Feabhas le teacht ar bhainistiú ithreacha talmhaíochta agus ar úsáid leasachán mar thoradh ar staidéar nua
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eiseofar na torthaí atá ar an tionscadal cúig bliana um Ithir Terra a sheol Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus Teagasc ag comhdháil deiridh an tionscadail Dé hAoine an 12 Aibreán 2024, ar torthaí iad a chuimseoidh sonraí nua ithreach, léarscáileanna nua agus fionnachtana nua taighde.
Rinneadh breis agus 10,000 ithirshampla a anailísiú agus a imscrúdú chun cabhrú le tuiscint níos fearr a ghnóthú ar iompraíocht fosfair ithreach agus ar airíonna ithreach ar fud na leithe thuaidh den tír. Léirítear sna léarscáileanna agus sna haschuir nua ón taighde gur ann d’éagsúlacht ó thaobh paraiméadair cheimiceacha ithreach agus paraiméadair fhisiciúla ithreach araon ar fud réigiúin dhifriúla. A bhuí le faisnéis faoi phatrúin maidir le sláinte ithreach, go háirithe iompraíocht fosfair a idirshuíodh bunaithe ar anailís cheimiceach, cuirfear bonn eolais níos fearr faoi bhainistiú fosfair. Ina theannta sin, rinneadh micreachothaithigh agus macrachothaithigh amhail cailciam (Ca), copar (Cu), potaisiam (K), maignéisiam (Mg), mangainéis (Mn) agus sinc (Zn) a chinneadh agus a léarscáiliú i gcomhar innéacsanna tiúchana agus ithreach.
Trí úsáid nuálach a bhaint as speictreascópacht infridhearg, bhíothas in ann teacht ar mhodh tuarthach nua le haghaidh na nithe seo a leanas a chinneadh maidir le hithir: an méid cáithnín (an céatadán de ghaineamh, de shiolta agus de chré); an aicme uigeachta; an pH; an riachtanas aoil; an t-ábhar orgánach; an méid iomlán carbóin; an méid iomlán nítrigine; an méid iomlán carbóin orgánaigh; agus an cumas malartaithe caitian. Tá speictreascópacht infridhearg ina bealach cost-éifeachtúil tapa chun airíonna éagsúla ithreach a anailísiú ag an aon am amháin. Thaispeáin an tionscadal um Ithir Terra conas is féidir linn roinnt tacar sonraí a chur i bhfeidhm chun samhlacha féideartha measúnú riosca a fhorbairt i leith balcadh agus láisteadh ithreach.
Tá súil ag an bhfoireann tionscadail ó Chlár Tellus de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus ag Teagasc go gcabhróidh an fhaisnéis nua seo le feirmeoirí barrfheabhsú a dhéanamh ar an dóigh a mbainistíonn siad a n-ithreacha agus feabhas a chur ar shláinte ithreach, bunaithe ar phatrúin spáis a bhaineann le huigeacht, fosfar, carbón agus cothaithigh eile. An tráth céanna, úsáidfidh eolaithe an fhaisnéis nua chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar ithreacha Éireannacha agus chun tacú le freagairt na hÉireann don dlí atá le teacht ón Aontas Eorpach maidir le faireachán ar ithir agus maidir le hathléimneacht ithreach.
Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Bhí an tionscadal um Ithir Terra ina chomhthionscadal rathúil idir Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus Teagasc, áit ar tógadh sonraí casta eolaíocha agus ar cuireadh na torthaí i bhfeidhm chun táscairí agranamaíocha inúsáidte a tháirgeadh. Is táscairí iad sin a mbeidh tairbhe phraiticiúil ag baint leo don fheirmeoir. Is sampla iontach é seo de dhá chomhlacht stáit a bheith ag comhroinnt scileanna, sonraí agus faisnéise le chéile agus a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun cur leis an tuiscint atá againn ar ithir, rud a bhfuil ríthábhacht ag baint leis, ní amháin d’fheirmeoirí ach dúinn go léir in Éirinn."
Dúirt John Spink, Ceann ar Chlár Theagasc um Barra, um an gComhshaol agus um Úsáid Talún:
"A bhuí leis an gcomhthionscadal seo, cuireadh leis an gcumas atá againn ithirshamplaí a anailísiú go tapa agus an fhaisnéis a úsáid chun athróga éagsúla ithreach a thuar agus a léarscáiliú chun cabhrú le léirshamhlú a dhéanamh ar phatrúin maidir le huigeacht ithreach agus maidir le hiompraíocht cothaitheach ithreach ar mhaithe le bonn eolais níos fearr a chur faoin dóigh a mbainistímid ithreacha. Tar éis an chomhthionscadail rathúil seo, táimid ag tnúth go mór le hobair i gcomhar lenár gcomhghleacaithe i Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann arís amach anseo."
Tionólfar comhdháil deiridh an tionscadail um Ithir Terra ag Ionad Taighde Bhaile an Ásaigh Dé hAoine an 12 Aibreán 2024. Eiseofar tuarascálacha nua sonraí agus breis agus 30 léarscáil nua ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
Cuirfear na sonraí agus na léarscáileanna uile ar fáil do chách. Déanfar díospóireacht ar an gcéad chéim eile agus ar shuirbhéanna don chuid eile d’Éirinn freisin. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag tellus@gsi.ie
CRÍOCH
Tá an tionscadal um Ithir Terra ina chomhthionscadal idir Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg líne den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, agus Teagasc, údarás forbartha talmhaíochta agus bia na hÉireann.
Díorthaíodh na sonraí ó ithirshamplaí a bailíodh mar chuid de chlár Tellus, atá faoi bhainistiú ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Tá na sonraí ar fáil saor in aisce don phobal agus is féidir iad a rochtain ag www.gsi.ie/tellus.
Is féidir le haon duine atá ag iarraidh tuilleadh faisnéise a fháil faoin tionscadal um Ithir Terra teagmháil a dhéanamh le tellus@gsi.ie