Tugann an tAire Humphreys na sonraí íocaíochta le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys na sonraí íocaíochta le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200 a íocfar le 1.3 milliún duine an tseachtain seo.
Déanfar íocaíocht de €260 milliún san iomlán le grúpaí amhail pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus teaghlaigh i bhfostaíocht.
Gheobhaidh faighteoirí €200 sa bhreis ar a ngnáthíocaíocht sheachtainiúil.
Dé Céadaoin, gheobhaidh thart ar 158,000 duine a fhaigheann an Liúntas Míchumais íocaíocht €200.
Idir an dá linn, déanfar íocaíocht €200 leo siúd a fhaigheann Liúntas do Chúramóirí agus Sochar Cúramóra ar an Déardaoin. Gheobhaidh beagnach 40,000 teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht cnapshuim €200 ar an lá céanna.
Agus Dé hAoine, gheobhaidh beagnach 611,000 pinsinéir a fhaigheann an Pinsean Stáit (Ranníocach agus Neamhranníocach) cnapshuim €200 sa bhreis ar a ngnáthíocaíocht pinsin.
Tá an íocaíocht Costais Maireachtála seo mar chuid de phacáiste beart a d’aimsigh an tAire Humphreys i mí Feabhra agus tá sí sa bhreis ar an €2.2 billiún de thacaíochtaí a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2023.
Tá dátaí na n-íocaíochtaí agus líon fhaighteoirí gach scéime leagtha amach sa tábla seo a leanas.
Scéim | Faighteoirí measta | Dáta íocaíochta |
Pinsean Stáit Neamhranníocach | 98,000 | Aoine, 28 Aibreán |
Liúntas Cuardaitheora Poist | 60,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | 41,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Pinsean Neamhranníocach Baintrí/Baintrí Fir | 1,000 | Aoine, 28 Aibreán |
Liúntas Leasa Forlíontach | 3,100 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Liúntas Costais Laethúla | 3,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Cúnamh Feirme | 4,500 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Fostaíocht Pobail | 18,600 | Céadaoin go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Scéim Sóisialta Tuaithe | 2,800 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Tionscnamh Poist | 6,200 | Céadaoin go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Tús | 5,000 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair | 2,300 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
An Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas | 3,600 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair | 2,900 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Liúntas Míchumais | 158,000 | Céadaoin, 26 Aibreán |
Pinsean na nDall | 1,000 | Aoine, 28 Aibreán |
Liúntas do Chúramóirí | 50,000 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Liúntas Cúram Baile | 50,000 | Máirt, 25 Aibreán |
Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht | 39,000 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Sochar Breoiteachta (>12 mhí) | 17,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Sochar Cuardaitheora Poist (>12 mhí) | 15,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe | 1,000 | Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir) |
Pinsean Stáit (Ranníocach) | 512,600 | Aoine, 28 Aibreán |
Pinsean Baintrí Marthanaí, Baintrí Fir Marthanaí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) | 124,800 | Aoine, 28 Aibreán |
Sochar Báis um Dhíobhálacha Ceirde | 700 | Aoine, 28 Aibreán |
Sochar Banchéile Thréigthe | 4,400 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Sochar Cumais Pháirtigh | 3,100 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Pinsean Easláine | 56,700 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Sochar Míthreorach | 13,800 | Aoine, 28 Aibreán |
Sochar Cúramóra | 3,500 | Déardaoin, 27 Aibreán |
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) | 1,100 | Aoine, 28 Aibreán |
Agus na sonraí íocaíochta á bhfógairt aici inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Táim sásta inniu sonraí íocaíochta a thabhairt le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200, a íocfar i gcaitheamh na seachtaine seo chugainn.
“Déanfar an íocaíocht chnapshuime seo le 1.3 milliún duine, ár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonair san áireamh.
“Tá áthas ar leith orm an íocaíocht seo a leathnú chuig teaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.
“Ag teacht sna sála ar an gcnapshuim €200 seo do na grúpaí is leochailí atá againn, beidh €100 in aghaidh an linbh sa bhreis i mí an Mheithimh ag dul do dhaoine a fhaigheann Sochar Linbh.
“Gheobhaidh tuismitheoirí a fhaigheann an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua €100 sa bhreis do gach leanbh an samhradh seo freisin.
“Léiríonn an pacáiste beart seo, chomh maith leis an €2.2 billiún de thacaíochtaí a fuarthas mar chuid de Bhuiséad 2023, ár dtiomantas leanúnach chun tacaíocht a thabhairt dár saoránaigh agus teaghlaigh agus iad aghaidh á thabhairt acu ar an mbrú leanúnach ó Chostais Mhaireachtála
I mí Feabhra, d'fhógair an Rialtas pacáiste costais mhaireachtála nua €1.2 billiún a thugann tús áit do thacaíocht do na daoine is leochailí. Tá an íocaíocht chnapshuime €200 seo mar chuid de na bearta Coimirce Sóisialaí ar fiú €410 milliún iad, lena n-áirítear freisin an méid seo a leanas:
Déanfar íocaíocht chnapshuime €200 i mí Aibreáin le daoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha á bhfáil acu.
Íocfar í seo le príomhfhaighteoirí na n-íocaíochtaí a fhaigheann Bónas na Nollag. Íocfar í freisin le daoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht agus nach bhfuil an chnapshuim ar a bpríomhíocaíocht faighte acu. Gheobhaidh daoine aonair incháilithe íocaíocht chnapshuime amháin, is cuma cé mhéad íocaíocht leasa shóisialaigh cáilithe atá á bhfáil acu.