Fógraíonn an tAire O'Gorman gníomh arna dhéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim i Moria
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD gníomh arna dhéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim i gcampa dídeanaithe Moria i Lesbos.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire:
“An tseachtain seo caite, chonaiceamar tine ag scriosadh codanna móra de champa imirceach Moria i Lesbos. Tá na cúinsí a bhí deacair cheana féin i ndiaidh éirí i bhfad níos measa.
"Le cúpla lá anuas, bhí mé ag plé go gníomhach le Tusla, leis an Roinn Dlí agus Cirt, agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha d’fhonn aistriú leanaí neamhthionlactha ó champaí Gréagacha a bhrostú.
“D'iarr mé mar sin go ndéanfaí socruithe le Tusla chun dlús a chur le teacht 4 leanbh neamhthionlactha sna seachtainí amach romhainn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le comhghleacaithe Tusla a thug freagra tapa ar an iarratas seo chun na daoine óga seo a thabhairt chun sábháilteachta.
“Chomh maith leis seo, tá m’oifigigh agus mé ag obair le Tusla chun acmhainní breise a aithint, i gcomhthéacs Bhuiséad 2021, chun ár ngealltanais maidir le haistriú leanaí neamhthionlactha sa Ghréig go hÉirinn a chomhlíonadh chomh tapa agus is féidir.
“Tá a fhios agam go bhfuil Éireannaigh ag iarraidh cuidiú leis na leanaí seo, agus admhaím go bhfuil níos mó le déanamh ag Éirinn maidir leis seo. Leanfaidh mé ag obair le comhghleacaithe ar fud an Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit chun ár dtiomantas a chomhlíonadh."
CRÍOCH