Fógraíonn an tAire Catherine Martin maoiniu níos mó ná €2.95m do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos ná €2.95 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann agus trí thacú le príomheagraíochtaí agus ionaid acmhainne.
Rachaidh maoiniú níos mó ná €1 mhilliún chun tairbhe do 99 dtionscadal a chlúdóidh sorcas, rince, scannán, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus tionscadail ildisciplíneacha a bheidh ar siúl i níos mó ná 30 tír.
Ar leithligh, tacóidh maoiniú €1,950,000 Chultúr Éireann le cláir bhliantúla ealaíona na hÉireann a sheachadfaidh Litríocht Éireann, First Music Contact agus Irish Film Institute International in 2024, chomh maith le dhá cheann de phríomhionaid chultúrtha na hÉireann: Centre Culturel Irlandais i bPáras agus Ionad Ealaíona na hÉireann sa Nua-Eabhrac.
Ag fógairt na ngradam, dúirt an tAire Martin:
“Faoi Éire Dhomhanda 2025 tá an Rialtas tiomanta dár gcultúr a roinnt ar bhonn níos leithne ar fud an domhain. Tá ról lárnach ag Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí Éireannacha teacht ar lucht féachana ar fud an domhain, gach bliain. Ciallaíonn láidreacht chruthaitheach ealaíontóirí na hÉireann, agus ardchaighdeán a gcuid saothair, go bhfuil éileamh domhanda orthu i gcónaí. Tá sé tábhachtach go dtugtar tacaíocht d’ealaíontóirí Éireannacha chun tionchar forleathan a imirt, agus chun feasacht a ardú ar ealaíona agus ar chultúr na hÉireann. Leanfaidh na heagraíochtaí agus ionaid acmhainne a mhaoinigh Cultúr Éireann in 2024 ag cur deiseanna taispeántais ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha de gach seánra in ionaid mhargaidh thábhachtacha, ag léiriú scannáin Éireannacha ar fud an domhain agus ag tacú le haistriúchán ar shaothar scríbhneoirí Éireannacha.”
I measc na dtionscadal tá:
• Sorcas: Tá Tumble Circus, Snatch Circus, agus Grant Goldie go léir ag cur a gcuid oibre i láthair ag Féile Sorcais Iarthar na hAstráile, Karridale, san Astráil.
• Rince: tacaíocht leanúnach do raon tionscadal lena n-áirítear MÁM le Teach Damhsa sa Cheoláras Náisiúnta, Taipei Taiwan, Birdboy United Falls le hEmma Martin ag Moving Colours Festival san Aithin sa Ghréig, agus ‘Volcano’ le Luke Murphy in St Ann’s Warehouse, Brooklyn, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
• Scannánaíocht: tacaíocht d’fhreastal scannánóirí Éireannacha ar fhéilte suntasacha scannán idirnáisiúnta ar nós Féile Scannán Idirnáisiúnta Palm Springs i gCalifornia, SAM, Féile Scannán Idirnáisiúnta Gijón, sa Spáinn, agus Féile Scannán na hÉireann Londain, sa Bhreatain.
• Litríocht: Scríbhneoirí Éireannacha ag labhairt ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla, ar nós Aonach Leabhar Leanaí Bologna san Iodáil, agus Féile Liteartha Idirnáisiúnta Paraty, sa Bhrasaíl; Tacaítear freisin le léamh filíochta agus scéalaíocht ag Féile Pricigin in Split sa Chróit, Féile IRL, Ceanada, Ealaíona Liteartha Torch, Austin, SAM, agus in Gasson Hall, Bostún, SAM.
• Ceol: Tacaíocht le breis agus 40 turas idirnáisiúnta ar fud an domhain ag clúdach raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Caroline Keane & Tom Delany (An Astráil/An Nua-Shéalainn), Lorraine Nash (An Astráil), Wallis Bird (An Astráil/An Nua-Shéalainn), Clare Sands (An Astráil/An Nua-Shéalainn), Junior Brother (An Bhreatain), Mick Flannery (An Bhreatain/An Eoraip), Susan O’Neill (An Bhreatain/An Eoraip), The Clockworks (An Bhreatain/An Eoraip), John Blek (An Eoraip), Just Mustard (Meiriceá Láir/Meiriceá Theas) , Grainne Duffy (SAM), Screaming Orphans (SAM) Aoife Scott (SAM), Martina Rosaria O’Connell (An Fhrainc), Deirdre McKay (An Afraic Theas).
• Drámaíocht: tacaíocht do thurais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Amharclann an Gheata (An Astráil), Branar (An Bhreatain), Dan Colley/Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann (An Bhreatain), Fishamble: The New Play Company (An Bhreatain), Amharclann an Bhrú (Ceanada), agus Gare St Lazare Ireland (An Eoraip).
• Amharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha ina measc Breda Lynch (An Astráil), Ailbhe Ní Bhriain (Benin), Maud Cotter (An Bhreatain), Damien Flood (an Iodáil), Oonagh Hyland (an Iodáil/an Ghearmáin/an Eastóin), Alannah Robins (An tSualainn), Ciarán Murphy agus Niamh O'Malley (SAM), agus i dtreo láithreacht na hÉireann ag aontaí ealaíne idirnáisiúnta lena n-áirítear Art Singapore 2024 (Singeapór), The London Art Fair (An Bhreatain), INK Miami Art Fair (SAM) agus Portland Fine Print Fair (SAM).
• Ildhisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíona agus chultúr na hÉireann ag príomhfhéilte agus ionaid lena n-áirítear Féile Éireannach Bhéalgrád (An tSeirbia), Ceol agus Rince Éireann Londain (An Bhreatain), Irish Cultural Centre Hammersmith (An Bhreatain), London Irish Centre (An Bhreatain) agus seoladh na gcéad imeachtaí ar an láthair do Casa della Cultura Irlandese (an Iodáil).
Tá liosta iomlán d’fhaighteoirí an bhabhta deontais seo anseo .