Seolann an tAire Humphreys an Séasúr Liúntas Breosla
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., tús na Scéime Náisiúnta Liúntas Breosla do Shéasúr 2022/23 inniu.
Íocfar Liúntas Breosla, arb íocaíocht í ar a ndéantar tástáil mhaoine, ar feadh 28 seachtain le breis agus 371,000 teaghlach ar fud an Stáit.
Déantar an íocaíocht ar ráta seachtainiúil €33 nó, más fearr leis an bhfaighteoir, trí dhá íocaíocht chnapshuime.
Fuair an tAire Humphreys íocaíocht Chnapshuime bhreise €400 mar chuid de Phacáiste an Bhuiséid Choimirce Sóisialaí €2.2 Billiún a íocfar le gach teaghlach a bhfuil Íocaíocht Liúntais Breosla á fail acu an tseachtain dar tús an 14 Samhain 2022.
Anuas air sin, mar chuid de Bhuiséad 2023, fuair an tAire Humphreys cistiú don fhairsingiú is mó a rinneadh riamh ar an scéim Liúntais Breosla. Tabharfaidh an fairsingiú seo 81,000 teaghlach breise isteach sa scéim agus cuirfear Tástáil Mhaoine nua i bhfeidhm do Dhaoine Níos Sine ná 70 Bliain d’Aois ó Eanáir.
Faoin Tástáil Mhaoine nua do Dhaoine Níos Sine ná 70 Bliain d’Aois, is féidir le duine singil ioncam €500 sa tseachtain a bheith acu agus is féidir le lánúin ioncam €1000 sa tseachtain a bheith acu. I gcás lánúine ina bhfuil duine amháin níos óige ná 70 bliain d’aois agus ina bhfuil an duine eile níos sine ná 70 bliain d’aois, déanfar measúnú orthu trí úsáid a bhaint as na critéir don Tástáil Mhaoine ar Dhaoine Níos Sine ná 70 Bliain d’Aois.
Méadófar tairseach na tástála maoine dóibh siúd atá níos óige ná 70 bliain d’aois faoi €80 sa tseachtain freisin, aníos ó €120 go €200 os cionn an ráta sheachtainiúil den Phinsean Stáit Ranníocach.
Tá obair á déanamh anois ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar na córais TF riachtanacha agus na foirmeacha iarratais a fhorbairt chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm ó Eanáir.
Agus seoladh an tSéasúir Bhreosla á fhógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Glacann Liúntas Breosla le ról ríthábhachtach chun tacú leis na céadta míle teaghlach lena gcostais téimh i rith mhíonna an gheimhridh.
“Ar mhaithe leis an mbrú agus an strus atá ar go leor teaghlach faoi láthair a fhuascailt, íocfar cnapshuim chostas maireachtála bhreise €400 le gach teaghlach a bhfuil Liúntas Breosla á fháil acu i lár na Samhna. Méadóidh seo luach iomlán an Liúntais Bhreosla aníos go €1,324 in aghaidh teaghlaigh.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Tuigim go maith go mbíonn daoine breacaosta an-leochaileach don fhuacht, ach ní thagann go leor pinsinéirí laistigh de na tairseacha ioncaim faoi láthair chun cáiliú do Liúntas Breosla, áfach. Ar an gcúis sin, tá Tástáil Mhaoine nua do Dhaoine Níos Sine ná 70 Bliain d’Aois á tabhairt isteach agam ó Eanáir. Faoin Tástáil Mhaoine nua seo, is féidir le duine singil ioncam €500 sa tseachtain a bheith acu agus is féidir le lánúin ioncam €1,000 sa tseachtain a bheith acu agus cáiliú do Liúntas Breosla fós féin.
“Thug mé tús áite sa Bhuiséad do cháilitheacht do Liúntas Breosla a fhairsingiú agus tá obair á déanamh ag mo Roinn fairsing chun na córais TF riachtanacha agus na foirmeacha iarratais a fhorbairt chun go mbeidh daoine níos sine ná 70 bliain d’aois in ann tairbhe a bhaint as na hathruithe seo ó Eanáir.
“Mhéadaíomar an tairseach sheachtainiúil mhaoine freisin dóibh siúd atá níos óige ná 70 bliain d’aois faoi €80 sa tseachtain. I dteannta a chéile, tabharfaidh na hathruithe seo 81,000 teaghlach breise isteach sa Scéim Liúntais Breosla, arb ionann é agus an fairsingiú is mó riamh a rinneadh ar an Scéim.
“Mar chuid den Bhuiséad, fuair mé ceadú chun réimse Íocaíochtaí Cnapshuime eile a thabhairt isteach chun tacú lenár bpinsinéirí, ár gcúramóirí, á ndaoine faoi mhíchumas agus lenár dteaghlaigh oibre agus leagfaidh mé amchlár amach do na híocaíochtaí seo sna laethanta amach romhainn.”
Is féidir teacht ar eolas iomlán ar Liúntas Breosla ar láithreán gréasáin na Roinne anseo
Contae | Líon na ndaoine a bhfuil Liúntas Breosla á fháil acu |
Ceatharlach | 6,202 |
An Cabhán | 6,821 |
An Clár | 10,011 |
Corcaigh | 39,638 |
Dún na nGall | 18,716 |
Baile Átha Cliath | 78,336 |
Gaillimh | 19,268 |
Ciarraí | 14,086 |
Cill Dara | 12,498 |
Cill Chainnigh | 7,523 |
Laois | 6,704 |
Liatroim | 3,755 |
Luimneach | 17,074 |
An Longfort | 4,867 |
Lú | 12,046 |
Maigh Eo | 14,285 |
An Mhí | 11,417 |
Muineachán | 5,336 |
Uíbh Fhailí | 7,142 |
Ros Comáin | 6,113 |
Sligeach | 6,398 |
Tiobraid Árann | 16,389 |
Port Láirge | 11,948 |
An Iarmhí | 7,613 |
Loch Garman | 15,951 |
Cill Mhantáin | 9,995 |