Páirc OPW tofa imeasc Deich bPáirc Idirnáisiúnta um Ghradaim an Bhrait Ghlais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Páirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin i gContae Chiarraí ar liosta deich suíomh idirnáisiúnta ó vóta Rogha an Phobail um Ghradaim an Bhrait Ghlais.
Votálann daoine gach bliain i Rogha an Phobail. Caitheadh breis agus 50,000 vóta i mbliana, nuair a bhí ról lárnach ag páirceanna agus spásanna glasa maidir le sláinte agus follláine ar fud an domhain le linn phaindéim Covid19. Ba é Páirc Dhoire Fhíonáin an chéad pháirc phoiblí i gCúige Mumhan a bhain Gradam an Bhrait Ghlais amach in 2016 agus is geal le OPW go bhfuil aitheantas idirnáisiúnta tugtha dá luach do mhuintir na hÉireann trí vótáil phoiblí. Is éacht mór é seo, a bhuíochas san don phobal áitiúil i gCathair Dónall agus réimse leathan páirtithe leasmhara.
Inniu, tar éis an fhógra ó Eagraíocht an Bhrait Ghlais maidir le Páirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, dúirt an tAire Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Mar gheall ar an bpaindéim tá meas níos mó ag an bpobal ar na spásanna glasa atá ar thairseach acu. Tá stádas an Bhrait Ghlais bronnta ar OPW maidir le naoi gcinn de na Páirceanna acu ar fud na tíre. Tá áthas orm anois go bhfuil Doire Fhíonáin roghnaithe ag an bpobal mar cheann de na deich bpáirc idirnáisiúnta is fearr. Is teist í seo orthu siúd ar fad atá ag saothrú leo chun na páirceanna againne a chothabháil agus a chur i láthair ar ardchaighdeán. Is tógáil chroí é a thuiscint go bhfuil meas ag an bpobal ar na háiseanna iontacha seo”.
Tá Gradam an Bhrait Ghlais ar bun anois i 15 dtír ar fud an domhain, ina measc tá: an Astráil, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an tSualainn, an Fhionlainn, an Ísiltír, an Phortaingéil, Poblacht na hÉireann, an Tuirc, Aontas na nEimíríochtaí Arabacha, an Ríocht Aontaithe*, an Nua-Shéalainn, Meicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá – ag ceiliúradh breis agus 2,000 páirc agus spás glas a bhaineann gradaim amach gach bliain.
CRÍOCH
Um breis eolais, déan Cumarsáide OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Um breis eolais faoi Ghradam an Bhrait Ghlais féach [external-link https://greenflagaward.org/ | greenflagaward.org ]
Ba ag Páirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, ar imeall Leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí, a chónaigh Dónal Ó Conaill le linn a óige. Is ann a chaith sé féin an samhradh ar feadh chuid mhór bliain agus thug mórán cuairteoirí turas ar an dteaghlach. Tá sé faoi chúram OPW ó 1964 anuas; bhí breis agus 270,000 cuairteoir ann i mbliana.
Riarann An Taisce Gradaim an Bhrait Ghlais i bPoblacht na hÉireann, agus é mar aidhm acu páirceanna ar ardchaighdeán, faoi bhainistiú inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, a aithint agus a spreagadh i bPoblacht na hÉireann. Tá ocht gcritéir i gceist sa roghnú, ar a n-áirítear caighdeáin na ngairdín, glaine, inbhuanaitheacht agus gníomhú an phobail.
I mbliana, bronnadh an Brat Glas ar na suíomhanna seo a leanas de chuid OPW:
Páirc Fhaiche Stiabhna, Diméin Bhaile an Chaisleáin, Páirc Dhoire Fhíonáin, Crannlann & Gairdíní Fhóite, Oileán an Chuilinn, Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, Gairdíní Náisiúnta Éireann um Chuimhneachán Cogaidh, Gairdíní Uíbh Eachach agus Páirc an Fhionnuisce.