Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála chun díriú ar scileanna digiteacha agus ar cibirscéimeanna cama mar chuid de Mhí an Fheachtais um Chibearshlándáil
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD Mí Cibearshlándála an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC) inniu i gcomhar leis an nGarda Síochána. Cuirfidh an feachtas faisnéis agus leideanna ar fáil faoin tábhacht a bhaineann le dea-chleachtais a bhunú ar líne trí dhá phríomhthéama:
Sa chéad téama, ‘Scileanna Digiteacha’, cuirfear ábhar feasachta ar fáil don phobal i gcoitinne, do ghnóthais agus d’fhostaithe maidir lena gcuid sonraí a chosaint ar líne agus a n-oifigí baile a dhaingniú, rud atá an-tráthúil i bhfianaise líon na ndaoine ar scála nach bhfacthas riamh cheana atá ag obair ón mbaile.
Tabharfaidh ábhar feasachta ar an dara téama, ‘Cibearchalaoisí’, léargas ar chibearbhagairtí reatha chun cabhrú leis an bpobal i gcoitinne rioscaí a íoslaghdú, agus díreofar ar fhioscaireacht agus calaoisí ar líne a aithint. Spreagann an phríomhtheachtaireacht úsáideoirí a bheith níos feasaí faoi chibearchalaoisí nuair a bhíonn siad ar líne.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Ó táimid ag obair ón mbaile níos mó ná riamh anois, tá sraith chibeardhúshlán le sárú ag daoine aonair agus ag gnólachtaí ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Is bealach iontach í an mhí cibearshlándála chun eolas agus uirlisí atá ar fáil a chur chun cinn i measc shaoránaigh agus eagraíochtaí na hÉireann lena chinntiú go bhfuil an fheasacht riachtanach acu chun iad féin a chosaint ar chibearbhagairtí.”
I gcaitheamh na míosa, beidh an NCSC ag cur leideanna ar fáil chun feasacht a spreagadh ar na hábhair seo a leanas:
D’oifig bhaile a dhaingniú
Calaoisí ar líne a aithint
Pasfhocail
Glacfaidh an NCSC páirt freisin i seimineár gréasáin ar Imscaradh agus Slándáil 5G in Éirinn arna óstáil ag Cyber Ireland ar an 14 Deireadh Fómhair. Beidh painéal spreagúil sa seimineár gréasáin chun plé a dhéanamh ar bhuntáistí 5G agus an gá atá lena ghlacadh go luath in Éirinn, agus na dúshláin slándála a bhaineann le 5G a chur ar fáil.
CRÍOCH
Tá comhordú á dhéanamh ar Mhí Cibearshlándála na hEorpa (ECSM) ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil ENISA agus bíonn sí ar siúl gach bliain i rith mhí Dheireadh Fómhair. Tacaíonn na Ballstáit leis an bhfeachtas ar fud na hEorpa. Eagraíonn siad go leor gníomhaíochtaí lena n-áirítear comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir ghréasáin. Scaipeann siad ábhar iomchuí chun feasacht agus dea-chleachtas a spreagadh chun cibearshlándáil agus cibearshláinteachas a chur chun cinn. Le linn mhí Dheireadh Fómhair, roinnfidh an NCSC ábhar ó ENISA le leideanna maidir le fioscaireacht, ríomhphoist gnó a chur i gcontúirt, calaois siopadóireachta ar líne mar aon le cosaint sonraí pearsanta, cibearbhulaíocht agus cibearstalcaireacht.