D’fhógair an tAire O’Gorman go bhfuil síneadh curtha leis an tréimhse chomhairliúcháin le haghaidh athbhreithniú na nAchtanna um Chomhionannas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, T.D., go bhfuil síneadh á chur le tréimhse an phróisis chomhairliúcháin phoiblí mar chuid d’athbhreithniú ar na hAchtanna um Chomhionannas (Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000-2018 agus na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015). Cinneadh síneadh a chur leis an tréimhse chomhairliúcháin mar fhreagra d’iarratais ó pháirtithe leasmhara. Is é an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí, ná 5pm ar an 29 Samhain 2021.
Tá fáilte curtha ag an Aire le haighneachtaí maidir le raon ceisteanna lena n-áirítear, feidhmiú na nAchtanna agus a n-éifeachtacht i ndáil le hidirdhealú a chosc agus comhionannas a chur chun cinn; tuiscint ar an reachtaíocht; agus cibé acu atá nó nach bhfuil bacainní ag baint le gníomhú faoi na hAchtanna. Chomh maith leis sin, fáiltítear roimh aighneachtaí maidir le raon na sainmhínithe reatha ar na naoi bhforas comhionannais. Cuimseofar anseo breithniú ar an bhforas míchumais agus cibé acu ar cheart nó nár cheart forais nua a chur san áireamh, cosúil le hidirdhealú socheacnamaíoch agus féiniúlacht inscne.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman inniu:
“Tá raon an athbhreithnithe seo an-leathan agus tuigim go mbeidh go leor páirtithe leasmhara ag iarraidh aighneachtaí mionsonraithe a dhéanamh agus is mian liom é sin a éascú chomh fada agus is féidir. Mar a dúirt mé ag seoladh an chomhairliúcháin, beidh ról lárnach ag tuairimí na ndaoine a mb’éigean dóibh déileáil le hidirdhealú agus a bhfuil taithí acu ar fheidhmiú na hAchtanna bonn eolais a chuir ar fáil don phróiseas athbhreithnithe agus mholfainn do dhaoine aighneachtaí a dhéanamh.”