Tá an rialtas ar ainmniú an Taoisigh Leo Varadkar tar éis Airí Stáit breise a cheapadh agus a gcuid freagrachtaí a shannadh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach agus é ag caint tráthnóna:
“Guím gach rath ar na hAirí Stáit nuacheaptha agus iad ag tabhairt aghaidh ar a ndualgais nua. Tá tallann agus cumas ollmhór againn feadh na trí pháirtí atá i rialtas.
“Agus muid tagtha tríd COVID tá dúshláin ollmhóra le sárú againn sna blianta atá amach romhainn Mar a deir mé Dé Sathairn, tá éigeandáil i ndiaidh éigeandála ag titim amach: an aeráid, an cogadh san Úcráin, tithíocht, costas maireachtála, bochtaineacht leanaí. Tá bagairtí ann freisin don gheilleagar agus don fhostaíocht, agus tionchar acu sin ar gach pobal sa tír.
“Ní mór dúinn déileáil le gach dúshlán mar éigeandáil náisiúnta agus leas a bhaint as acmhainní iomlána an Stáit agus as gach atá ar fáil dúinn sa rialtas chun difríocht láithreach agus i ndáiríre a bhaint amach. Beidh ról riachtanach ag na hAirí Stáit seo sa bhfreagra sin, agus i seachadadh an chuid eile den Chlár Rialtais.”
Tá Hildegarde Naughton ceaptha chuig Roinn an Taoisigh anois ina Príomh-Aoire an Rialtais agus í tar éis tuilleadh freagrachtaí a fháil chun a bheith ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte (Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí).
Cheap an rialtas Jack Chambers roimhe seo ina Aire Iompair Idirnáisiúnta agus Bóithre & Lóistíochta sa Roinn Iompair, chomh maith le bheith ina Aire do Pholasaí Poist sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ceapadh an Seanadóir Pippa Hackett ina hAire Úsáidte Talaimh agus Bithéagsúlachta sa Roinn Talmhaíochta.
Ceapacháin Airí Stáit
Tá na ceapacháin eile luaite anseo: