Ráiteas tar éis Chruinniú an Rialtais an 28 Deireadh Fómhair 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtáil an rialtas cruinniú tionóntacháin inniu chun tograí breise maidir le freagairt na hÉireann ar an ngéarchéim dhaonnúil leanúnach arb é ionradh mídhleathach agus mímhorálta na Rúise ar an Úcráin is cúis léi.
Ó a thosaigh ionradh na Rúise i mí Feabhra 2022, tá gach iarracht déanta ag an Aontas Eorpach chun cuidiú le saoránaigh atá ag teitheadh ón gcogadh faoin dTreoir um Chosaint Shealadach. Chuidigh Éire le cóiríocht a chur ar fáil do 56,000 fear, bean agus leanbh ón Úcráin, leis na míllte leanbh ag freastal ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna agus os cionn 10,000 Úcránach i mbun oibre. Comhlíonfaidh Éire a hoibleagáidí faoin Treoir seo i gcónaí.
An pacáiste de bhearta atá i bhfeidhm faoi láthair chun freastal ar Thairbhithe na Cosanta Sealadaí ón Úcráin agus chun tacú leo, dearadh é mar fhreagairt ar ghéarchéim ar bhonn éigeandála gearrthéarma.
Inniu, dhírigh an rialtas ar conas leanúint leis an tacaíocht leanúnach dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh, lena n-áirítear iad siúd atá anseo cheana féin, chomh maith leo siúd a bheidh easáitithe de dheasca na coinbhleachta leanúnaí.
Chomhaontaigh an rialtas gurb iomchuí aistriú ó fhreagairt éigeandála go cur chuige níos príomhshruthaithe i bhfianaise líon ard na ndaoine atá ag lorg tearmainn, an ghá an acmhainneacht atá ann cheana a uasmhéadú, chun cur le comhsheasmhacht níos fearr agus le cothromas a chinntiú do gach duine atá ag brath ar thacaíochtaí ón stát.
Áirítear leis sin leibhéal na dtacaíochtaí ioncaim arna soláthar ag an Stáit i dteannta cóiríochta agus rochtain ar raon seirbhísí stáit. Áireofar leis sin aistriú go tairscint níos bunúsaí de "chóiríocht amháin" le Tairbhithe na Cosanta Sealadaí ag baint leas as tacaíochtaí reatha an stáit chun íoc as bia agus as na costais ó lá go lá.
D'aithin an rialtas freisin gur chuir roinnt pobal fáilte roimh líon suntasach d'Úcránaigh agus gur cheart an rannpháirtíocht sin a aithint. Rachaidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an tAire Tithíochta i gcomhar le comhghleacaithe chun clár de thacaíochtaí €50 milliún a fhorbairt lena chinntiú go n-aithnítear an rannpháirtíocht agus go gcoinnítear leibhéil na rochtana ar sheirbhísí poiblí agus ar áiseanna na n-ionad pobail don phobal áitiúil, agus go leathnófar iad.
Chomhaontaigh an rialtas an clár athfheistithe agus an clár mearthógála (tithíocht mhodúlach) a leathnú agus dlús a chur fúthu. Cinnteofar leis sin go mbaintear úsáid as an réadmhaoin ar fad atá ar fáil, lena n-áirítear réadmhaoin le cumraíocht suanleasa, chun nach gcuirfear aon duine ó dhoras. Chomhaontaigh an rialtas líon na n-aonad lena soláthar in 2023 a mhéadú go suntasach. Seolfar Glao ar Theaghaisí Folmha faoi stiúir an Stáit agus na nÚdarás Áitiúil lena gcinnteofar slánú níos gasta úsáid na dtairiscintí ón bpobal.
Mar aitheantas ar an rannpháirtíocht seo i leith na géarchéime, déanfar an Íocaíocht Aitheantais a dhúbailt chuig €800, le héifeacht ón 1 Nollaig 2022 i gcomhréir le seoladh an Ghlao ar Theaghaisí Folmha. Leanfar leis an obair le muintir na hÚcráine chun a imní a mheas maidir le rochtain ar sheirbhísí áitiúla agus le scoiteacht, le réitigh iompar áitiúil do theaghaisí in áiteanna níos faide faoin tuath.
Rinne an rialtas freisin measúnú ar riachtanais tithíochta a bheidh ann amach anseo a mheas, ar riachtanais iad a eascróidh as athruithe sa daonra ó ghéarchéim na hÚcráine agus déanfar athbhreithniú air sin.
Ar deireadh, leanfar le hobair bheartais ag ranna éagsúla maidir le roghanna a mheas i ndáil le tairbhithe na cosanta sealadaí tar éis thréimhse na Cosanta Sealadaí a bheith caite.
Faoi láthair, tá an rialtas ag díriú go daingean ar an dúshlán atá ann faoi láthair maidir le líon oiriúnach cóiríochta a fháil chun freastal ar theacht laethúil líon suntasach daoine. D'admhaigh sé gur dócha go mbeidh saincheisteanna acmhainneacht ann ach go seasann Éire lena gealltanais idirnáisiúnta chun seasamh i spiorad na dlúthpháirtíochta leis an Úcráin tríd a oiread is féidir a dhéanamh chun tearmann a sholáthar dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh éagórach seo.