Bronnann an tAire O’Gorman maoiniú de €635,287 ó Chuntais Dhíomhaoine do 13 eagraíocht faoin gCiste um Fhianaise Tógála Cad a Oibríonn 2023.
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil leithdháileadh de €635,287 déanta ar 13 eagraíocht faoin gCiste um Fhianaise Tógála Cad a Oibríonn.
Bunaíodh an Ciste um Fhianaise Tógála faoi na snáitheanna Sonraí agus Fianaise den tionscnamh Cosc agus Luath-Idirghabháil Cad a Oibríonn. Is é sprioc an Chiste bailiú agus úsáid sonraí i seirbhísí coiscthe agus luath-idirghabhála maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn; agus chun tacú le forbairt agus le cur i bhfeidhm scileanna chun monatóireacht, meastóireacht agus anailís éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí coiscthe agus luath-idirghabhála.
Faoin gCiste seo, tugadh cuireadh d’eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar suas le €50,000 i maoiniú do thionscadail um chosc agus idirghabháil luath. Fuarthas 71 iarratas, agus bronnadh maoiniú ar 13 eagraíocht le ciste iomlán de €635,287 leithdháilte, agus na tionscadail le rith ar feadh tréimhse 12 mhí. I measc na 13 eagraíocht deontaí rathúla tá cleachtóirí agus soláthraithe seirbhíse a oibríonn in eagraíochtaí seachbhrabúis a oibríonn le leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh.
Tá sonraí na ndeontaithe ar éirigh leo liostaithe, ina dtugtar sonraí faoi gach tionscadal, limistéar téamach, limistéar geografach, agus an méid iomlán a bronnadh (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Building Evidence Fund Successful Grantees 2023
Dúirt an tAire Ó Gormáin:
“Tá lúcháir orm maoiniú a leithdháileadh ar na 13 eagraíocht seo atá ag obair chun torthaí a fheabhsú do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh i bpobail trí chur chuige coiscthe agus luath-idirghabhála. Cabhróidh an maoiniú seo le leas a bhaint as an bhfoghlaim ó thionscnaimh agus taighde um chosc agus idirghabháil luath, agus tacóidh sé go gníomhach le húsáid sonraí agus fianaise chun eolas a chur ar fáil do phleanáil, do sheachadadh, do mheastóireacht agus d’fheabhsuithe leanúnacha.
Cabhróidh an maoiniú freisin le rochtain ar agus úsáid sonraí agus faisnéise a bhaineann le leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh a fheabhsú trí ailíniú agus forbairt a dhéanamh ar a bhfuil ann faoi láthair timpeall na tíre.
Táim ag tnúth le cloisteáil faoi thorthaí, faoi réim agus faoi thionchar na dtionscadal seo.”
CRÍOCH