Fógraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann cistiú le haghaidh sé thionscadal geo-oidhreachta pobail
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, deontais gheo-oidhreachta a bhronnadh ar shé thionscadal phobalbhunaithe ar fud na tíre. Is fiú suas le €10,000 an ceann iad na deontais. Tá na cistí ar fáil faoin Scéim Deontas Geo-oidhreachta atá á riar faoin gClár Geo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Leis na cistí, tacaítear le grúpaí áitiúla, le láithreáin sheanbhunaithe gheothurasóireachta, le geopháirceanna ionchasacha agus le Geopháirceanna Domhanda UNESCO ábhair oideachais agus for-rochtana a fhorbairt agus a fhoilsiú. Tá sé mar aidhm leis an gciste insint scéal geolaíoch na hÉireann a spreagadh, feabhas a chur ar an tuiscint ar an ngeo-eolaíocht agus dul i dteagmháil le grúpaí áitiúla ar fud na tíre.
Cuid d’oidhreacht na hÉireann is ea an gheolaíocht, agus ceiliúrtar mar chuid dár bhféiniúlacht í. Imríonn an tírdhreach agus na carraigeacha faoina bhun tionchar ar ár dtionscal turasóireachta, agus is ar na gnéithe geolaíocha agus geografacha a bhíonn ár dtalmhaíocht agus ár mbia agus, ina lán cásanna, ár logainmneacha agus ár dtraidisiúin bunaithe. Mar gheall ar éagsúlacht leathan na geolaíochta in Éirinn agus ar mhúnlú an tírdhreacha le déanaí, tá acmhainneacht ag gach baile fearainn scéal spéisiúil geo-oidhreachta a insint. Tá an ciste ar fáil do gach grúpa pobail agus áitiúil ón mbliain 2019 i leith, agus é mar aidhm leis oideachas geo-éagsúlachta, geo-oidhreachta agus geo-eolaíochta a chur chun cinn trí rannpháirtíocht an mhórphobail.
Leanann na hiarratais rathúla sa bhliain 2022 le héagsúlacht gheolaíocht agus gheo-oidhreacht na hÉireann, agus an luach ar an ngeolaíocht agus ar an ngeo-oidhreacht sin do thionscnaimh agus pobail áitiúla, a léiriú. I roinnt de na tionscadail, tarraingítear aird ar rannpháirtíocht an phobail leis an ngeolaíocht áitiúil agus leis an ngeo-oidhreacht áitiúil:
Leanann Geopháirceanna Domhanda UNESCO lena ngeolaíocht áitiúil a cheiliúradh. I mbliana:
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Tá an tSuirbhéireacht Gheolaíochta ag obair ar fud na tíre ón mbliain 1845 i leith, agus tá sé seo ar cheann amháin de na bealaí inar féidir rannchuidiú le pobail, dea-chaidreamh a chothú agus daoine a spreagadh obair i gcomhar linn chun sonraí, léarscáileanna agus saineolas a úsáid ar mhaithe le hacmhainní áitiúla turasóireachta agus oideachais a fhorbairt. Tá na tionscadail a sheolfar i mbliana mar fhianaise ar an raon leathan bealaí inar féidir an gheolaíocht agus an gheo-oidhreacht a úsáid chun an turasóireacht agus an t-oideachas a fhorbairt agus chun bród áitiúil a chothú as an obair a rinne na tionscadail phobail áitiúil a fuair cistiú den chineál céanna sa bhliain 2021-2022. Is cúis áthais dom go bhfuair an Scéim Deontas Geo-oidhreachta an oiread sin iarratas i mbliana, agus táim ag tnúth le torthaí na gcomhthionscadal pobail a fheiceáil."
Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í.
Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann seirbhís Geolaí ar Dualgas don phobal chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus ábhair imní a bhaineann leis an ngeo-eolaíocht. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
Is ar an gClár Geo-oidhreachta i Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann atá an fhreagracht as láithreáin a bhfuil tábhacht gheolaíoch leo a chosaint agus a chur chun cinn. Sainaithníonn sé láithreáin mar Láithreáin Gheolaíocha Chontae lena gcur ar áireamh i bPleananna Forbartha agus Oidhreachta Contae. Cuirtear Iniúchtaí Contae i gcrích i gcomhpháirt leis an gComhairle Oidhreachta agus le húdaráis áitiúla, agus moltar na Láithreáin Gheolaíocha Chontae is mó suntas don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra lena n-ainmniú féideartha amach anseo mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha. Oibríonn an Clár i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le grúpaí pobail chun táirgí geothurasóireachta a fhorbairt agus, go háirithe, chun Geopháirceanna Domhanda UNESCO a bhunú agus a chothú.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Geo-oidhreachta agus faoi na tionscadail gheo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
Ainm | Láthair | Mionsonraí |
Páirc Fionnachtana Chaisleán an Chomair | Co. Chill Chainnigh | Táirgfidh Páirc Fionnachtana Chaisleán an Chomair i gCo. Chill Chainnigh conair gheolaíochta ar líne chun geo-oidhreacht na Páirce agus geolaíocht limistéar Chaisleán an Chomair a thaispeáint. Áirítear leis na buaicphointí geo-oidhreachta sa limistéar an oidhreacht mianadóireachta guail atá aige agus na hiontaisí annamha carbónmhara amfaibiacha a aimsíodh ann sa bhliain 1864. Cruthófar léarscáil gheolaíoch de limistéar Chaisleán an Chomair, rud a bheidh ar fáil freisin sna treoracha conaire agus a sholáthrófar do na scoileanna a bheidh páirteach sa seisiún nua geolaíochta. Tá sé mar aidhm leis an gconair an gheo-oidhreacht a chur chun cinn i measc scoileanna agus an phobail laistigh den limistéar áitiúil agus laistigh de mhórcheantar Pháirc Fionnachtana Chaisleán an Chomair araon (Cill Chainnigh, Ceatharlach, Loch Garman, Port Láirge agus Baile Átha Cliath san áireamh). |
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair | Co. Phort Láirge | Cruthóidh an gheopháirc glúin nua conairí geo-oidhreachta, a bheidh dírithe ar an ngeo-oidhreacht agus ar na láithreáin stairiúla mhianadóireachta ag limistéir amhail Teach Innill Bhaile Mhic Thancaird, Cuas Bhaile Uí Dhubháin agus Trá Bhun Abha. Déanfar an fhaisnéis sin a chló agus a phostáil ar líne. Beidh ar gach léarscáil gheo-oidhreachta pointí spéise agus faisnéis faoi oidhreacht gheolaíoch na limistéar sonrach, mar aon le faisnéis ghinearálta faoi gheolaíocht an limistéir. Beidh na léarscáileanna oiriúnach dá n-úsáid ag siúlóirí nó rothaithe agus iad ag dul trí bhóithre ciúine agus stráicí easbhóthair chun lomáin agus láithreáin eile ar ábhair spéise geolaíche iad a aimsiú. |
Geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair | Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe | Taispeánfaidh an gheopháirc ionchasach tírdhreach carstach réigiún gheopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair i gContae Mhaigh Eo agus i gContae na Gaillimhe trí fhíseán beoite a léiriú ina n-inseofar scéal an tírdhreacha charstaigh atá ag forbairt leis na mílte blianta anuas. Díreofar san fhíseán ar thírdhreach carstach Lochanna an Iarthair (Loch Ceara, Loch Measca agus Loch Coirib) a d’fhorbair san aolchloch charbónmhar íochtair agus na gnéithe carstacha atá le fáil ann, lena n-áirítear limistéar cuinge Chonga, forbairt Chanáil Chonga, gné eipeacarst chladach Loch Measca, agus próisis locha marla Loch Ceara. |
Saotharlann Bhithréigiúnach Fíodóireachta, Port Láirge | Co. Phort Láirge | Is é atá i gceist leis an tionscadal atá beartaithe ná iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht an tírdhreacha agus na bpobal a chónaíonn i limistéar Chósta an Chopair agus na limistéar máguaird i gCo. Phort Láirge agus léarscáil dhigiteach a ghiniúint ansin lena ngabhfar croí oidhreacht an tírdhreacha agus na bpobal sin. |
Grúpa Athchóirithe Sheanreilig Naomh Eoin | Co. na Mí | San am i láthair, tá an grúpa pobalbhunaithe beag seo ag athfhorbairt eaglais athchóirithe ón ochtú haois déag ina ní is díol spéise do thurasóirí, rud ar a dtabharfar Ionad Oidhreachta na hOibre. Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa scéal geolaíoch an limistéir a insint trí leas a bhaint as eiseamail charraige agus iontaise a foinsíodh sa limistéar áitiúil. Beidh na heiseamail sin lonnaithe i gcaibinéid taispeántais. Léireofar ar phainéil taispeántais na gnéithe éagsúla den gheo-oidhreacht áitiúil, lena n-áirítear leath-scoiltghleann Dhún an Rí, mianaigh ghipsim, carst, agus tírdhreach Ceathartha an chreasa droimníní. Beidh comhpháirt chlosamhairc ag an taispeántas freisin, lena n-áirítear físeán drónghafa den tírdhreach agus de roinnt de na láithreáin gheolaíocha is tábhachtaí. |
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Bhoirne agus Aillte an Mhothair | Co. an Chláir | Déanfaidh an tionscadal seo sraith de bheochaintí gearra a dhearadh agus a léiriú go grafach, ina n-inseofar scéal stair gheolaíoch Gheopháirc Dhomhanda UNESCO Bhoirne agus Aillte an Mhothair, lena n-áirítear foirmiú aolchloch Bhoirne, foirmiú ghaineamhchloch agus sceall Aillte an Mhothair, na hiontaisí sa Gheopháirc, an t-aistear teicteonaice plátaí, agus an Oighearaois. |