Éire sa Veinéis - Fógraíonn an tAire Catherine Martin ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán , Catherine Martin T.D., gur roghnaíodh an t-ealaíontóir Eimear Walshe le Sara Greavu agus Project Arts Centre mar choimeádaí, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024.
Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharcealaíona, agus meallann sé os cionn leathmhilliún cuairteoir, lena n-áirítear coimeádaithe, gailearaithe, léirmheastóirí ealaíne agus ealaíontóirí domhanda. Roghnaíodh an fhoireann chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn tar éis próisis oscailte iomaíoch le baill den ghiúiré idirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Martin:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hEimear Walshe, Sara Greavu agus Project Arts Centre as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024. Méadaíonn ionadaíocht sa Veinéis feasacht ar earnáil láidir amharc-ealaíon na hÉireann agus is tráth tábhachtach é i ngairm bheatha ealaíontóra. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon”.
Cuirfidh Pailliún Eimear Walshe don Veinéis 2024 sintéis chultúrtha nua ar fáil a nascfaidh ár nóiméad comhaimseartha leis an am atá thart, go háirithe le hoidhreachtaí inscne agus gnéis a bhaineann le stair na talún agus na tithíochta. Agus iad ag obair le raon comhoibrithe thar a bheith cumasach, molann a gcuid oibre caidreamh le talamh agus foscadh arna thiomáint ag comhghníomhaireacht agus pobal. Fillfidh an saothar seo ar Éirinn ar camchuairt náisiúnta a thacóidh an Chomhairle Ealíon in ionaid éagsúla ar fud an oileáin.
Dúirt an t-ealaíontóir a roghnaíodh, Eimear Walshe:
“Táim an-bhródúil as ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Veinéis i mí Aibreáin seo chugainn. Tá mo chleachtas fite fuaite in Éirinn, san áit agus leis na daoine is ansa liom, agus cuireann sé sin go mór leis. Ag an am céanna, eascraíonn mo chuid oibre as comhthéacs náisiúin i ngéarchéim atá ag dul i méid; is é seo ábhar mo chuid oibre. Agus Sara Greavu ina coimeádaí, tá sé mar aidhm againn pailliún a dhéanamh in ómós dóibh siúd atá mar dhídean dá chéile, in ainneoin na n-ainneoin.”
Dúirt an coimeádaí Sara Greavu:
“Cuireann Biennale na Veinéise deis iontach ar fáil chun smaointe, cleachtais agus práinneanna na healaíne comhaimseartha in Éirinn a nascadh le healaíontóirí, smaointeoirí agus pobail go hidirnáisiúnta. Léiríonn saothar iontach Eimear Walshe dearcadh ghlúin a bhfuil drochbhail uirthi, agus moltar ann bealaí nua chun dáimh, grá áite agus pobail a chothú; diúltú do choimhthíos leis an stair agus leis an bpobal, le teanga agus le traidisiún. Tá an-áthas orainn oibriú leo ar ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Tá Pailliún na hÉireann sa Veinéis ábhartha do chreat níos leithne an 60ú Biennale na Veinéise, fiú agus é ag tarraingt ár n-aird ar ár saolta sóisialta agus ábharacha féin, ag athrú ár dtuiscint orainn féin.”
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Rinne Niamh O’Malley (2022), Eva Rothschild (2019), Jesse Jones (2017), Sean Lynch (2015) agus Richard Mosse (2013) ionadaíocht ar Éirinn ag Biennale na Veinéise.
Ealaíontóir as Longfort is ea í Eimear Walshe (r. 1992, iad/iadsan) atá ag obair faoi láthair i nGailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Déantar cur síos ina gcuid oibre i bhfíseán, dealbhóireacht, foilsitheoireacht agus taibhiú ar an oidhreacht a bhain le conspóid talún in Éirinn ó go déanach sa 19ú haois agus an bhaint a bhí aige le maoin phríobháideach, coimeádachas gnéis, agus an timpeallacht thógtha. Rinne siad taispeántais le déanaí le Van Abbemuseum, EVA International, the National Sculpture Factory, agus Temple Bar Gallery and Studios. Tá a saothar i mbailiúcháin na Comhairle Ealaíon agus Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann. Taistealaíonn siad ar fud an oileáin ag scagadh, ag léamh agus ag léiriú a gcuid oibre.
Is Coimeádaí na nAmharcealaíon ag Project Arts Centre, Baile Átha Cliath í Sara Greavu (í/ise) agus is taighdeoir, scríbhneoir agus eagraí í. Comhoibríonn sí le healaíontóirí, le scríbhneoirí, le smaointeoirí, le gníomhaithe agus le daoine eile chun taispeántais, cláir phoiblí, foilseacháin agus imeachtaí a dhéanamh. I measc na dtionscadal le déanaí tá GOT DAMP / PÚSCADH ANUAS in Project Arts Centre; an taispeántas cartlainne We realised the power of it, ag EVA International i gcomhar le Ciara Phillips agus Ceardlann Scannáin agus Físeáin Dhoire; agus Knowledge is Made Here, tionscadal oideachais eile do dhaoine óga a rinneadh i gcomhpháirtíocht leis an ealaíontóir Andrea Francke.
Bunaithe ag ealaíontóirí in 1966, ba é Project Arts Centre an chéad ionad ealaíon in Éirinn. Mar phríomhionad na hÉireann maidir le forbairt agus cur i láthair na n-ealaíon comhaimseartha, cuireann Project breis agus 600 imeacht ar fáil don phobal in aghaidh na bliana agus meallann sé lucht féachana os cionn 50,000 duine, chomh maith le tacú le cur i láthair saothair, agus camchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, le healaíontóirí neamhspleácha. Oibríonn an tionscadal le héagsúlacht leathan ealaíontóirí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne go léir, ag iniúchadh modhanna uaillmhianacha rannpháirtíochta chun ealaín a dhéanamh spreagúil agus inrochtana do lucht féachana nua agus reatha.
Ó 2005 tá ionadaíocht náisiúnta ag Biennale na Veinéise mar thogra Rialtais faoi stiúir Chultúir Éireann i bpáirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Measann an dá phairtnéir gur deis iontach é an Biennale d’ealaíontóirí forbairt agus do choimeádaithe obair i gcomhthéacs idirnáisiúnta. I ndiaidh a gcur i láthair, rachaidh taispeántas “Éire sa Veinéis” ar chamchuairt náisiúnta.
Tá an Comhairle Ealaíon ar bís leanúint leis an dtacaíocht don chamchuairt náisiúnta, mar chuid dá dtacaíocht don straitéis 10 mbliain a thacaíonn le healaíontóirí saothair a chruthú atá uailmhianach, núálaíocht agus mealltach.
Eisíonn Cultúr Éireann glaoch oscailte gach dhá bhliain mar Choimisinéir d’Éire sa Veinéis chun suim a lorg do cheapacháin an Choimeadaithe agus an Ealaíontóra mar chuid d’ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Roghnaítear an fhoireann tar éis próiseas iomaíoch, oscailte le baill ghiúiré idirnáisiúnta, i bpairtíocht le Cultúr Éireann agus leis an gComhairle Ealaíon.