Straitéis nua ealaíon agus pacáiste maoinithe €20m fógartha don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phobal
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Straitéis nua ealaíon agus pacáiste maoinithe €20m fógartha don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phobal
• Tá an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan tar éis pacáiste suntasach maoinithe a fhógairt inniu
• €5.78m don Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge don tréimhse 2024 go 2027
• €4.085m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun na hEalaíona Teangabhunaithe a fhorbairt
• Beagnach €5.5m do Thuismitheoirí na Gaeltachta
• Tacaíocht de €3.734m do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta
• €1.9m chun an Ghaeilge a spreagadh i ngnólachtaí Gaeltachta
• Seoladh an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe inniu chomh maith
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD pacáiste maoinithe suntasach don Ghaeilge sa phobal, mar aon leis na healaíona teangabhunaithe, gnólachtaí, tuismitheoirí agus daoine óga sa Ghaeltacht.
Sheol na hAirí an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe inniu chomh maith le pacáiste airgeadais de bheagnach €10m le tús a chur lena feidhmiú. San áireamh sa phacáiste seo, tá maoiniú cheithre bliana de luach €5.78m ceadaithe don Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge don tréimhse 2024 go 2027 chomh maith le €4.085m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a threisiú agus a chur chun cinn timpeall na tíre sa tréimhse 2024-2027. Anuas air sin, tá allúntas €5.445m ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun a clár oibre agus a leathnú amach sa tréimhse 2024 go 2026. Tá maoiniú os cionn €1.9m fógartha d’Údarás na Gaeltachta chomh maith do Chlár Tacaíochta nua chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais agus tá €3.734 milliún curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
Ag labhairt di faoin bpacáiste nua tacaíochta, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Cuireann sé ríméad orm go bhfuil pacáiste suntasach infheistíochta á fhógairt agam féin agus ag an Aire O’Donovan don Ghaeilge agus don Ghaeltacht inniu, agus go bhfuil an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe á seoladh againn.
Tá áit ar leith ag amharclann na Taibhdheirce inár n-oidhreacht chultúrtha, agus tá lúcháir orm go bhfuil sé ar ár gcumas an maoiniú seo a cheadú chun an plean uaillmhianach forbartha seo don amharclann a chur i bhfeidhm. Neartóidh an infheistíocht seo amharclannaíocht na Gaeilge, cothóidh sé cruthaitheacht agus cinnteoidh sé todhchaí bhríomhar dár bhféiniúlacht teanga agus ealaíon.
Gníomh fíordhearfach eile is ea an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta a bheas á chur i bhfeidhm ag Oireachtas na Gaeilge ar mhaithe leis na healaíona teangabhunaithe thart timpeall na tíre. Tá tiomantas agus saineolas gan staonadh léirithe ag an Oireachtas i gcur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir. Is infheistíocht i struchtúr nua atá anseo a chinnteoidh go mbeidh borradh faoi na healaíona Gaeilge sna blianta amach romhainn.
Gabhaim mo bhuíochas ó chroí leis na heagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara go léir a chabhraigh leis an Roinn na bearta seo a thabhairt i gcrích. Tiocfaidh méadú ar líon na seirbhísí a chuirfear ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaoine óga mar thoradh air seo, rud a spreagfaidh úsáid na Gaeilge agus a bheidh mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga.”
Ag labhairt dó sa Taibhdhearc inniu, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:
“Is céim mhór chun cinn í an mór-infheistíocht seo don phróiseas pleanála teanga.Tá súil agam go mbainfidh gnólachtaí, tuismitheoirí, ealaíontóirí agus an pobal araon tairbhe as na bearta seo atá fógartha inniu agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtreisiú agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa phobal i gcoitinne lasmuigh den Ghaeltacht.
Níl amhras orm ach go gcabhróidh an maoiniú seo le bláthú dhrámaíocht na Gaeilge agus leis an Taibhdhearc a chur sa riocht gur féidir léi ról mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge a fheidhmiú i gceart. Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag Oireachtas na Gaeilge chomh maith agus a bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta á gcur i bhfeidhm acu ar fud na tíre sna blianta beaga seo romhainn.
Cuirfidh an t-allúntas seo do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ar chumas na n-eagraíochtaí breis foirne a earcú chun a gcuid seirbhísí a leathnú ar fud na nGaeltachtaí uile.
“In iomlán is é seo an pacáiste maoinithe is suntasaí a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le linn téarma an Rialtais seo.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe
Leagtar amach sa Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe bealaí straitéiseacha chun na healaíona teangabhunaithe a chur chun cinn agus a neartú i measc an phobail i gcoitinne ach freisin an bealach chun iad a áireamh sa chóras oideachais agus sa chóras luathbhlianta i gcomhpháirtíocht le ranna éagsúla agus leis na hinstitiúidí cuí. Cuirfidh an straitéis seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe nuair a bheidh na moltaí atá inti curtha i bhfeidhm.
