Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar theach Mhichíl Uí Choileáin i gCloich na Coillte agus dialanna póca Mhichíl Uí Choileáin á nglacadh ar láimh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), cuairt ar theach Mhichíl Uí Choileáin ag Doire an Luain, Cloich na Coillte, agus dialanna póca Mhichíl Uí Choileáin á nglacadh ar láimh. Baineann mórthábhacht stairiúil leis na dialanna seo, ón tréimhse 1918 go 1922, agus tugann siad breis eolais maidir le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Tá an iasacht fadtéarmach seo an-oiriúnach agus sinn ag druidim le comóradh céad bliain ar bhás an Choileánaigh i mí Lúnasa 2022.
Bhuail an tAire O’Donovan le foireann áitiúil Séadchomharthaí Náisiúnta OPW atá freagrach as cothabháil agus cúram an Séadchomhartha Náisiúnta seo.
Ag Doire an Luain tá gabháltas beag thart faoi acra amháin, a chuimsíonn imlíne an tí ar a thugtar an teach nua, a tógadh ins na 1890óidí agus a scrios fórsaí na Breataine in 1920. Athraíodh an teach feirme bunaidh mar chró bó nuair a tógadh an teach nua agus is é seo atá fós ann inniu.
Bainistíonn OPW an láthair mar shéadchomhartha oscailte agus tá cead siteach saor in aisce.