Méadú ar an bhfórsa saothair sláinte fógartha ag an Aire Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfuil méaduithe le feiceáil ar an bhfórsa saothair sláinte agus ar ghníomhaíocht chúram sláinte agus é i ndiaidh na táblaí sonraí is déanaí a fhoilsiú maidir le staitisticí cúram sláinte neamhairgeadaíochta.
Léiríonn na sonraí:
Ag breathnú ar na sonraí a foilsíodh le déanaí, léiríodh freisin go bhfuil Éire fós ag mealladh oibrithe cúraim sláinte ó gach cearn den domhan, leis an India, an Ríocht Aontaithe, agus na hOileáin Fhilipíneacha ar na 3 thír is coitianta óna dtáinig na haltraí oilte eachtrannacha in 2023. Fuair níos mó ná leath de na haltraí atá ag cleachtadh anseo a gcéad cháilíocht altranais lasmuigh d'Éirinn.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Le linn shaolré an Rialtais seo, d'fhostaigh FSS os cionn 26,000 ball foirne breise, méadú 22%. I gcomhar leis seo, táimid ag scrúdú conas a dhéanaimid ár seirbhísí cúraim sláinte a struchtúrú go héifeachtach, chun a chinntiú go n-úsáidtear acmhainní go héifeachtach, agus go mbaintear an leas is fearr as táirgiúlacht na seirbhíse sláinte.
“Is gné thábhachtach í na staitisticí náisiúnta cúraim sláinte seo a bhailiú agus muid ag déanamh iarrachta rochtain ar an gcúram ceart san áit cheart ag an am ceart a fheabhsú agus a leathnú, chomh maith le caighdeán an chúraim a neartú agus na torthaí is fearr a chinntiú d'othair.”
Is í seo an dara bliain a bhailigh agus a d'fhoilsigh an Roinn Sláinte na sonraí bliantúla maidir le Staitisticí Náisiúnta Cúram Sláinte mar chuid den cheistneoir Staitisticí um Chúram Sláinte Neamhairgeadaíochta, arna riar go comhpháirteach ag Eurostat, an OECD agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).
Cabhraíonn na sonraí seo le rochtain thráthúil a sholáthar do thaighdeoirí agus don phobal ar fhaisnéis náisiúnta agus tá siad cabhrach chun tuiscint níos fearr a fháil ar shonraí na hÉireann ar réimse topaicí sláinte agus ar an gcaoi a gcuirtear Éire i gcomparáid le tíortha eile.
Déantar an fhaisnéis a óstáil ar gov.ie , áit láraithe don phobal le rochtain a éascú ar shonraí agus ar mheiteashonraí. Tá sé ar fáil freisin ar data.gov.ie i gcomhréir le tiomantas an Rialtais do Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Sonraí Oscailte.
Sásaíonn foilsiú táblaí sonraí oscailte moltaí athbhreithnithe Piaraí Eorpacha gur cheart d'Éirinn sonraí náisiúnta a chur ar fáil sula bhfoilseofar iad trí Eurostat agus OECD. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.