Ráiteas ón Aire Sláinte, ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ón Aire Gnóthaí Eachtracha maidir le cúnamh breise COVID-19 don India
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Lean an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD, in éineacht le FSS agus roinnt Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit eile ag obair chun cúnamh a thairiscint don India mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 atá ag dul in olcas ansin.
D'imigh síntiús éigeandála de 700 dlúthaitheoir ocsaigine ó hÉirinn chun na hIndia ar maidin. Comhaontaíodh síntiús breise de níos mó trealaimh tarrthála lena n-áirítear gineadóir ocsaigine amháin ar a laghad agus 365 aerálaí agus tá socruithe iompair á ndéanamh. Mar is amhlaidh le deonú dlúthaitheoirí ocsaigine, tá an síntiús á thabhairt ó stoic a cheannaigh FSS ar dtús mar chuid d’ullmhúcháin phaindéime.
Tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) ag obair ar fheachtas cabhrach na hÉireann, tríd an Mheicníocht Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag obair leis an Roinn Sláinte, FSS, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cúnamh Éireann, an Roinn Iompair, na Coimisinéirí Ioncaim agus eile.
Tá an tacaíocht seo mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an AE atá ar bun faoi láthair chun freagra comhoibritheach a sholáthar tar éis iarraidh na hIndia ar chúnamh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá sé beartaithe go dtiocfaidh na dlúthaitheoirí ocsaigine a thug Éire cheana féin chomh fada leis an India anocht. Táim sásta go bhfuil Éire in ann an síntiús breise trealaimh seo a thabhairt dár gcairde san India, ag tacú le cúram a sholáthar dóibh siúd is mó atá ag fulaingt le COVID-19."
Dúirt an tAire O’Brien:
“Arís eile, tá FSS agus muintir na hÉireann ag taispeáint dlúthpháirtíochta leis an India ag an am seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na gníomhaireachtaí stáit go léir lena mbaineann atá ag obair go dian chun an síntiús seo a thabhairt i gcrích taobh istigh de thréimhse ama an-ghearr.
Dúirt an tAire Coveney:
“Tá Éire ag déanamh a cuid i bhfreagra Fhoireann na hEorpa an AE ar an ráig is airde fós ar chásanna COVID-19 san India. Trí ár n-iarrachtaí a chomhordú agus ár n-acmhainní a thiomsú, táimid ag uasmhéadú ár dtionchar comhchoiteann. Tabharfaidh an tacaíocht tarrthála seo faoiseamh a bhfuil géarghá leis dóibh siúd atá buailte agus tacóidh sí le hospidéil san India agus le hoibrithe cúram sláinte ar líne tosaigh na paindéime."
CRÍOCH