FSS chun Costas Oideas a Íoc go Díreach d’Othair Incháilithe a Chóireáiltear faoi Cheadúnas Aireachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD a fhógairt go gcuirfear córas íocaíochta dírí in ionad an chórais aisíocaíochta d’othair incháilithe a fhaigheann a gcuid táirgí ordaithe atá bunaithe ar channabas ón Ísiltír.
Íocfaidh FSS an chógaslann dáileacháin san Ísiltír go díreach.
Go dtí seo, ceanglaíodh ar othair incháilithe nó ar a dteaghlaigh an chógaslann a íoc go díreach agus iarratas a dhéanamh leis an FSS ar aisíocaíocht ar chostas na dtáirgí ordaithe. Chuir sé seo ualach airgeadais ar na hothair agus na teaghlaigh sin. D’iarr an tAire ar a chuid oifigeach réiteach a fháil a chinntigh nár fágadh othair as póca ar feadh tréimhse ama ar bith.
Dúirt an tAire:
"Tá an-áthas orm go bhfuil próiseas nua á chur i bhfeidhm ag FSS agus Transvaal Apotheek san Ísiltír a thabharfaidh suaimhneas intinne do na seacht n-othar déag agus dá dteaghlaigh a bhí ag úsáid an phróisis aisíocaíochta go dtí seo."
Beidh FSS ag dul i dteagmháil go díreach le hothair agus lena dteaghlaigh.
Is iad othair incháilithe iad siúd atá ag fulaingt ó cheann amháin de na trí fhadhb sláinte seo:
CRÍOCH
Faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí tá sé de rogha ag cliniceoirí iarratas a dhéanamh leis an Aire Sláinte chun táirgí ata bunaithe ar channabas a ordú dá n-othair.
Teastaíonn iarratas mionsonraithe ón gcliniceoir, ag cur síos ar na siomptóim atá ag an othar, ar an bhfíric gur baineadh triail as na roghanna teiripeacha ar fad agus ag cur in iúl go bhfuil siad sásta táirgí bunaithe ar channabas a ordú agus monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann a n-othair as na táirgí a ordaítear.
Ní mór d’iarratais den sórt sin cloí freisin le moltaí a rinne an Príomhoifigeach Sláinte a mhol go bhfágann deonú ceadúnais aonair faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí chun cannabas a úsáid chun críocha leighis na gnáthphróisis rialála atá i bhfeidhm chun an pobal a chosaint agus a chinntíonn nach gcuirtear ach na cógais sin a bhfuarthas go raibh siad éifeachtach agus sábháilte ar fáil don phobal i leataobh.
De reir chomhairle an Phríomhoifigigh Leighis, caithfidh deonú ceadúnais do channabas chun críocha leighis a bheith bunaithe ar iarratas iomchuí a chur faoi bhráid na Roinne Sláinte, bíodh sé ag dochtúir comhairleach nó ag dochtúir ginearálta a dtacaíonn comhairleach lena iarratas agus atá freagrach as bainistíocht an othair agus atá sásta monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na cóireála le himeacht ama.
Faoi láthair tá othair atá á gcóireáil ag cliniceoirí ceadúnaithe ag fáil a gcuid oideas as cógaslann san Ísiltír. Go dtí seo rinne othair nó a dteaghlaigh íocaíocht as na táirgí ordaithe go díreach agus d’fhéadfadh na daoine incháilithe iarratas a dhéanamh chuig an FSS ar aisíocaíocht an chostais sin.
Mar gheall ar shrianta taistil Covid-19 in Aibreán 2020 chuir an Roinn Sláinte tús le scéim chun na táirgí ordaithe ón Ísiltír a bhailiú lena seachadadh go díreach chuig tithe na n-othar. I mí na Nollag dheimhnigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD go leanfaidh an próiseas seo tar éis na paindéime d’othair agus dá dteaghlaigh.