Is féidir an stráitéis a amharc anseo: Tuarascáil Taighde - na hEalaíona Teangabhunaithe
An Taibhdhearc
I measc na mórspriocanna atá beartaithe ag an Taibhdhearc mar thoradh na hinfheistíochta breise, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas:
• Spás amharclainne náisiúnta a athbheochan agus a bhláthú le mórléiriúcháin nua, geamaireacht, léiriúcháin idirnáisiúnta agus léiriúcháin amharclainne óige agus féilte drámaíochta. Ina measc sin, cuirfear cúig cinn de mhórléiriúcháin ar an stáitse in aghaidh na bliana.
• Foireann amharclannaíochta nua lánaimseartha a fhostú.
• Compántas gairmiúil amharclainne a chruthú chun saothar ealaíne nua a chruthú agus a fhorbairt.
• Máistir-ranganna d’aisteoirí & cleachtóirí amharclainne a chur ar siúl.
• Clár a fhorbairt dírithe ar dhrámadóirí chun féith na scríbhneoireachta a chothú.
Tá bord na Taibhdheirce le tús a chur níos déanaí i mbliana le bunú an struchtúir nua agus le foireann na hamharclainne a cheapadh; meastar go mbeidh an struchtúr nua agus clár ealaíon na hamharclainne faoi lán seoil faoin gcéad ráithe de 2025.
Oireachtas na Gaeilge – Plean Gníomhaíochta Náisiúnta
Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta feidhm a thabhairt don fhís atá ag an Oireachtas, is é sin na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, fuinniúil ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon teangabhunaithe Gaeilge; agus inrochtaineacht fhorleathan a bheith ag pobail ar léirithe ealaíne agus ar tionscadail forbartha cleachtais.
I measc na dtionscnamh atá le cur i bhfeidhm ag an Oireachtas faoin bPlean Gníomhaíochta tá an méid seo a leanas:
• Tionscnaimh chun drámaíocht na Gaeilge a athbheochan agus a neartú ó aois scoile aníos go dtí an duine fásta,
• Uirlisí agus acmhainní ar líne a thacóidh le cleachtóirí, oiliúnóirí agus foghlaimeoirí a gcuid ealaíon a chruthú,
• Bunscéimeanna deontais & sparánachtaí aonuaire a bhunú le bheith ar fáil chun cleachtais a fhorbairt i measc daoine aonair, sainghrúpaí agus aoisghrúpaí ar leith,
• Scéim chun Tionscnaimh Oiliúna Ealaíon do Dhaoine Óga a bhunú; oscailte do ghrúpaí pobail agus do choistí ar mian leo Cúrsaí Scileanna Feidhmithe Teanga-Bhunaithe a sheachadadh,
• Scéim sparánachta d’ealaíontóirí atá i mbun chleachtas ealaíne teangabhunaithe Gaeilge agus atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Tá gréasán d’Áisitheoirí Ealaíon Réigiúnacha le bunú agus tabharfaidh an gréasán sin faoi fheidhmiú an phleain as seo go 2027.
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Tá seisear fostaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta cheana féin agus mar chuid den allúntas a ceadaíodh inniu, tá suas le deichniúr breise le fostú ionas go leathnófar seirbhísí na heagraíochta ar fud na Gaeltachta. Beidh 5 fo-oifig eile á n-oscailt ag an eagraíocht ar fud na Gaeltachta agus súil acu leas a bhaint as seirbhísí an ghréasáin gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta - chun é seo a bhaint amach. Is ardú suntasach, de €3,441,960, é seo ar an maoiniú trí bliana a ceadaíodh do Thuismitheoirí na Gaeltachta do na blianta 2021 – 2023.
Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí le Gaeilge
Is clár tacaíochta nua é an Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí le Gaeilge a bheidh á fhorbairt agus á fheidhmiú i ndeich (10) mbaile ar fud na Gaeltachta. Díreoidh an togra ar chumasú gnólachtaí chun seirbhís ar ardchaighdeán i nGaeilge a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus do thurasóirí, chomh maith le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sna bailte seo agus íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn iontu. Is ar ghnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta a bheidh an Clár dírithe. Is earnálacha iad seo, cé is móite den earnáil turasóireachta, nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Údarás tacú leo tríd na scéimeanna maoinithe atá á gcur i bhfeidhm aige faoi láthair.
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Bhunaigh Údarás na Gaeltachta an chuideachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. (CNNG) in 2004 chun bainistiú agus riaradh a dhéanamh ar bhonneagar luathoideachais na naíonraí agus na seirbhísí cúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is méadú de bheagnach 50% atá san allúntas trí bliana a ceadaíodh don eagraíocht inniu don tréimhse 2023 – 2026. Cuirfidh sé ar chumas na heagraíochta clár oibre comhaontaithe a fheidhmiú ar leas an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon. Beidh an eagraíocht ag cruthú 4 phost breise a chuirfidh ar a gcumas bearta nua atá leagtha amach acu ina bplean straitéiseach a bhaint amach sna trí bliana seo romhainn.