Deontas suas le €54,335 ceadaithe d’Áras Chrónáin do staidéar féidirtheachta maidir le seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge i gCluain Dolcáin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu, 22 Nollaig 2023, go bhfuil deontas de suas le €54,335 nó 95% den chostas iomlán inghlactha, á chur ar fáil aige do Mhuintir Chrónáin, atá lonnaithe in ionad cultúir Áras Chrónáin, faoin gClár Caipitil de na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le cumasú dóibh staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith fhorbairt áiseanna agus seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge i gCluain Dolcáin.
Tá Cluain Dolcáin ainmnithe mar cheann de na Líonraí Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus rinneadh Plean Teanga a ullmhú ina leith, a ceadaíodh in 2020. Is é príomhchuspóir an Phlean Teanga cur le húsáid na Gaeilge mar theanga pobail an líonra ar bhonn incriminteach agus tá tagairt shonrach déanta ann d'fhorbairt a dhéanamh ar áiseanna agus seirbhísí luathbhlianta faoi Bheart B.4.
Is léir go dtabharfadh an fhorbairt seo spreagadh agus tacaíocht do phobal Chluain Dolcáin an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga labhartha, mar theanga teaghlaigh agus mar theanga phobail i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan agus an deontas á fhógairt aige:
“Léiríonn torthaí Dhaonáireamh 2022 go bhfuil líon ard daoine le Gaeilge ag cónaí i mBaile Átha Cliath. Is é 467,679 an líon a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt – ardú 8% ar fhigiúirí 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 16,440 go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 29,624 go labhraíonn siad go seachtainiúil í.
"Caithfear gach beart a dhéanamh le tacú leis na daoine seo, go háirithe iad siúd atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Chuige sin, tá áthas orm, mar Aire Stáit, go bhfuil sé ar chumas mo Roinne deontas a chur ar fáil do Mhuintir Chrónáin chun tacaíocht a thabhairt agus cumasú don eagraíocht an chéad chéim a thógáil i leathnú amach seirbhísí luathbhlianta an cheantair agus an staidéar féidearthachta seo a chur i gcrích ina leith. Tréaslaím leis an eagraíocht as a cuid iarrachtaí sa spás seo agus beidh mé ag súil le toradh na hoibre a fheiceáil amach anseo.”
Tá tiomantas an Rialtais i leith sheachadta tionscadail mar seo léirithe sna gealltanais éagsúla atá tugtha i leith fhorbairt Ionad Gaeilge agus a leithéid timpeall na tíre i gClár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile, sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 faoin Thionscadal Éireann 2040 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Is ón gClár Caipitil de Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge d’eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht go sonrach a ceadaíodh an deontas seo. Faoin gclár is féidir deontas suas le 95% a cheadú do thionscadal a bhaineann leis na luathbhlianta i mBailte Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonraí Gaeilge, le tuilleadh eolais le fáil faoin gClár anseo .
Nótaí don Eagarthóir:
Clár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile “Ionaid Ghaeilge a fhorbairt i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn le haghaidh cur chuige pobalbhunaithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge.” Lch. 98
Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022: Bearta 4.12
Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030: Lasmuigh den Ghaeltacht, leanfaidh an Roinn dá tacaíocht don fhorbairt ar Ghréasáin Ghaeilge agus ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus beifear ag díriú go sonrach ar mhoil teanga agus chultúir na Gaeilge mar aitheantas ar an éileamh atá ag fás ar bhonneagar Gaeilge. Ar na tionscadail is suntasaí beidh Mol Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Conradh na Gaeilge agus Páirtithe Leasmhara eile. (Lch. 84)