-ospidéal chun go bhfaighidh siad an fhaisnéis agus an tacaíocht a theastaíonn uathu chun gearán a dhéanamh faoin gcúram a tugadh dóibh. Ní bheidh tathantóirí othar i bhfabhar ceachtar de na páirtithe agus ní ghníomhóidh siad thar ceann an othair. Ina ionad sin, féachfaidh siad lena chinntiú go mbeidh sé de chumhacht ag daoine aonair a iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar a gcuid tuairimí, ábhair imní agus cinntí mar is cuí.
Ceanglaítear ar gach tathantóir othar sa tseirbhís nua tabhairt faoi chlár oiliúna ar chuir an Roinn Sláinte é i bhfeidhm agus ar dá bharr a bheidh siad creidiúnaithe ag leibhéal 7 de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann mar thathantóir oilte gearán sábháilteachta othar.
Cé na nithe a sholáthraíonn an tSeirbhís Tathanta Othar?
Soláthraíonn an tSeirbhís Tathanta Othar seirbhís náisiúnta atá saor in aisce, rúnda agus neamhspleách chun cabhrú le húsáideoirí ospidéal poiblí atá ag déanamh gearán foirmiúil, nó a bhfuil sé beartaithe acu gearán foirmiúil a dhéanamh, trí “Do Sheirbhís, Do Bharúil” , próiseas gearáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), faoin gcúram a tugadh dóibh. Is féidir le hothair faisnéis a fháil maidir le cén áit ar cheart dóibh gearán a dhéanamh chuige faoi rud a tharla dóibh le linn cúram a fháil agus maidir le cén dóigh ar cheart dóibh déanamh amhlaidh. Is féidir leo faisnéis a fháil freisin maidir leis an rud ba cheart dóibh a dhéanamh dá mba mhaith leo go n-athbhreithneofaí an gearán uathu. Tabharfaidh tathantóirí neamhspleácha atá oilte go gairmiúil tacaíocht agus cumhacht do dhaoine chun go réiteofar an gearán uathu.
Cad a chiallaíonn sé do na seirbhísí sláinte agus don fhoireann?
Tabharfaidh an tseirbhís nua seo spreagadh d’othair cumarsáid a dhéanamh leis na seirbhísí sláinte ar an gcéad dul síos chun an gearán uathu a réiteach. Forbróidh an tSeirbhís Tathanta Othar dea-chaidreamh leis na seirbhísí sláinte, lena bhfoireann agus le seirbhísí tathanta nó tacaíochta eile chun go gcothófar dea-chumarsáid agus go mbeifear in ann saincheisteanna a réiteach go héifeachtúil agus foghlaim uathu.
Conas is féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil?
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.patientadvocacyservice.ie nó cuir glao ar 0818 – 293 003 idir 10am agus 4pm ó Luan go hAoine.
Beartas maidir le Gearáin faoi Shábháilteacht Othar agus maidir le Tathant
Tá an Roinn Sláinte ag forbairt Beartas maidir le Gearáin faoi Shábháilteacht Othar agus maidir le Tathant faoi láthair. Is beartas é a chinntíonn go bhfuil othair ina gcuid dhílis d’aon fhreagairt do ghearán nó do theagmhas trámach. Tá tosú na Seirbhíse Tathanta Othar ina forbairt thábhachtach i dtreo seirbhís a dhearadh agus a sholáthar ar bhonn na riachtanas atá ag othair agus ag úsáideoirí seirbhíse.
Tá an tseirbhís ar cheann de roinnt tionscnamh atá á reáchtáil ag an Roinn Sláinte chun othair a chumhachtú, chun feabhas a chur ar chuntasacht na seirbhísí sláinte d’úsáideoirí seirbhíse agus chun cur chuige cuiditheach foghlama a fhorbairt i leith aghaidh a thabhairt ar mheancóga agus droch-cháilíocht sa tseirbhís sláinte agus iad a réiteach. Áirítear leo sin:
Tá na tionscnaimh sin bunaithe ar an gcomhairliúchán náisiúnta leis an bpobal agus le geallsealbhóirí a bhí ar siúl sa bhliain 2017. Tá sonraí ar fáil anseo