Buiséad 2022 - Maith do Ghnó agus Maith d'Oibrithe
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé mar aidhm ag Buiséad 2022 cabhrú le gnólachtaí dul i mbun oibre arís agus muid ag athoscailt an gheilleagair agus na sochaí, chun iad a ullmhú don todhchaí agus cabhrú le teaghlaigh agus oibrithe leis an gcostas maireachtála.
Tagann maoiniú arna leithdháileadh ar an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i mBuiséad 2022 sa bhreis ar na bearta a fógraíodh sa Phlean Náisiúnta um Théarnamh Eacnamaíoch, ina leagann amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas níos mó daoine ná riamh a fháil ag obair i bpoist fhadtéarmacha a sheasfaidh an aimsir.
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar TD agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:
“Tá Buiséad 2022 go maith don ghnó agus go maith d’oibrithe. Cinnteoidh sé ár dtéarnamh eacnamaíoch agus cuideoidh sé le gnólachtaí atá fós ag streachailt. Is é síneadh na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) go dtí Aibreán 2022 ar chostas suas le €1.4 billiún an rud is mó a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid. Tá sé á dhéanamh ag am nuair a bhíonn a lán Rialtas ag dúnadh scéimeanna den chineál céanna de ghnáth. Táimid ag déanamh seo mar ba mhaith linn seans a thabhairt do gach gnólacht an ceann is fearr a fháil ar an bpaindéim agus greim a choinneáil ar an oiread dá bhfoireann agus is féidir leo. Teastaíonn uainn poist agus gnólachtaí a chosaint.
“Is iomaí cor agus dul chun cinn atá feicthe againn le bliain anuas. An tríú ráig thromchúiseach den víreas agus tréimhsí fada dianghlasála - ach freisin clár vacsaínithe a bhfuil ag éirí go han-mhaith leis agus athoscailt iomlán an gheilleagair beagnach.
“Is Buiséad é seo a aithníonn go bhfuil go leor gnólachtaí fós ag streachailt. Ní bheidh éifeachtaí aille le brath ag na daoine sin a dteastaíonn tacaíocht airgeadais uathu ón Stát go fóill. Táimid ag leathnú an EWSS agus tarscaoileadh rátaí spriocdhírithe chun cabhrú leo téarnamh. Táimid ag cinntiú go mbeidh iasachtaí ar chostas íseal le tacaíocht ón rialtas fós ar fáil.
“Táimid ag féachaint don todhchaí freisin agus ag cabhrú leo siúd atá in ann fás. Cinnteoidh leathnú na Scéime Dreasachta Fostaíochta agus Infheistíochta (EIIS), leathnú ar Fhaoiseamh Cuideachtaí Nua-thionscanta Beaga, an Creidmheas Cánach Cluichíochta Digiteach nua, Ciste Cothromais Nuálaíochta nua €90 milliún chomh maith le hacmhainní méadaithe don IDA agus Fiontraíocht Éireann é seo. Tá athrú aeráide agus teicneolaíochtaí digiteacha ag athrú saol na hoibre agus caithfimid a chinntiú go n-ullmhaítear gnólachtaí na hÉireann.
“Mar a fógraíodh cheana sa NDP Athbhreithnithe, cuirfimid €20 milliún ar fáil chun cabhrú le fiontar na hÉireann dícharbónú agus dul digiteach agus beidh glao nua ar iarratais ar an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Tá siad seo go léir deartha chun réimsí nua d’fhás geilleagrach a thosú, rud a sholáthróidh poist fhadtéarmacha, a sheasfaidh an aimsir."
Dúirt an Tánaiste:
“Theastaigh uainn sa Bhuiséad seo freisin cuidiú le daoine leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid. Cinnteoidh méadú na gcreidmheasanna cánach agus leathnú na mbandaí cánach gur féidir le hoibrithe níos mó den airgead a thuilleann siad agus an chuid is mó d'aon ardú pá nó incrimint a d’fhéadfadh siad a fháil in 2022 a choinneáil. Táimid ag méadú an íosphá go €10.50 san uair ón 1 Eanáir freisin, sin méadú 30 cent ar an mbliain seo. Creidim go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach, mar caithfimid a chinntiú go gcosnaítear oibrithe ar phá íseal ó bhoilsciú. Feicfidh tú go bhfuil an Rialtas ag déanamh sin ar go leor bealaí sa bhuiséad seo."
Dúirt an tAire Stáit don Ghnó, Fostaíochta agus Miondíol, Damien English TD:
“In Éirinn, is iad ár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide áitiúla croílár ár ngeilleagair. Tá siad ríthábhachtach chun fostaíocht agus gníomhaíocht eacnamaíoch a thiomáint chomh maith le bheith leabaithe inár bpobail uile. Aithníonn Buiséad 2022 go bhfuil earnáil láidir, athléimneach FBManna ríthábhachtach chun an geilleagar a atógáil tar éis COVID-19. Beidh sé ríthábhachtach chun cabhrú le FBManna aistriú chuig an ngeilleagar glas agus digiteach.
“Leithdháileadh maoiniú breise ar Fiontraíocht Éireann agus ar ár nOifigí Fiontair Áitiúla chun ligean dóibh oibriú le gnólachtaí dúchasacha Éireannacha ar an tábhacht a bhaineann le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide; chun digitiú FBManna a luathú; agus a chinntiú go leathnaíonn téarnamh agus fás na hearnála FBManna go dtí gach cuid den tír.
“I bhfianaise thábhacht na hearnála miondíola agus na buntáistí a bhaineann le trádáil ar líne do mhiondíoltóirí tá áthas orm go mbeidh babhta nua den Scéim Miondíola Ar Líne rathúil á thabhairt isteach againn an bhliain seo chugainn. Ina theannta sin, chuir mo Roinn tús le hathbhreithniú mór ar an Earnáil Mhiondíola le déanaí agus táthar ag súil go mbeidh sé seo críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo."
Dúirt an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD:
“Cinntíonn Buiséad 2022 go bhfuil cúnamh leanúnach ann do na gnólachtaí agus na hearnálacha sin a bhfuil gá acu leis agus leagann sé rian ár n-uaillmhian tacú le fiontair Éireannacha an tírdhreach athraithe a nascleanúint agus na deiseanna a thairgeann sé a thapú.
“Trí dhíriú ar ár dtéarnamh iar-phaindéimeach agus glacadh leis na deiseanna nuálaíochta, beimid in ann an geilleagar a atógáil go mbeidh sé níos láidre agus níos athléimní. Beidh claochlú digiteach lárnach ina leith seo, agus tá áthas orm é seo a fheiceáo; sa Bhuiséad seo lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Digiteach €10 milliún chun tacú le FBManna na hÉireann ar a dturas digiteach agus a gclaochlú. Ina theannta sin, beidh ról ríthábhachtach ag an leithdháileadh €3 mhilliún chun roinnt moil um Nuálaíocht Dhigiteach Eorpach a bhunú chun digitiú FBManna na hÉireann a éascú ar fud earnálacha agus réigiún.
“Ina theannta sin, chun tacú lenár dtéarnamh iar-phaindéimeach, tá sé níos tábhachtaí ná riamh ár seasamh mar cheann scríbe tarraingteach do FDI a chothabháil. Chomh maith leis na leithdháiltí eile ar an IDA chun ár dtairiscint réigiúnach a fheabhsú agus FDI a mhealladh chuig gach contae in Éirinn, tá €6.4 milliún sa Bhuiséad seo chun Éire a dhíol mar shuíomh tarraingteach le haghaidh infheistíochta. Léiríonn an Buiséad seo tiomantas leanúnach an Rialtais tacú le gnólachtaí trí dhúshláin na bliana go leith seo caite agus tá sé ag tnúth freisin leis na deiseanna a chuirfidh ar ár gcumas bogadh ar aghaidh chuig téarnamh eacnamaíoch."
Ar an iomlán, tá méadú €103 milliún nó 13.2% tagtha ar chroíbhuiséad na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar Bhuiséad 2021. Seo an croíleithdháileadh is airde don Roinn agus neartóidh sé go mór cumas na Roinne, ag obair lena hOifigí agus a Gníomhaireachtaí, cabhrú le ghólachtaí atógáil agus fás i ndiaidh na paindéime.