Tá an t-Aire Doherty ag dul i gcomhpháirt le Foras Ospíse na hÉireann chun taighde a dhéanmah i gCostas Méala in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé Chéadaoin, 8ú Eanáir, 2020:
D’fhógair an t-Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty TD, inniu, go raibh sí ag dul I gcomhphairt leis an bhForas Ospíse na hÉireann chun taighde a dhéanamh i gcostas méala agus i mbochtannas sochraide in Éirinn.
Tosnóidh an taighde sna seachtainí atá rómhainn le tacú ó chistiú de €60,000 a bhain an t-Aire Doherty amach sa Bhúiséad I 2020.
Scrúdóidh an taighde bochtannas sochraide in Éirinn agus an tionchar atá ag méala ar an eacnamaíocht go leathan, ag díriú ar:
Ag labhairt inniu, dúirt an t-Aire Doherty:
“Téann méala i bhfeidhm ar daoine agus teaghlaigh ar bhonn eacnamaíoch i mbealaí éagsúla, le costais méala, costais eile gaolta le bás agus cailliúint sochair nó ioncam teaghlaigh. Tarlaíonn bochtannas sochraide nuair a sháraíonn an chostas don sochraid cumas an duine é a íocadh. Is imní mhór í do ildhaoine ag am strusmhar
"Tá iarmhairtí eacnamaíochta eile le méala freisin. Athraíonn siad ó chomhchoibhneasa idir mhéala agus torthaí fhisiciúla suaracha agus sláinte tochtach, go minic le himpleachtaí eacnamaíochta; don riachtanas chun saoire a thógáil tar éis méala chun teacht chucu féin nó aire a thabhairt do bhaill an teaghlach eile.“
Thug Iníon Sharon Foley, POF den Fhoras Ospíse na hÉireann tracht air:
“Faigheann níos mó ná 300,00 duine bás inÉirinn gach bhliain. Ciallaíonn sé sin gur féidir le 300,000 daoine gur bhásaigh duine muinteartha leo le déanaí. Ceann de na príomhmholtaí sa Tuairisc Saol Finideach (2017) dar leis an Seanadóir Marie Louise O’Donnell, a chuir chuige an Riachtais ina iomlán do cheisteanna faoi dheireadh saoil in Éirinn, a raibh chun taighde a dhéanamh ar na tionchair socheacnamaíochta de chostais bainteach le fáil bháis, bás agus méala. Tríd ár n-obair san FOÉ, tá sé ar eolas againn gur féidir leis an bpróséis ag leanúint bás do dhuine atá muinteartha dúinn a bheith dianaithe le buarthaí airgeadais agus is féidir iarmhairtí fadtéarma a leanúint ar slainte agus folláine an duine agus an teaghlach. Táimid i mbun feachtais don taighde seo le tamaill anuas san earnáil seo.
“Is céim ollmhór é an deontas seo ón Rialtas san aitheantas go bhfuil bás i ngnóthaí gach duine agus failtímid tiomantas an Aire Doherty agus a Roinn don tionscnamh taighde riachtanach seo. Táimid ag tnúth go mór leanúint leis an gcomhpháirtíocht seo san earnáil taighde seo agus tá súil againn, mar thoradh, cabhair le níos mó eolais a thabhairt i bpolasaí an Rialtais sa todhchaí."
I láthair na huaire, soláthraíonn an Roinn um Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí réimse de tacaíochtaí airgeadais do dhaoine a bhfuil duine caillte acu trí mhéala. San áireamh, ta pinsean baintrí/baintrí fir, deontas baintreachais nó páirtnéara shibhialta mharthanaigh, an soláthar d’íocaíochtaí leas sóisialta éagsúla, Pinsean Stáit san áireamh, do dhaoine fásta a leanann na coinníollacha ar feadh sé seachtaine tar éis bás chéile/ pháirtnéir shibhialta.
Soláthraíonn an Roinn tacaíocht airgeadais ag braith ar acmhainní atá ar fáil do dhaoine chun cabhair a thabhairt dóibh agus a dteaghlaigh costas na sochraide a chluadach tríd Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúla. I 2018, thug an Roinn beagnach 3,000 de na híochaíochtaí sin le luach de €5.5 mhilliún i leith costais bainteach le sochraidí.
Tabhairfaidh an taighde a fhógraíodh inniu níos mó eolais ar na haireagáin nua nó tacaíochtaí gur féidir leis an stáit a sholáthar chun na cruatan a ghabhann le bás. Críochnóidh Foras Ospíse na hÉireann agus cuirfeadh siad an taighde i láthair don Roinn roimh dheireadh na bliana 2020.
CRÍOCH
Sonraí Teangmhála na Preasoifige
Ríomhphoist: press.office@welfare.ie
F: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection