Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar Chalaí na Sionainne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., cuairt ar Chalaí na Sionainne, ceantar idir Baile Átha Luain agus cora Mhílic ina dtarlaíonn tuiliú séasúrach. Ina theannta bhí an tAire Stáit ag an Roinn Talamhaíochta, Bia agus na Mara, Pippa Hackett; innealtóirí OPW agus ionadaithe ó Uiscebhealaí Éireann. Idir Beannchar agus cora Mhílic, chonaic na hAirí áiteanna i gCalaí na Sionainne ina bhfuil sé beartaithe caolais abhann a bhaint amach chun moill a chur ar thuiliú sa cheantar. Ina dhiaidh sin, bhuail na hAirí le ionadaithe ó Save our Shannon Group agus Cumann Feirmeoirí Éireann.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tríd an Grúpa Comhordaithe Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne oibríonn OPW go dlúth leis na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann leis an tSionainn um bearta a chur i gcrích a chuideoidh le bainistiú priacal tuile san abhantrach. Tá 11 phobal in Abhantrach na Sionainne atá cheana féin faoi chosaint ó phriacal tuile de thoradh scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá críochnaithe. Cuirfear 38 scéim eile i gcrích i gceantar na Sionainne le linn saolré an Phlean Náisiúnta Forbartha faoi infheistíocht €1bn i mbearta faoisimh tuile. Ar an iomlán, nuair a bheidh na scéimeanna seo go léir críochnaithe, cosnófar 95% de na réadmhaoine sin atá faoi phriacal suntasach tuile. Soláthróidh OPW €7m chun clár straitéiseach cothabhála a fheidhmiú thuas srutha ó Ard na Croise, chun tuiliú a mhaolú agus caolais i gCalaí na Sionainne a chur as um chuidiú le moill a chur ar thuiliú sa cheantar. Baineann thartfaoi €4m den mhaoiniú seo go díreach le scriosadh na gcaolas i gceantar na Calaí.”
Léirigh staidéir mar chuid den Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile in Abhantrach na Sionainne (MBPTA) agus an Grúpa Comhordaithe Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne na sochair dhóchúla agus bhí siad seo mar bhonn eolais leis an gcinneadh cuid de na caolais i gceantar na Calaí a bhaint amach. Tá obair ag dul ar aghaidh; ceapfar comhairleoir tionscadail chun na bearta ar fad a bhaineann leis an bpróiseas pleanála a léiriú agus a bhainistiú sular ar féidir na hoibreacha a thosú. Ní féidir na hoibreacha a thosú gan na measúnaithe cuí comhshaoil a chríochnú agus cead pleanála a fháil.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Bhunaigh an Rialtas Grúpa Comhordaithe Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne i mí Eanáir 2016 chun comhoibriú leanúnach a neartú idir na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann leis an tSionainn.
Tá na Gníomhaireachtaí Stáit seo a leanas páirteach ar leibhéal POF nó a chomhionann:
• Oifig na nOibreacha Poiblí
• Údaráis Áitiúla, á n-ionadú ag Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach
• Uiscebhealaí Éireann
• Bord Soláthar an Leictreachais
• Iascaigh Intíre Éireann
• An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
• An Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara
• Bord na Móna
• An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
• Uisce Éireann
Tá téarmaí tagartha an Ghrúpa ar fáil ag gov.ie/opw
Tá faisnéis, ar a n-áirítear Clár Oibre, Miontuairiscí agus ábhar eile a bhaineann le gach cruinniú den Ghrúpa ar fáil ag gov.ie/opw
Sa bhreis ar chosaint foriomlán tuile ó scéimeanna um fhaoiseamh tuile, ghlac Grúpa Comhordaithe Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne mórán cinntí suntasacha ó bunaíodh é.
Cuimsíonn a shaothar go dtí seo:
• Cláir Oibre bhliantúla a fhorbairt a léiríonn an réimse leathan gníomhaíochtaí agus comhordú ag na Gníomhaireachtaí Stáit uile chun an priacal tuile ar Abhainn na Sionainne a fhreagairt ar bhonn réamhghníomhach comhordaithe.
• Cothabháil dírithe a chríochnú i gcúig áit ar Abhainn na Sionainne, a neartaigh an cumas srutha agus a chuir stad le meathlú an chainéil.
• Tástáil ar leibhéil an uisce ar Loch Aillionn a ísliú mar chuidiú ar mhaolú tuile a thárlódh. Tá obair ar bun faoi láthair chun toradh na tástála seo a mheas.
• Staidéar a dhéanamh chun cúis, céim agus ráta srianta le srurth anuas ó Chora an Phairtín sa tSionna Íochtarach a scrúdú. Tá obair ar bun chun na roghanna a mheas chomh maith leis na costais agus sochair ó na roghanna éagsúla.
• Réamh-mheasúnú a chríochnú maidir le cothabháil straitéiseach ar Abhainn na Sionainne.
• Staidéar a chríochnú chun na sochair ó shrianta a bhaint amach, a laghdódh leibhéil uisce samhraidh, ar ghrineall na Sionainne trí na Calaí idir Baile Átha Luain agus Cora Mhílic.