Ceapann an tAire Ryan Fergal Mulligan mar Choimisinéir chuig CRU
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceapachán Fergal Mulligan mar Choimisinéir chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), tar éis comórtas oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán, dúirt an tAire Ryan:
"Cuirfidh Fergal Mulligan raidhse taithí agus saineolais leis an ról tábhachtach seo, lena n-áirítear an taithí agus an saineolas a ghnóthaigh sé agus é ag obair ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá dúshláin i ndán do CRU, agus teastóidh ceannaireacht láidir ón eagraíocht chun coinneáil ar an eolas faoi mhórfhorbairtí sna hearnálacha fuinnimh agus uisce, chun freagairt chuí rialála a chinntiú do dhúshláin agus do dheiseanna, agus chun dul i dteagmháil go réamhghníomhach leis an earnáil agus le tomhaltóirí."
Tá taithí fhairsing ag Fergal Mulligan ar rialáil chuí agus rialachas cuí a dhearadh agus a fhorfheidhmiú i leith fóntais náisiúnta. Stiúrthóir na hOifige um Nascacht Dhigiteach sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide is ea Fergal faoi láthair. Roimhe sin, stiúir sé an clár Rialtais a seoladh chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag gach saoránach sa Stát ar leathanbhanda ardluais faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Shealbhaigh Fergal ról ardbhainistíochta le ComReg, an rialálaí teileachumarsáide, roimhe sin. Bhí roinnt post cuntasaíochta agus iniúchóireachta aige freisin, lenar áiríodh róil le PricewaterhouseCoopers (PwC) i mBaile Átha Cliath agus in Melbourne.
Tá an tUas. Mulligan ina Chuntasóir Cairte Deimhnithe ó bhí an bhliain 1998 ann agus, le blianta beaga anuas, fuair sé dioplómaí sa Rialachas Corparáideach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus san Eacnamaíocht agus an Dlí Iomaíochta ó Choláiste an Rí, Londain.
Rachaidh an tUas. Mulligan i mbun an phoist i mí na Bealtaine 2024.
CRÍOCH
Rialálaí neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann is ea an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Bunaíodh CRU sa bhliain 1999, agus oibríonn sé de réir creat beartais agus reachtúil a leagann an Rialtas síos. Tá freagracht air as rialáil eacnamaíoch agus cosaint custaiméirí sna hearnálacha fuinnimh agus uisce agus as rialáil sábháilteachta fuinnimh.
Téann a chuid oibre i bhfeidhm ar thithe agus gnólachtaí Éireannacha, agus soláthairtí fuinnimh agus uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe á gcinntiú aige do gach custaiméir.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin CRU.