Fógraíonn an tAire McConalogue leithdháileadh maoinithe le haghaidh Scéimeanna Tacaíochta Teicniúla Eachaí & Pórúcháin Eachaí 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu leithdháileadh de níos mó ná €850,000 d’iarrthóirí rathúla faoin Scéim Tacaíochta Teicniúla agus Pórúcháin Eachaí 2024.
Tagann an leithdháileadh sin tar éis próiseas iarratais iomaíoch. Is é is aidhm don scéim tacaíocht airgeadais a sholáthar chun cabhrú le feabhas a chur ar phórú eachaí ar ardchaighdeán trí ghéinitic a bharrfheabhsú, trí bhailiú sonraí, trí thaighde a éascú agus trí thacú le bonneagar in earnáil na gcapall neamhfholaíochta. Tacaíonn an scéim freisin le tionscnaimh a bhaineann le pórú, cur chun cinn agus margaíocht chun leabhair ghraí a fhorbairt. Faoin scéim, tá trí cheannteideal cláir ann: Clár Ginearálta; Clár Oiliúna/Oideachais; agus Clár um Thaighde ar Ghalair Eachaí.
Dúirt an tAire
“Déanann tionscal na gcapall spóirt rannchuidiú suntasach in earnáil na talmhaíochta agus tá cáil gan sárú orainn capaill den chéad scoth a tháirgeadh don mhargadh baile agus lena n-onnmhairiú araon. Tá an-áthas orm na hiarratasóirí rathúla le haghaidh maoinithe faoin Scéim do 2024 a fhógairt. Soláthraítear an maoiniú lena chinntiú go bhfanann ár dtionscal capall spóirt ar fhíorbharr na gcaighdeán idirnáisiúnta. Léiríonn an tiomantas agus an tacaíocht leanúnach sin don earnáil eachaí i réimsí na leabhar graí agus an phórúcháin, an oideachais agus an taighde mo thiomantas d’fhorbairt leanúnach na hearnála eachaí.”
Formheasadh níos mó ná €850,000 i mbliana chun 38 dtionscadal a chur i gcrích. Tá 9 n-eagraíocht san iomlán ag baint tairbhe as an scéim. Ar na hiarratais a fuarthas bhí cruthú próifílí géinitíopaí, tástáil tuismíochta, cigireachtaí d’fhonn aicmiú i bpórleabhair a dhéanamh, oibríochtaí na gcumann póir, gníomhaíochtaí oideachais agus taighde ar ghalair eachaí.
Dúirt an tAire freisin
“Is eol dom faoi na tionscadail luachmhara atá maoinithe le blianta beaga anuas agus faoi na tairbhí a bhain an earnáil eachaí astu. Táim ag tnúth le cur i gcrích na dtionscadal a fuair maoiniú faoi scéim 2024.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha gach cláir, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag ‘Scéimeanna Tacaíochta Eachaí’.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin scéim, déan teagmháil leis an Rannán Póraithe, Táirgthe agus Trádála Beostoic, an Cabhán
• Fón: 049 4368242
• ríomhphost: ets@agriculture.gov.ie