Labhrann an tAire O'Donovan ag an 22ú Chomhdháil Naisiúnta Hidreolaíochta i mBaile Átha Luain
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’oscail an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., an 22ú Chomhdháil Náisiúnta Hidreolaíochta i mBaile Átha Luain. Ócáid bhliantuil í seo, a eagraíonn Comchoistí Náisiúnta Éireann de Chlár Idirnáisiúnta Hidreolaíochta UNESCO agus an Coimisiún Idirnáisiúnta ar Uisciú agus Draenáil.
Is í seo an phríomhchomhdháil in Éirinn maidir le Hidreolaíocht, áit ar féidir leis an lucht tinrimh forbairtí polasaí, torthaí taighde agus réitigh praiticiúla ar cheisteanna innealtóireachta hidreolaíochta a roinnt lena chéile. Pléann comhdháil na bliana seo réimse téamaí, ar a n-áirítear hidreolaíocht comhshaoil, cianbhraiteacht, oiriúnú um athrú aeráide agus bainistiú priacal tuile.
Thug an tAire O’Donovan forbhreithniú ar ról tosaíochta Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le Bainistiú Priacal Tuile agus ar obair atá le leanáil amach anseo maidir le ceisteanna mar athrú cósta agus oiriúnú aeráide.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá ról fíor-riachtanach ag an gcomhdháil seo maidir le taighde hidreolaíochta a chur i láthair agus eolas faoi hidreolaíocht Éireannach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn. Mar náisiún oileánach, is gá dúinn tuiscint a fháil ar chonas a fheidhmíonn abhantracha Éireann agus an hidreolaíocht chasta atá acu.
Beidh saineolas hidreolaíochta OPW ag teastáil chun réimse tionscadal a shláthar – teicnící measúnaithe tuile, scéimeanna faoisimh tuile, réamaisnéis tuile, oiriúnú um athrú aeráide, athchóiriú abhann, bearta nádúrtha um choinneáil tuile. Tá an eagraíocht againne geallta um dhlúthoibriú lenár bpáirtnéirí san EPA, Met Éireann, Suirbhé Géolaíochta Éireann, Iascaigh Intíre agus an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra imeasc dreamanna eile chun tionacadail lárnacha a sholáthar a fhreagraíonn ar phriacal tuile in Éirinn agus a chosnaíonn daoine, maoine, gnóthais agus pobail.”
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Is samplaí iad seo a leanas ar shaothar OPW um fhreagairt ar phriacal tuile in Éirinn:
• In 2014, ón Chlár Taighde um Uasdhátú Staidéir Thuile d’eascair an Suíomh Gréasáin Uasdhátú Staidéir Thuile. Tá an suíomh gréasáin seo fíor-riachtanach do lucht innealtóireachta abhann maidir le droichid agus struchtúir eile cois abhann a dhearadh.
• Ba é an Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantrai (MBPTA) an staidéar ba mhó riamh ar an bpriacal tuile againn de dheasca ócáidí suntasacha tuile. Uaidh sin a tháinig 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile a bhí mar bhonn eolais ag an Rialtas thart faoi 150 scéim fhaoisimh tuile a chur chin cinn, atá á maoiniú faoi Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais suas chuig 2030 le hinfheistíocht €1.3bn. Léiríonn sé seo spreagadh an Rialtais chun daine, maoine, gnóthais agus pobail a chosaint ar phriacal tuile.
• Ó 2009 anuas, tá maoiniú breis agus €55m faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Cosaint Chósta ag cosaint 7,325 maoin thar 828 dtionscadal. Tá an chuid is mó díobh seo lasmuigh de na ceantair staidéir MBPTA. Is foinse luachmhar an scéim seo mar mhaoiniú ag údarais áitiúla aghaidh a thabhairt ar cheisteanna áitiúla tuile.
• Tá OPW ag cathaoirliú an Ghrúpa Idir-rannach ar Straitéis Náisiúnta um Bainistiú ar Athrú Cósta, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirfidh an Grúpa seo roghanna agus moltaí faoi bhráid an Rialtais.
• Roimh dheireadh na bliana seo táthar ag súil go mbeidh an chéad chéim curtha i gcrích maidir le Seirbhís Náisiúnta um Réamhaisnéis agus Rabhadh Tuile, agus go dtosófar ar thástáil seirbhíse go luath an bhliain seo chugainn. Faoi Rannán Náisiúnta um Réamhaisnéis Tuile i Met Éireann agus Aonad neamhspleách Maoirseachta in Oifig na nOibreacha Poiblí, tabharfar réamhaisnéis tuile ó fhoinsí báistí agus cósta.
• D’ullmhaigh OPW Plean Earnála um Oiriúnú don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Priacal Tuile don tréimhse 2019 – 2024, a d’fhaomhaigh an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2019. Leagtar amach sa Phlean Earnála um oiriúnú maidir le bainistiú priacal tuile cuspóir fadtéarmach um phobail inbhuanaithe a chothú agus tacú leis an gcomhshaol trí bhainistiú éifeachtach ar thionchair dhóchúla athrú aeráide ar thuiliú agus ar phriacal tuile.
Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar chuid de na bearta atá leagtha amach sa Phlean a fheidhmiú, mar shampla:
• Foilsíodh mapaí ar réimsí tuile amach anseo de dheasca athrú aeráide ar an suíomh gréasán - floodinfo.ie;
• Tá maoiniú á sholathar ag OPW don Oifig Réigiúin um Ghníomhú Aeráide (Thoir & Láir) chun taighde a dhéanamh maidir le tionchair dhóchúla ó athrú ar phatrúin báistí ar cineálacha éagsúla abhantraí ins na réigiúin éagsúla;
• Tá measúnú tosaithe um oiriúnú ar scéimeanna faoisimh tuile atá á ndearadh faoi láthair agus atá críochnaithe cheana féin;
• Maidir le scéimeanna amach anseo a dhearadh, is gá breathnú agus pleanáil um riachtanais oiriúnaithe.