Foilsíonn an tAire Donnelly Scéim Ghinearálta an Bhille Sláinte (Díolúine do Leanaí ó Tháillí Poiblí d’Othair Chónaitheacha) 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá faomhadh an Rialtais faighte inniu ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le haghaidh Scéim Ghinearálta an Bhille Sláinte (Díolúine do Leanaí ó Tháillí Poiblí d’Othair Chónaitheacha) 2022.
Tá sé beartaithe sa Bhille deireadh a chur le táillí othar cónaitheach poiblí do leanaí, i gcásanna lae agus thar oíche, trí dheireadh a chur leis an ngéartháille reachtúil de €80 in aghaidh na hoíche d’othair chónaitheacha, atá ann do gach leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois i ngach ospidéal poiblí.
Agus é ag fógairt na reachtaíochta nua, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá lúcháir orm faomhadh a fháil ón Rialtas chun Scéim Ghinearálta an Bhille tábhachtach seo a fhoilsiú.
"Is iad na trí phríomhthosaíocht atá agam i gcúram sláinte ná, feabhas a chur ar rochtain, ar inacmhainneacht agus ar cháighdeán. Nuair a achtófar an reachtaíocht seo, laghdóidh sé an t-ualach airgeadais a bhíonn ar thuismitheoirí/chaomhnóirí agus a leanbh á thabhairt chuig an ospidéal le haghaidh cúram othar cónaitheach,rud a chinnteoidh nach mbeidh an costas ina údar mór imní do theaghlaigh, nuair a bhíonn rochtain ag teastáil ó leanaí ar chóireáil othar cónaitheach."
Cuirfear an Scéim Ghinearálta faoi bhráid Oifig an Ard-Aighne anois le haghaidh dréachtú tosaíochta an Bhille. Tabharfar téacs an Bhille chun críche mar ábhar práinne, agus tá sé i gceist an reachtaíocht a chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais mar thosaíocht sna seachtainí atá romhainn.
Foilseofar an Scéim Ghinearálta ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.